Cainteoirí laethúla ina mionlach i 20 den 26 ceantar pleanála teanga sa Ghaeltacht – figiúirí nua daonáirimh

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua daonáirimh faoi staid na Gaeilge atá curtha ar fáil inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Cainteoirí laethúla ina mionlach i 20 den 26 ceantar pleanála teanga sa Ghaeltacht – figiúirí nua daonáirimh

Tá léargas oifigiúil ar fáil den chéad uair ar staid na teanga sa 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Cuireadh an t-eolas nua seo ar fáil sna figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016, a d’fhoilsigh an CSO inniu.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí sin (féach na táblaí thíos), is mionlach iad na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach limistéar pleanála teanga seachas sé cinn – Toraigh (74.6%), Ceantar na nOileán i gConamara (71.6%), An Cheathrú Rua (65.1%), Oileáin Árann (57.4%), Conamara Láir (56.1%) agus Gaoth Dobhair (50.8%). Tá limistéar pleanála Chois Fharraige i gConamara sna sála ar na limistéir is láidre eile, ach tá níos lú ná leath an phobail atá os cionn trí bliana d’aois ann ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

48.2% de phobal limistéar pleanála teanga Chois Fharraige atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais de réir Dhaonáireamh 2016, ach is sa cheantar sin is líonmhaire atá cainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Cainteoirí laethúla ab ea 3,104 den 6,439 duine os cionn trí bliana d’aois a bhí ag cur fúthu i gCois Fharraige in 2016. Is é Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth. Dobhair an dara ceantar is mó ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla.

Léiríonn anailís Tuairisc.ie chomh maith go bhfuil níos lú ná 10% den daonra, atá os cionn trí bliana d’aois, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i naoi gceantar pleanála teanga.

Tá ceithre cinn de na ceantair pleanála sin i gContae na Gaillimhe: An tEachréidh (2.9%); Oirthear Chathair na Gaillimhe (2.9%); Bearna agus Cnoc na Cathrach (5.9%); agus Maigh Cuilinn (6.9%).

Tá dhá cheann de na ceantair pleanála teanga is laige i dTír Chonaill: Na Rosa  -An Clochán Liath agus Ailt an Chorráin (5.2%) – agus Tuaisceart Dhún na nGall (9%). Is i Maigh Eo atá dhá cheann eile de na ceantair laga – Maigh Eo Thiar (8.6%) agus Maigh Eo Thuaidh (8.1%) – agus is é Ciarraí Theas (9%) an ceantar eile ina bhfuil níos lú ná an deichiú cuid den phobal ina gcainteoirí laethúla.

Tá trí limistéar pleanála teanga eile sa Ghaeltacht ina bhfuil níos lú ná an ceathrú cuid den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais – An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall (21.8%), Múscraí i gCorcaigh (23.1%) agus Cléire (24.8%).

Is é Toraigh, amach ó chósta Dhún na nGall, an ceantar pleanála teanga is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge sa tír agus 74.6% de na daoine os cionn trí bliana d’aois atá ag cur fúthu ar an oileán Gaeltachta ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Ní gá gurb ionann sin agus a rá gurb é Toraigh an ceantar Gaeltachta is láidre sa tír mar i gcásanna áirithe tá ceantair láidre agus ceantair laga Ghaeltachta curtha le chéile mar limistéir phleanála teanga.

Is iad na ceantair pleanála teanga is laige ar fad ó thaobh labhairt na Gaeilge de ná an tEachréidh agus Oirthear Chathair na Gaillimhe (2.9% sa dá chás).

Is in Acht na Gaeltachta (2012) a leagadh an cúram ar Údarás na Gaeltachta an córas pleanála teanga a stiúradh.

Faoin gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm, roghnaíonn Údarás na Gaeltachta eagraíocht chun plean teanga a ullmhú do gach limistéar pleanála teanga.

Nuair atá na pleananna sin aontaithe leis an Údarás, cuirtear faoi bhráid na Roinne Gaeltachta iad chun go ndéanfadh an tAire iad a fhaomhadh.

Foilseofar tuilleadh anailíse faoi staid labhairt na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ar Tuairisc.ie go luath.

