Achoimre ar scéal na Gaeilge i nDaonáireamh 2016

Léiríonn an anailís atá againn ar na figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016 go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl mórán chuile áit sa tír agus gur géarchéim mar a tuairisc an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht

Achoimre ar scéal na Gaeilge i nDaonáireamh 2016

Tearc go maith a bhí na dea-scéalta i leith na Gaeilge sna figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh an tseachtain seo caite.

B’eol dúinn, ó na figiúirí a cuireadh ar fáil i mí Aibreáin, go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

Le linn na tréimhse idir 2011-2016, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.

Sa Ghaeltacht bhí glanlaghdú de 2,589 duine i gceist sa tréimhse chéanna agus laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó.

Ba é contae Phort Láirge (+6.6%) an t-aon chontae ina raibh méadú i gceist.

Léirigh na figiúirí is déanaí go bhfuil an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht, a bhfuil na saineolaithe ag trácht uirthi le fada, faoi lán seoil sna ceantair láidre Gaeltachta agus sna ceantair laga  araon.

Tá cúlú mór déanta ag an nGaeilge i bhformhór mór na gceantar is láidre Gaeltachta, go háirithe i gcuid de na ceantair is láidre i nDún na nGall agus i gCorca Dhuibhne.

Tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach ceantar láidir Gaeltachta sa tír, seachas Garmna ((Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), An Turlach (Ros Muc) agus Dún Chaoin i gCiarraí, mar a raibh méadú beag 3% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

Cé go raibh cúlú suntasach i gceist i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gConamara, ba i gCiarraí agus i nDún na nGall ba mhó a bhí guagacht le feiceáil sna figiúirí a bhaineann leis na ceantair is láidre.

Díol suntais ab ea an titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge i dtrí cinn de na ceantair Ghaeltachta is láidre i gCorca Dhuibhne – toghroinn Chill Chuáin, toghroinn Chill Mhaoilchéadair agus toghroinn Mhárthain.

Ba i gCill Chuáin (Paróiste Mórdhach) a tháinig an laghdú is mó ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge as measc na gceantar Gaeltachta is láidre sa tír ar fad. Laghdú 20% a bhí i gceist sa cheantar láidir Gaeltachta seo.

Bheadh dhá thoghroinn eile i gCorca Dhuibhne, Cill Mhaoilchéadair agus Márthain  áirithe anois mar cheantair ‘Catagóir B’ seachas ‘Catagóir A’, mar a bhídís, dá gcuirfí i bhfeidhm ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 an tslat tomhais chéanna a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a tháinig amach in 2007.

Tá a bhfuil ag tarlú ó thaobh labhairt na Gaeilge i Rinn Ó gCuanach difriúil óna bhfuil ag tarlú i bhformhór mór na gceantar Gaeltachta eile agus ardú 16.3% tagtha idir 2011-2016 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i bpríomhcheantar Gaeltachta Phort Láirge.

Tháinig laghdú mór, áfach, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga lasmuigh de na trí chontae Gaeltachta is láidre (agus Uíbh Rathach), ina measc Cúil Aodha i gCorcaigh agus Ceathrú Thaidhg i Maigh Eo.

Le linn na tréimhse céanna (2011-2016), tháinig méadú 5.1% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i mBaile Átha Cliath idir 2011-2016.

De réir anailís Tuairisc.ie, ba e Ráth an Dúin an dáilcheantar is láidre i mBaile Átha Cliath ó thaobh céatadán na gcainteoirí Gaeilge laethúla. Thug 1.88% de mhuintir Ráth an Dúin le fios in Aibreán 2016 gur cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad.

D’fhág sin Ráth an Dúin chun tosaigh ar cheantar eile i ndeisceart na hardchathrach, BÁC Thiar Meán (1.59%), a bhí sa dara háit ar liosta Tuairisc.ie. Ba i Ráth an Dúin chomh maith a bhí an toghlimistéar is láidre ó thaobh chéatadán na gcainteoirí laethúla de – Dún Droma (2%).

Cé go raibh ardú 5.1% i gceist i mBaile Átha Cliath, ní léir ag an bpointe seo go bhfuil aon toghlimistéar san ardchathair go bhféadfaí a rá faoi go bhfuil dlús eisceachtúil faoin bpobal Gaeilge ann.

Ábhar machnaimh an méid sin do lucht polasaí, ach is é droch-scéal na Gaeltachta an scéal is suntasaí sna figiúirí daonáirimh seo.

Den chéad uair tá léargas oifigiúil ar fáil ar staid na teanga sa 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht chomh maith.

De réir anailís Tuairisc.ie ar na figiúirí sin is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach limistéar pleanála teanga seachas sé cinn – Toraigh (74.6%), Ceantar na nOileán i gConamara (71.6%), An Cheathrú Rua (65.1%), Oileáin Árann (57.4%), Conamara Láir (56.1%) agus Gaoth Dobhair (50.8%).

48.2% de phobal limistéar pleanála teanga Chois Fharraige atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais de réir Dhaonáireamh 2016, ach is sa cheantar sin is líonmhaire atá cainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Cainteoirí laethúla ab ea 3,104 den 6,439 duine os cionn trí bliana d’aois a bhí ag cur fúthu i gCois Fharraige in 2016.

Léirigh anailís Tuairisc.ie chomh maith go bhfuil níos lú ná 10% den daonra, atá os cionn trí bliana d’aois, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i naoi gceantar pleanála teanga.

Is cinnte go n-ardaíonn na figiúirí sin ceisteanna bunúsacha faoi leagan amach an chórais pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ba é contae na Gaillimhe an contae is Gaelaí sa Stát agus is sa chontae sin, ag fágáil Ghaeltacht na Gaillimhe as an áireamh, atá an céatadán is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, 1.85%.

Contae Gaeltachta eile, Dún na nGall (1.54%) a bhí sa dara háit ar liosta Tuairisc.ie maidir le céatadán na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, agus Gaeltacht an chontae fágtha as an áireamh.

Ba é Baile Átha Cliath an contae is láidre ó thaobh na teanga nach contae Gaeltachta é.

1.32% de mhuintir Bhaile Átha Cliath a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in Aibreán 2016, agus, ar ndóigh, ba sa chontae sin ba líonmhaire at bhí na cainteoirí laethúla –  17,093 duine.

Níl raibh ach oiread na fríde idir Baile Átha Cliath agus Contae an Chláir (1.31%) a bhí sa cheathrú háit ar an liosta agus Cill Dara (1.30%) a bhí sa chúigiú háit.

Bhí Baile Átha Cliath íseal go maith ar an liosta fad is a bhaineann sé le cainteoirí seachtainiúla lasmuigh den chóras oideachais de agus é sa 21ú háit.