Zelensky le tuilleadh tacaíochta a lorg ó Chomhdháil na Stát Aontaithe

Meastar go gcuirfidh óráid Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráin, leis an mbrú atá á chur ar Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, scairdtrodairí a sholáthar don Úcráin 

Zelensky le tuilleadh tacaíochta a lorg ó Chomhdháil na Stát Aontaithe

Labhróidh Volodymyr Zelensky Uachtarán na hÚcráine, le Comhdháil na Stát Aontaithe inniu faoin ngá le tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá thír. 

Agus trí seachtaine caite ó cuireadh tús le hionradh na Rúise meastar go gcuirfidh óráid Zelensky, atá á tabhairt ar nasc físe aige, leis an mbrú atá á chur ar Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, scairdtrodairí a sholáthar don Úcráin. 

Dúirt spéicéir agus ceannaire an mhóraimh sa Chomhdháil, na Daonlathaigh, Nancy Pelosi agus Chuck Schumer, go seasfaí go láidir le muintir na hÚcráine.

“Tá an Chomhdháil daingean diongbháilte i gcónaí faoi thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus iad ag tabhairt aghaidh ar ionsaí cruálach mallaithe Putin, agus faoi reachtaíocht a rith a dhéanfaidh scrios agus imeallú ar gheilleagar na Rúise agus a chuirfidh cabhair dhaonnúil ar fáil don Úcráin chomh maith le cabhair ó thaobh cúrsaí slándála agus eacnamaíochta,” arsa Nancy Pelosi agus Chuck Schumer.

Labhair an tUachtarán Volodymyr Zelensky an tseachtain seo caite le 300 ball den Chomhdháil agus d’impigh sé orthu cosc a chur ar iompórtáil ola na Rúise agus scairdtrodairí a sholáthar.

An tseachtain seo caite dhiúltaigh an Teach Bán do phlean go soláthródh Stáit Aontaithe Mheiriceá scairdtrodairí don Pholainn a sholáthródh don Úcráin iad.

Tá Biden meáite ar a chinntiú nach rachaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhrac go díreach le fórsaí na Rúise. 

In aitheasc beo inné, thug an tUachtarán Zelensky foláireamh do cheannairí eile go dtabharfadh an Rúis fogha faoi thíortha eile mura gcuirfí stop léi. Ghabh sé buíochas le ceannairí a thóg “seasamh morálta” in aghaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

“Is féidir linn stop a chur leis an Rúis. Is féidir linn stop a chur le daoine a bheith á marú. Beidh sé níos éasca má dhéanfaimid le chéile é, beidh sé níos éasca stop a chur le scrios an daonlathais má chuirimid stop anois leis inár dtír. Mura ndéantar sin tiocfaidh siad sa tóir oraibhse,” arsa an tUachtarán Zelensky.

Idir an dá linn, dúirt oifigeach sinsearach de chuid na hÚcráine gur éirigh le 20,000 duine éalú ó chathair faoi léigear Mariupol. Dúirt leasmhéara na cathrach go raibh 400 duine á choimeád istigh in ospidéal mar a bheadh “gialla” iontu ag trúpaí na Rúise.

Leanfar inniu leis na cainteanna idir lucht idirbheartaíochta na Rúise agus na hÚcráine. Dúirt idirbheartaí de chuid na hÚcráine, Mykhailo Podolyak, go raibh rudaí “bunúsacha” ar an dá thaobh a bhí ag teacht salach ar a chéile ach go raibh deis ann teacht ar chomhréiteach.

Tá níos mó ná trí mhilliún duine teite ón Úcráin ó thús an ionraidh de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce na Náisiún Aontaithe.

“Trí mhilliún duine díbeartha as a n-áit chónaithe. Trí mhilliúin, mná, páistí agus daoine leochaileacha, agus iad scartha óna gcuid agus a gcairde,” arsa ceannasaí na Eagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, Antonio Vitorino.

Dúradh gur páistí thart ar leath de na daoine a bhí teite ó thús an ionraidh ar an 24 Feabhra.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, inné gur 97 páiste a maraíodh sa tír ó thús an ionraidh.  In óráid le Parlaimint Cheanada, dúirt sé go raibh “gach rud” á scrios ag fórsaí na Rúise “ionaid chuimhneacháin, scoileanna, ospidéil, tithe”.

“Tá 97 páiste Úcránacha maraithe cheana,” arsa Zelensky.

“Ní mór atá á lorg againn. An chóir atá á lorg againn, tacaíocht cheart a chabhróidh linn teacht slán, sinn féin a chosaint, beatha daoine a shábháil.”

Sheas baill Pharlaimint Cheanada agus thug bualadh bos do Zelensky i ndiaidh a chuid cainte.

Fág freagra ar 'Zelensky le tuilleadh tacaíochta a lorg ó Chomhdháil na Stát Aontaithe'

  • Antóin

    Cá bhfuil an fhianaise go dtabharfadh an Rúis fogha faoi thíortha eile? An tríú cogadh domhanda an toradh a bheadh air sin agus is maith a thuigeann Putin é.

    Agus is maith a thuigeann an Teach Bán agus tíortha san Eoraip na himpleachtaí a bhaineann le plean go soláthródh Stáit Aontaithe Mheiriceá scairdtrodairí don Pholainn a sholáthródh don Úcráin iad díreach mar a thuig siad na himpleachtaí a bhainfeadh le limistéar faoi chosc eitilte a chur ar bun, rud a theastaigh ón Uachtarán Zelensky seachtain ó shin.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní bheidh gach éinne thíos leis an gcogadh uafásach seo. Más fíor don teoiric go mbíonn cogadh buan ann chun an coimpléacs míleata tionsclaíoch a chothú, beidh féasta mór ag dreamanna áirithe:
    https://scheerpost.com/2022/03/14/hedges-waltzing-toward-armageddon-with-the-merchants-of-death/
    Luíonn sé le réasún. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhaoine áirithe.