Ticéid traenach aonteangacha Bhéarla Iarnród Éireann á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

I mí Eanáir 2024 a sheol Iarnród Éireann córas nua ticéad trínar féidir ticéad a cheannach ar líne ach ticéad atá go huile is go hiomlán i nGaeilge nó ticéad atá go huile is go hiomlán i mBéarla a eisítear – sárú ar an Acht Iompair 1950

Ticéid traenach aonteangacha Bhéarla Iarnród Éireann á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag fiosrú gearán in aghaidh Iarnród Éireann mar gheall ar thicéid traenach aonteangacha Bhéarla a bheith á n-eisiúint acu trí chóras nua ticéad a tugadh isteach an bhliain seo caite.

I mí Eanáir 2024 a sheol Iarnród Éireann córas nua ticéad trínar féidir ticéad a cheannach ar líne agus a íoslódáil ar fhón póca nó táibléad. Is féidir an ticéad digiteach a thaispeáint ar scáileán an fhóin d’oibrithe na seirbhísí traenach mar a bheadh ticéad páipéir ann.

Tá rogha ag an bpaisinéir an ticéad a cheannach trí Ghaeilge nó trí Bhéarla agus eisítear an ticéad sa teanga a úsáidtear lena cheannach. Fágann sé seo gur ticéad atá go huile is go hiomlán i nGaeilge nó ticéad atá go huile is go hiomlán i mBéarla a eisítear – sárú ar an Acht Iompair 1950.

Faoin reachtaíocht iompair, tá dualgas ar Iarnród Éireann ticéid a eisiúint i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Choimisinéara Teanga do Tuairisc go bhfuil an cheist seo á fiosrú ag an oifig faoi láthair agus go bhfuil gearáin faighte acu ó phaisinéirí de chuid Iarnród Éireann.

“Tá an dualgas atá ar Iarnród Éireann faoi Alt 57(2) den Acht Iompair, 1950 ticéid a eisiúint i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla á fhiosrú ag an Oifig seo leis an gcomhlacht poiblí faoi láthair. Is féidir leis an Oifig a dheimhniú go bhfuil gearáin faighte ag an Oifig ó bhaill den phobal ina leith.

“Tráth a mbeidh na fiosruithe tugtha chun críche tógfar cinneadh faoin gcéad chéim eile ar an gcás,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Anuas ar an sárú dlí atá á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga faoi láthair, tuigtear do Tuairisc go bhfuil fadhb eile ann leis na ticéid Ghaeilge a chuirtear ar fáil do phaisinéirí.

Nuair a dhéantar iarracht ticéad a ceannaíodh trí Ghaeilge, agus atá clóite i nGaeilge dá bharr, a úsáid le dul trí na geataí leictreonacha atá i stáisiúin de chuid Iarnród Éireann, diúltaítear don ticéad. Glactar leis na ticéid atá clóite i mBéarla, agus a ceannaíodh trí Bhéarla. Ní dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuair siad aon ghearán i leith na faidhbe seo ná go raibh an cheist á fiosrú acu i dteannta le ceist theanga na dticéad.

Ligtear do phaisinéirí dul ar bord na dtraenacha nuair a thaispeántar na ticéid Ghaeilge do bhall foirne de chuid Iarnród Éireann ach ní féidir leo dul trí na geataí leictreonacha. Cé go bhfuil dualgas reachtúil ar chomhlachtaí iompair poiblí ticéid a sholáthar i nGaeilge, ní shonraítear aon dualgas a bheith ar orthu a chinntiú gur féidir le córais leictreonacha glacadh le ticéid atá i nGaeilge amháin.

In imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga in 2014, chinn an Coimisinéir nach raibh na dualgais teanga i leith ticéad á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht iompair Bus Átha Cliath.

Ba i mBéarla amháin a bhí ticéid Bhus Átha Cliath á gclóbhualadh ag na hinnill ar bhusanna na hardchathrach ainneoin an riachtanais gur i nGaeilge amháin nó sa dá theanga a chuirfí ar fáil iad.

Nuair a bhuaigh an comhlacht Go-Ahead conradh nua ón Roinn Iompair 24 bhealach bus i mBaile Átha Cliath a bhainistiú in 2017, chuaigh Conradh na Gaeilge i mbun feachtasaíochta lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar gach ticéad a chuirfí ar fáil.

Fág freagra ar 'Ticéid traenach aonteangacha Bhéarla Iarnród Éireann á bhfiosrú ag an gCoimisinéir Teanga'

  • Agus Sin Sin

    Tá liosta fada de rudaí aonteangacha a bhaineann le hIarnród Éireann gurbh fhéidir a fhiosrú. Suimiúil gur seo an “cnámh spairne” acu. Céard faoi fhógraí taifeadta sna stáisiúin a bheith aonteangach, céard faoin eolas fíor ama ar na hardáin agus ar na cláracha móra i bhformhór na stáisiúin a bheith i mBéarla amháin. Sin gan trácht ar an suíomh idirlín agus an aip acu. Tá Oifig an Choimisinéara ag suí siar le blianta ar chúrsaí mar seo agus ag ligint d’Iarnród Éireann gan cloí leis an Acht Iompair agus le cuid mhaith forálacha san Acht Teangacha le fada. An bhfuil ionadh orainn go mbeadh an córas ticéid nua aonteangach i ndáiríre? Beag an baoill.

  • Seanán Ó Coistín

    Is féidir liom a dheimhniú gur tharla sé domsa i Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath nár oscail an geata nuair a d’fhéach mé an ticéad ar an ngléas léite ticéid. D’fhéach mé cúpla uair é ag dhá gheata ach níor oscail ceachtar de na geataí cé go raibh mo thicéad ceart. Chuaigh mé anonn chuig duine d’fhoireann Iarnród Éireann a bhí ina sheasamh ag geata eile agus d’fhiafraigh mé de céard a bhí cearr le mo thicéad. D’fhéach sé ar an ticéad agus dúirt sé liom gurb í an fhadhb ná go raibh ticéad i nGaeilge agam agus nach dtuigeann na gléasanna léite ticéid an Ghaeilge!! A leithéid.

    Rinne mé gearán leis an gCoimisinéir Teanga agus le hIarnród Éireann faoin scéal.

  • MícheálÓg

    Agus sinn sinn sinn, an ndearna tú gearán faoi Iarnród Éireann mar a dhéanfadh saoránach a bheadh ar son na cirte?

  • Daithí Mac an Aircinn

    Ní mó ionadh atá orm faoi seo agus an chuid is mó de heagraíochta a bhíonn teagmháil agam leo feallach i dtaobh ár dteanga . Chaith sé bliain go leath dom ticéid leabharlanna a fháil dá theangach, i mBéarla amháin a bhí siad. Tá Comhairle Co. Chill Dara go hainnis maidir le Gaeilge. Cheapfá nach mbeadh aon stró agat le Gaeilge ón Roinn Oideachas ach le déanaí táim ag troid leo mar chuireann siad téacsanna amach dom agus r-phost do bosca theachtaireachta (message box) trí Béarla amháin nuair a bhí córas dátheangach á n-úsáid agus bosca phost digiteach in úsáid acu go dtí le déanaí. Seo le haghaidh do bhileog íocaíochta do phinsean nó tuarastal.