– Leasaíodh an t-alt seo toisc nach raibh LPT amháin, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, áirithe sa chéad leagan den scéal i measc na gceantar ina bhfuil tromlach na ndaoine ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais


Gaillimh & Maigh Eo

Dún na nGall


Dún na nGall

Dún na nGall


Ciarraí


Corcaigh


An Mhí


Port Láirge

– Táblaí le Tuairisc.ie bunaithe ar fhigiúirí an CSO 

Fág freagra ar 'Cainteoirí laethúla ina mionlach i 20 den 26 ceantar pleanála teanga sa Ghaeltacht – figiúirí nua daonáirimh'

  • Mánus

    Tá “An Ghaeltacht” mar coincheap go hiomlán as dáta agus tá an Ghaeltacht Oifigiúil ag sú áiseanna, fuinnimh agus airgid ón na ceantracha Catagóir A.
    Na gréasáin Gaeilgeoirí i gceantracha Catagóir A a láidriú agus a chothú an rud is práinní. Cén bunús atá taobh thiar den phleanáil teanga a mhaoiniú i mBaile Chláir na Gaillimhe agus sráidbhaile Bhéil an Mhuirthéid. Béarla ar fad atá sna ceantracha sin.

  • Concubhar

    Is beag dea scéal ar féidir a bhaint as na torthaí seo ón ndaonáireamh. Tá ceist agam áfach: cén fath go bhfuil an oiread san béime á leagadh ar líon na gcainteoirí laethiúla TAOBH AMUIGH den chóras oideachais. Tá cuid mhór de scoileanna na Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga na scoile. D’fhéadfaí féachaint ar liosta na scoileanna atá ag iarraidh stadas ‘scoil Gaeltachta’ agus líon na ndaltaí/múinteoirí sna scoileanna sin a chuir le líonta na gcainteoirí laethiúla sna Gaeltachtaí sin. Is éagóir ar an fhirinne gan sin a dhéanamh. Cjnnte is éagóir ar na Gaeltachtaí é agus cuireann sé leis an dúshlán atá romhainn agus pleananna teanga le cur i bhfeidhm ar fud na nGaeltachtaí nó na gceantar pleanála teanga.

  • Mánus

    Níl aon deascéal. Tá rudaí go dona sna scoileanna “Gaeltachta”. Míníodh sa Staidéar Chuimsitheach ar an Ghaeltacht 2002 go bhfuil scoileanna na “Gaeltachta” ag cothú sóisialú tré Bhéarla i measc cainteoirí dúchais óga na “Gaeltachta”. Tuigeann An Roinn Oideachas go mbíonn go leor den teagaisc tré Bhéarla i scoileanna daracleibhéal “Gaeltachta”. Sin ceann des na cúiseann gur foillsíodh polasaí oideachas Gaeltachta cúpla bhliain ó shoin.

  • Concubhar

    Tá’s agam go bhfuil fadhbanna sna scoileanna Gaeltachta maidir le soisialú i mBéarla ach ní h-ionann an scéal i ngach scoil. Tá tréan iarracht á dhéanamh i scoileanna éagsúla agus Gaeilge ina teanga na scoile ann. Tá an claonadh ann an craiceann is measa a chur ar scéal nuair nach í leas na teanga ná an phobail amhlaidh a dhéanamh. Nár chuala tú riamh an sean fhocal: Mol an Óige agus tiocfaidh sí?

  • Seán Mag Leannáin

    Is léir go bhfuil athrú bunúsach faoi lán seoil sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas.
    B’fhéidir gurb í an cheist is tábhachtaí anois ná an mbeidh an Ghaeilge in ann maireachtáil amach anseo gan tobar na teanga sa Ghaeltacht? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar chun tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí i ré seo an idirlín agus an phictiúir bheo? B’fhéidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú ó bhonn agus an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfocal labhartha. Lena chois sin b’fhéidir go bhfuil caighdeánú de shaghas éicint ag teacht chun cinn sa teanga, fiú más é an simpliú atá i gceist san éabhlóid seo. Cén fáth nach rachadh an caighdeánú nó an nua-aoisiú seo chun tairbhe na teanga amach anseo? Mairimid faoí scáth an Bhéarla, taitníodh é sin linn nó ná taitníodh. Caithfimidne mar Ghaeilgeoirí áit agus meas a chothú don Ghaeilge i measc mhórphobal na tíre agus i gcomhthéacs shíorláithreacht an Bhéarla sa tír s’againne.
    Ar nós an té nach bhfuil láidir ní foláir don Ghaeilge agus do na Gaeilgeoirí bheith glic chun spás a chruthú agus a chosaint don teanga i saol poiblí na tíre. Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt dó curtha i gcré na cille leis ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua. Neosfaidh an aimsir.

  • Lillis

    Cá bhfuil na ceantair A?

  • Mánus

    Tá siad liostáilte sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach a d’fhoillsigh An ÚDarás cúpla bhliain ó shin.