DAONÁIREAMH 2016: Cad é an ceantar Gaeilge is láidre i mBaile Átha Cliath?

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí daonáirimh nua do dháilcheantair Átha Cliath le léargas a fháil ar staid na teanga san ardchathair

DAONÁIREAMH 2016: Cad é an ceantar Gaeilge is láidre i mBaile Átha Cliath?

Sam Boal/Rollingnews.ie

Is é dáilcheantar Ráth an Dúin, mar a bhfuil bruachbhailte amhail Dún Droma agus Baile an tSaoir, an ceantar is láidre ó thaobh na Gaeilge in Áth Cliath, de réir figiúirí nua daonáirimh a foilsíodh an tseachtain seo caite.


FÉACH LIOSTA NA nDÁILCHEANTAR SA TÁBLA THÍOS


De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí daonáirimh is déanaí, thug 1.88% de mhuintir Ráth an Dúin le fios in Aibreán 2016 gur cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad.

Fágann sin Ráth an Dúin chun tosaigh ar cheantar eile i ndeisceart na hardcathrach, BÁC Thiar Meán (1.59%), atá sa dara háit. Is i Ráth an Dúin chomh maith atá an toghlimistéar is láidre ó thaobh chéatadán na gcainteoirí laethúla de – Dún Droma (2 %).

Is i ndáilcheantar BÁC Thiar Meán atá leithéidí Chluain Dolcáin agus Leamhcáin.

Sa tríú háit ar an liosta, tá Dún Laoghaire (1.5%), mar a bhfuil an Charraig Dhubh, Deilginis agus cuid de Stigh Lorgan.

Is é Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh (1.5%), mar a bhfuil Baile Munna, Fionnghlas agus Droim Conrach, an ceantar i dtuaisceart na cathrach is airde ar an liosta maidir le céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Tá an dáilcheantar seo sa cheathrú háit ar an liosta agus is é Baile Munna (1.7%) an toghlimistéar is láidre ann.


DAONÁIRÉAMH 2016: Cad iad na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na Gaeilge?


Sa chúigú háit tá Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh (1.45%), mar a bhfuil toghlimistéar Chluain Tarbh (1.9%), an dara toghlimistéar is láidre ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Ba é Baile Átha Cliath Theas-Lár, mar a bhfuil Cromghlinn agus Baile Bhailcín, an ceantar is laige ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla agus ba é an t-aon dáilcheantar inar thug níos lú ná 1% den phobal le fios gur cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad.

Tháinig méadú 5.1% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in Áth Cliath idir 2011-2016.


Staid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath


Fág freagra ar 'DAONÁIREAMH 2016: Cad é an ceantar Gaeilge is láidre i mBaile Átha Cliath?'

  • Mánus

    Na mílte Gaeilgeoirí (laethúla agus seahtainiúla) scaipthe ar fud Bhleáthcliath agus gan fiú bóithrín nó cul de sac lánGhaelach sa gcathair. Bhíodh caint go minic i gClub Chonfadh na Gaeilge faoi eastát lánGaeilge a thógàil. Ach gníomh radacach a bheadh ansin is dó ha. Thar am go dtosódh fiontraithe óga nemhspleácha comharchumann tithíochta lánGhaelach.

  • pádraig

    A chairde,deacair a chreidiúnt go dtéann páistí na tíre ar scoileanna agus an Ghaelainn lárnach i gcuraclam na scoile agus seo iad na torthaí.Tá se in am ple le múinteoireacht na Teanga