An Ghaeilge sa treis ar FIFA 2018 a bhuíochas de chéimí ceolmhar Gaeilge

‘Míol Mór Mara’ is teideal do cheann de na hamhráin atá le cloisteáil ar an leagan is déanaí den chluiche ríomhaireachta cáiliúil

An Ghaeilge sa treis ar FIFA 2018 a bhuíochas de chéimí ceolmhar Gaeilge

Tá an Ghaeilge sa treis in amhrán le cloisteáil ar fhuaimrian an chluiche ríomhaireachta cáiliúil FIFA 2018. ‘Míol Mór Mara’ is teideal don amhrán atá i gceist, an chéad amhrán ón gceoltóir Outsider as Tiobraid Árann. Tá an t-amhrán a bhfuil teideal agus curfá Gaeilge aige le cloisteáil in éineacht le leithéidí Lorde, The National, agus alt-J ar fhuaimrian an chluiche ríomhaireachta sacair ar díoladh os cionn 15 milliún cóip den leagan deireanach de.

Tá Outsider, Seán Corcoran as an Aonach i dTuaisceart Thiobraid Árann, díreach tar éis conradh nua a shíniú le Warner Music. Is é ‘Míol Mór Mara’ an chéad amhrán a bhfuil teideal i nGaeilge air a chualathas i réimse na mórchluichí ríomhaireachta.

Amhrán é faoi pháiste a bhfuil Siondróm Down air agus a bhfuil aithne phearsanta ag Corcoran féin air. Dúirt sé leis an nuachtán  The Nenagh Guardian go raibh “tionchar an-mhór” ag an bpáiste air tráth a raibh a chroí briste.

“Ba mhór an inspioráid é an gasúr agus tharraing sé amach as áit a bhí thar a bheith dorcha mé agus ní dhearna sé ach am a chaitheamh liom. Tá go leor tagairtí don Bhíobla ann, d’Ióna agus an Míol Mór, is siombail é sin don tumadh isteach san fharraige agus san áit anaithnid, agus turas mór spioradálta,” a dúirt sé.

Tá céim sa Ghaeilge ag Corcoran ó Choláiste Naomh Muire gan Smál i Luimneach agus labhraíodh sé Gaeilge go minic lena sheanathair agus é óg.

D’oibrigh sé féin agus cara leis ón mbunscoil, Owen Geaney, ar an leagan den amhrán atá le cloisteáil ar fhuaimrian FIFA 2018.

Ba mhór an t-éacht é, ceol a léiriú, a mheascadh agus a mhúnlú idir an bheirt againn agus go mbeadh an ceol sin le cloisteáil san áit chéanna le ceol Lorde, Stormzy agus alt-J, gan ach beagán a lua,” a dúirt Corcoran.

Is é Outsider an t-aon cheoltóir Éireannach atá ar an bhfuaimrian nua agus deir sé gur “mór an onóir” dó “bratach na hÉireann” a chrochadh ar an seinnliosta. Chualathas a chuid ceoil cheana féin ar an gclár Netflix Shadowhunters.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge sa treis ar FIFA 2018 a bhuíochas de chéimí ceolmhar Gaeilge'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    Más buan mo chuimhne, bhí amhrán le Enya le cluinstin ag fíordheireadh an chéad chluiche Metal Gear Solid a foilsíodh ar an Playstation i bhfad siar. Bhí sé speisialta é a chluinstin!

  • Bairbre

    Treise leis! An bhfuil na liricí le fáil in aon áit?