Ag gearán nó ag clamhsán?

FRIOTAL: An rud atá neodrach sa Bhéarla, seans go bhfuil sé diúltach sa Ghaeilge, a deir ár gcolúnaí.

Antain14-0053
‘AN LEON, AN BANDRAOI AGUS AN PRIOS ÉADAIGH’ , an saothar is déanaí a d’aistrigh ár gcolúnaí. B’fhearr leis féin an leagan ‘cóipeanna bolscaireachta’ seachas ‘cóipeanna promóisin’ .

Foilsitheoirí ar mian leo a gcuid foilseachán a phoibliú, is gnách leo ‘promotional copies’ a bhronnadh ar iriseoirí, le súil go ndéanfar léirmheas orthu nó go scríobhfar alt ina dtaobh. Tharla go raibh duine i dteagmháil liom le gairid ag iarraidh a fháil amach cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéid. ‘Cóipeanna bolscaireachta,’ arsa mise, as maoil mo chonláin. Níor thaitin an freagra le mo dhuine, nó mheas sé gurb é an chiall atá leis ná ‘propaganda copies’. Ba é an deireadh a bhí air gur ghlac sé le treoir www.focal.ie agus bhaist ‘cóipeanna promóisin’ orthu.

Anois, níl mise ar an dream a bhíonn ag doicheall roimh fhocail iasachta, ach déanaim amach nach bhfuair ‘bolscaireacht’ a cheart anseo. Nuair a chluintear ‘propaganda’ músclaítear cuimhní ar an Tiarna Haw-Haw, ar Goebbels agus ar ‘Pravda.’

An iad na cuimhní céanna a mhúsclaítear in aigne duine ar chluinstin ‘bolscaireacht’ dó? Is deacair a rá nó bíonn a dtuiscintí féin ag daoine ar fhocail.

De réir mo thuisceana féin, níl ‘bolscaireacht’ na Gaeilge ina fhocal diúltach amhail ‘propaganda’ an Bhéarla. Is é bunchiall an fhocail ‘bolscaire’ ná duine a fhógraíonn scéala éigin. Uaidh sin a tháinig an ‘bolscaire baile’ (town crier) agus an ‘bolscaire reaca’ (‘person crying wares for sale’).

Dar liomsa, mar sin, go bhfuil ‘cóipeanna bolscaireachta’ díreach ceart. An rud a bhfuil blas diúltach air i dteanga amháin, féadann sé a bheith neodrach i dteanga eile nó, ar a laghad ar bith, gan a bheith díreach chomh diúltach céanna.

Smaoinigh ar an fhocal scáfar Orwellach ‘indoctrination’ agus ar a leathbhreac neamhurchóideach Gaeilge: ‘síolteagasc.’

Tá ‘Seó Bóthair’ (‘Road Show’) ag Conradh na Gaeilge a thugann camchuairt na gColáistí Samhraidh. In ainneoin ‘travelling show’ a bheith luaite leis sna foclóirí, fuair mise blas aisteach ar an nath céanna. ‘Holy show’ an chiall is túisce a ritheann liomsa. Déarfainn nach bhfuil an Conradh dall ar an débhríocht, agus gur ag spraoi leis an teanga a bhí siad nuair a cheap siad an t-ainm.

Is gné chaolchúiseach é seo den chaidreamh idir an Ghaeilge agus an Béarla agus cén t-ionadh má bhaineann sé tuisle as scríbhneoirí thall is abhus. A leithéid seo:

“Ba chóir duit seasamh le do chearta trí chlamhsán a dhéanamh leis an húdaráis…”

De réir mar a thuigimse an scéal, is lochtú míréasúnta, cantalach a dhéanfadh an clamhsánaí. Gach seans go bhfuil údar maith ag an ghearánaí a bheith míshásta.

Ach níl mé lánchinnte cé acu ag gearán nó ag clamhsán atá mé.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ag gearán nó ag clamhsán?'

  • Bríd

    Bheadh mo vóta ag ‘cóipeanna bolscaireachta’ nó ‘cóipeanna poiblíochta,’ ach is dócha gur minic a dhéanfadh ‘cóipeanna léirmheasa’ cúis.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    An focal Béarla é ‘propaganda’?

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    ‘Bolscaire’ a thugtaí in RTÉ ar an duine a chuirfeadh clár i láthair, go mórmhór i measc lucht raidió, sular tháinig an focal ‘láithreoir’ chun cinn. Thugtaí ‘announcer’ ar an duine sin i mBéarla tráth den saol.