‘Your name is clearly unpronounceable’ – lucht na Gaeilge i measc na ngrúpaí atá maslaithe ag John Taylor

Tá géarcháineadh á dhéanamh ar an Bharún Kilclooney, John Taylor, iar-Aire Gnóthaí Baile i rialtas Stormont, ó thug sé ‘The Indian’ ar Kamala Harris, Leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe

‘Your name is clearly unpronounceable’ – lucht na Gaeilge i measc na ngrúpaí atá maslaithe ag John Taylor

Tá pobal na Gaeilge i measc na ngrúpaí atá maslaithe cheana ag John Taylor, an ball de Theach na dTiarnaí i Sasana ar cuireadh ciníochas ina leith mar gheall ar ráiteas a rinne sé faoi Kamala Harris.

Tá géarcháineadh á dhéanamh ar an Bharún Kilclooney, John Taylor, iar-Aire Gnóthaí Baile i rialtas Stormont, ó thug sé ‘The Indian’ ar Kamala Harris, Leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe.

Ag scríobh i mBéarla dó ar Twitter, chuir an tiarna UUP an cheist: “Cad é a tharlóidh má bhogann Biden ar aghaidh agus má dhéantar Uachtarán den Indiach?  Cé a bheadh ina leasUachtarán ansin?”

Mhaígh Taylor nach raibh ainm Harris ar eolas aige nuair a scríobh sé an tvuít agus nach raibh aon chiníochas i gceist.

Tá cáineadh déanta ag ceannairí pháirtithe polaitíochta ó thuaidh, sa Bhreatain agus i SAM ar an tiarna saoil in Westminster.

Bhí alt ar an New York Times agus i nuachtáin eile i Meiriceá faoin scéal.

Ar ndóigh, dúirt John Taylor an rud céanna anuraidh faoi Leo Varadkar nuair a bhí sé ina Thaoiseach.

Thug Varadkar cuairt ar chontaetha an Dúin agus Ard Mhacha gan a inseacht don ionadaí áitiúil.

‘Typical Indian’ a scríobh Taylor an t-am sin.

Ach níorbh é sin an chéad uair gur mhaslaigh an t-iar-MP do Loch Cuan, iar-MLA agus iarfheisire Eorpach duine ar bhonn cine.

I 1988 mhaslaigh Taylor an t-iriseoir aitheanta agus cainteoir líofa Gaeilge Gearóid Ó Muilleoir a bhí ina leasuachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste ag an am.

Nuair a chuir Ó Muilleoir litir chuig Taylor maidir le deontais do mhic léinn, dúirt an feisire parlaiminte leis go rabhthas ag glacadh leis gur Éireannach bhí ann mar go  raibh sloinne air nach bhféadfaí a fhuaimniú.

“Ó tharla gur ríléir é nach féidir d’ainm a fhuaimniú, tá sé déanta amach agam, bíodh mé ceart nó contráilte, gur Éireannach agus nach Briotanach tú.

“Molaim mar sin duitse, agus dóibh siúd a ndéanann tú ionadaíocht orthu, iarratas a dhéanamh ar aon deontas riachtanach ar rialtas Bhaile Átha Cliath.”

Dúirt Gearóid Ó Muilleoir é féin gur cuimhin leis go maith an litir a fháil.

Fág freagra ar '‘Your name is clearly unpronounceable’ – lucht na Gaeilge i measc na ngrúpaí atá maslaithe ag John Taylor'

  • Colm de Barra

    Is rí-léir é gur duine sotalach, caolaigeanta den tseandream atá ann. Is maisle é go bhfuil oifig poiblí poiblí aige.

  • Colm de Barra

    Smál úr ar an Táilliúir!

  • S. Mac Muirí

    Ar ndóigh, bhí roinnt ‘Mac Kintaylor’ leis an mbuíon fealltach a dhúnmharaigh cuid de Chlainn Iain Mhic Dhomhnaill faoi choim oíche i nGleann Comhann. Is gairid nach mbeidh fáilte mhór chroíúil roimhe féin lastall den deán, rud a fhágann chomh héidreorach anois é le Custard ag an Mórbheann Bheag. ?