An ndéanfar aon troid mhór ar son na Gaeltachta feasta?

Cé mar a d’éirigh le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus céard a theastaíonn a dhéanamh sa nGaeltacht anois? Cuirfear an cheist sin ar chlár nua ar TG4 anocht.

IMG_0407

Taispeánfar anocht, 30 Nollaig, ag 9 p.m. clár faisnéise ar TG4 dar teideal An Mar a Chéile Muid?.

Is éard atá ann cur síos ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sa mbliain 1969, na haidhmeanna a bhí againn, an méid acu a cuireadh i gcrích agus, thar rud ar bith eile, an chuid acu atá le baint amach fós.

Seán Ó Cualáin a rinne an clár. Ní fhéadfá fear níos fearr a fháil. Fear óg é a bhfuil intinn an-neamhspleách aige agus atá sásta an rud atá sé a cheapadh a rá, taitníodh sé leis an té atá ag éisteacht nó ná taitníodh.

Tá sé féin agus a bhean Déirdre ag tógáil clainne i gCill Chiaráin. Tuigeann siad go rímhaith na deacrachtaí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tuigeann siad freisin go mbeidh sé beagnach dodhéanta slí bheatha a fháil dóibh sa taobh seo tíre nuair a bheas siad réidh lena gcuid scolaíochta.

Ach ansin aríst rinne sé féin agus a dheartháir Éamon é, léiritheoir spéisiúil eile.

Is beag an ceapadh a bhí againne  i 1969 go dtiocfadh an lá a mbeadh beirt deartháir óga ag soláthar cláracha faisnéise teilifíse den scoth as seanscoil Loch Con Aortha le cur ar fud an domhain.

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, mar a déarfadh Grianna Rann na Feirste, ba é Seán Ó Cualáin an fear ceart le bheith i mbun an chláir seo a fheicfear san oíche anocht – fear óg neamhspleách ag breathnú amach as an gceantar tearcfhorbartha seo a bhfuil mé féin agus é féin inár gcónaí ann.

Is é an comóradh a rinneadh i gCois Fharraige i mbliana ar Oireachtas 1974 a spreag Seán chun oibre. Donncha Ó hÉallaithe is mó a chuir chun cinn é sin – duine eile de na seanlaochra a sheas go dílis linn nuair a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ina sea.

Mar chuid den chomóradh bhí seimineár i seanscoil Shailearna – an áit chéanna ar bunaíodh an Ghluaiseacht go hoifigiúil i ’69 (“Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta,” a dúirt bean as Ros a’Mhíl. Sílim go raibh sí faoi gheasa ag Fianna Fáil an bhean bhocht, mar a bhí formhór mhuintir Chonamara ag an am).

Labhair an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, mé féin agus Máire Ní Fhéinneadha ag an seimineár. Ba í Gormfhlaith Ní Thuairisg, de shliocht na gCearta Sibhialta, a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

Bhí os cionn leathchéad duine i láthair maidin Shathairn. Thosaigh díospóireacht bhríomhar tar éis na n-óráidí oifigiúla.

Bhí Seán Ó Cualáin i láthair ag éisteacht le chuile fhocal agus ag taifeadadh.

Is éard a chuir Seán roimhe ansin ná léargas a thabhairt don ghlúin atá suas inniu ar na haidhmeanna a bhí againne fadó, iad a chur os comhair óige an lae inniu agus fiafraí díobhsean cé mar a d’éirigh linn agus céard a theastaíonn a dhéanamh sa nGaeltacht anois?

Thug sé muide, an seandream, le chéile i gCasla lá  amháin agus chuir sé ag caint muid. ‘Dad’s Army’ a bhaist dailtín orainn a bhíodh ag breathnú rómhinic ar an gclár teilifíse Sasanach  fadó.

Ba chosúil le ceann de na cruinnithe é a bhíodh againn sna seachtóídí ach nach raibh muid baileach chomh dathúil, má bhí cuid againn dathúil ariamh.

Lá eile thug Seán Ó Cualáin na daoine óga le chéile agus chuir sé ag caint iadsan.

Beidh suim mhór ag an lucht féachana san oíche anocht sa méid a bhí le rá acu.

Sílim féin go dtáinig dhá ábhar mhóra as an díospóireacht ar fad — go dteastaíonn Údarás láidir Gaeltachta fós a mbeadh cumhacht agus airgead aige agus gur réabhlóid amach is amach a shlánós an Ghaeilge sa nGaeltacht anois.

An ndéanfar aon troid mhór ar an dá cheist sin sa nGaeltacht feasta?

Bheadh amhras ar dhuine.

Nuair a shocraigh Fine Gael ceart vótála a bhaint de phobal na Gaeltachta lena gcuid  ionadaithe a thoghadh ar Údaras na Gaeltachta agus nuair a cheap siad comhaltaí Fhine Gael ina n-áit gan scáth gan náire, ní raibh gíog ná míog as aon duine, nó is beag a bhí!

Maidir le labhairt na Gaeilge, tá tuismitheoirí na Gaeltachta ag tógáil a gclanna le Béarla as éadan agus tá múinteoirí na Gaeltachta ag Béarlóireacht go breá eatarthu féin chuile lá den tseachtain.

Cá bhfios, mar sin féin, nach dtiocfadh aithinne dóchais as an gclár teilifíse seo anocht?

Fág freagra ar 'An ndéanfar aon troid mhór ar son na Gaeltachta feasta?'

  • Concubhar Ó Liatháín

    Ar mhiste le h-éinne a mhíniú cad é a bhí ar chúl an aidhm – “Iosrael in iar Chonnacht’?
    Agus mar bharr ar sin, cad é an áit a chonaic lucht Ghluaiseacht Chearta Shibhíalta na Gaeltachta do phobail sna Gaeltachtaí eile i gcúigí eile sa ‘Ghaeltacht’ a raibh ar inchinn acu?
    Chonac an clár agus cé go raibh sé éifeachtach mar shaothar, ba mhó an ísliú meanman agus misnigh a thug sé dom ná bheith ag léamh an ailt is déanaí de chuid Kevin Myers – bhí an teachtaireacht chomh duairc sin.
    Bíodh is nach bhfuil sé sásúil ná baol air, ní féidir bheith ag brath ar an Stát nó ar pholaiteoirí chun an Ghaeltacht a thabhairt slán. Pobal na Gaeltachta amháin a dhéanfaidh sin. Rinne Fianna Fáil – Airí le Gaeilge ó dhúchas agus Gaeilge líofa – scrios ar an nGaeltacht chomh maith céanna le hAirí FG. Déanfaidh Sinn Féin amhlaidh má thoghtar iad.

  • Teaimín Ó Cualáin

    Is fiú go mór bheith ag síorchaint ar ghluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta, murach í ní bheadh Raidió na nGaolta againn, TG Fore, Monarchain mhóra bhreátha a’ monarú mionnaí, na mílte ag feedáil brádáin bhreátha fholláine go líonfaid boilg bheaga is mhóra an domhain, riar eile a’ piocadh faochan is ag bolú na feamainne úire. Ná bactar le hollscoileanna feasta do mhuintir na Gaeltachta, tá an ceart ag an ÚÚÚÚÚÚÚdarÁÁÁThás – feamainn is bradáin sin a mbeidh ann don dream óg, is réabhlóidíthe móra na seachtóidí ag tarraingt a gcuid pinsean agus ag cuimilt a n-uimleacán! Up Scraitheachaí!