‘Am na cinniúna é don tír’ – a feachtas uachtaránachta seolta ag Catherine Connolly 

I nGaeilge agus i mBéarla, a sheol Catherine Connolly, atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, a feachtas don toghchán uachtaránachta taobh amuigh de Theach Laighean tráthnóna

‘Am na cinniúna é don tír’ – a feachtas uachtaránachta seolta ag Catherine Connolly 

Deir an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly atá ag seasamh don uachtaránacht go bhfuil “am na cinniúna ann don tír”.

I nGaeilge agus i mBéarla a sheol Catherine Connolly, atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, a feachtas don toghchán uachtaránachta taobh amuigh de Theach Laighean tráthnóna.

Bhí a lucht tacaíochta ó na Daonlathaithe Sóisialta agus páirtithe eile ar an eite chlé lena taobh agus í ag insint do na meáin ar Shráid Chill Dara inniu go raibh an cinneadh déanta aici “ar deireadh” a hainm a chur chun cinn do thoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl san fhómhar.

Dúirt Connolly gur mór an “céasadh” é le cúpla mí anuas a bheith ag cíoradh na ceiste, cé acu an seasfadh nó nach seasfadh sí don suíochán is sinsearaí i dTithe an Oireachtais.

“Ba mhór an céasadh a bheith ag cur agus ag cúiteamh liom féin faoin gcinneadh le cúpla mí anuas ach rinne mé cinneadh agrdeireadh an tseachtain seo caite agus tá tocht orm le teann lúcháire faoin tacaíocht atá tugtha ag páirtithe i dTithe an Oireachtais dom – na Teachtaí Dála atá taobh liom inniu agus na Seanadóirí nach féidir leo a bheith liom,” a dúirt sí leis na hiriseoirí a bhí cruinnithe taobh amuigh de Dháil Éireann.

Dúirt Connolly, atá ina cathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge, go seasfaidh sí don uachtaránacht mar “shaoránach” seachas mar “pholaiteoir” agus go mbeidh sí ag brath ar “thacaíocht na ndaoine” le “tír níos fearr” a dhéanamh d’Éirinn.

“Is é seo am na cinniúna don tír. Tá mé ag seasamh le go mbeidh na daoine in ann a nguth a aimsiú. Tá ceisteanna móra ag dó na geirbe dúinn faoi láthair – an t-athrú aeráide, an tsíocháin, agus caithfear stop a chur le normalú na cogaíochta agus na heaspa dídine. Is fadhbanna iad sin atá cruthaithe ag an duine daonna agus iad á dtiomáint ag polasaithe,” a dúirt sí.

Dheimhnigh Connolly go bhfuil an fiche ainmniúchán ó bhaill Thithe an Oireachtais a theastaíonn uaithi lena hainm a chur ar an mballóid an fómhar seo faighte aici cheana féin agus cé go gcuirfeadh sí fáilte roimh thacaíocht ó Shinn Féin, “agus ó dhuine ar bith”, nach dteastóidh ainmniúcháin an pháirtí sin uaithi.

Dúirt sí go bhfuil sí sásta leis an tacaíocht atá faighte aici go dtí seo agus go dtuigeann sí nach gcaithfidh sí aontú le gach uile dhuine ar gach uile cheist ach go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine a bhfuil na “luachanna céanna” acu is atá aici ag tacú léi sna míonna atá amach romhainn.

Mhol sí an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn as an “obair mhór” atá déanta aige le ceithre bliana déag anuas ach dhiúltaigh sí don lipéad “iarrthóir leanúnachais” agus dúirt go raibh a “cuid luachanna féin agus [a] cuid tacaíochta féin” aici dá hiarracht ar an uachtaránacht.

“Níl comórtas ná comparáid i gceist idir mé féin agus an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn, agus ní chuirfinn síos orm féin mar ‘iarrthóir leanúnachais’ choíche. Tá mo chuid luachanna agus mo chuid tacaíochta féin agam,” a dúirt sí.

Nuair a fiafraíodh di faoin turas a thug sí ar an tSiria in 2018 in éineacht leis na Teachtaí Dála Mick Wallace, Clare Daly, agus Maureen O’Sullivan, dúirt sí gur óna póca féin a tháinig an maoiniú don turas sin agus gur “ar thóir fíricí” a bhí an grúpa as Éirinn.

Luaigh sí gur casadh go leor grúpaí éagsúla uirthi agus í sa tSiria – toscaireacht ó UNICEF agus bean rialta ina measc – ach d’áitigh sí nár chas sí le haon bhall de rialtas Bashar al-Assad, a ruaigeadh as an tír in 2024.

Ceistíodh Connolly freisin faoin tacaíocht a thug sí don iar-iriseoir Gemma O’Doherty nuair a sheas sí sin don uachtaránacht in aghaidh Mhichíl D Uí Uigínn sa toghchán deireanach in 2018 agus dúirt sí nach raibh aiféala uirthi gur thacaigh sí léi. Dúirt sí, áfach, go bhfuil athrú intinne uirthi i dtaobh Doherty sna blianta a lean an feachtas toghchánaíochta sin agus “nach dtacaíonn [sí] léi ar bhealach ar bith” sa lá atá inniu ann.

Thagair Connolly freisin le linn na preasócáide don Tuaisceart agus dúirt go raibh sí den tuairim go mbeidh Éire Aontaithe ann “go han-luath” agus go bhfuil an Tuaisceart “fíorthábhachtach”. Dúirt sí go raibh sí ag súil leis an lá a bheadh an tír athaontaithe.

Chas Connolly le ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a d’fhág sí ocht mbliana déag ó shin, inné le tacaíocht a lorg uathu don fheachtas atá roimpi. Níl an cinneadh déanta fós ag Ivana Bacik agus a comhghleacaithe ar an gceist ach táthar ag súil le freagra roimh dheireadh na míosa seo. D’fhéadfadh Páirtí an Lucht Oibre a n-iarrthóir féin a chur chun cinn.

Tá an t-iarChoimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness roghnaithe ag Fine Gael dá bhfeachtas siúd don uachtaránacht. Níor toghadh iarrthóir de chuid Fhine Gael ina uachtarán ar an tír riamh cheana.

Tá iarrachtaí ar bun ag Aontú ainmniúchán neamhspleách eile a chur chun cinn ach an tacaíocht a fháil ó fhiche ball de Thithe an Oireachtais agus deirtear go bhfuil Declan Ganley, fear gnó agus ia-cheannaire an pháirtí Libertas, ar thóir ainmniúcháin ó Theachtaí Dála agus Seanadóirí freisin.

Fág freagra ar '‘Am na cinniúna é don tír’ – a feachtas uachtaránachta seolta ag Catherine Connolly '

  • móru

    Ní ‘hiar-iriseoir’ í Gemma O’Doherty ach iriseoir go fóill. Tá sí ina heagarthóir ar pháipéar nuachta darb ainm ‘The Irish Light’, atá ar fáil i bhfoirm chlóite agus ar líne. Lena chois sin, bíonn sí le feiceáil ar a suíomh gréasáin trí huaire sa tseachtain, áit a mbíonn sí ag craoladh míreanna beo faoin nuacht reatha agus araile.

  • Seán Ó Buachalla

    Go n-éirí go geal léi. Ionadaí poiblí den chéad scoth is ea í.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is Uachtrán ar son na Beatha atá de dhíth ar Éire. Ní Lucht an Ghinmhillte.