‘Why don’t you move to Conamara?’ – ceist a cuireadh ar fhear a lorg seirbhís Ghaeilge in Ard-Oifig an Phoist i nGaillimh

Deir An Post le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht ‘deasc Gaeilge’ a oscailt in Ard-Oifig an Phoist na Gaillimhe ar Shráid Eglington

POSTAL DISPUTES MAIL BOXES

ráite ag An Post le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht ‘deasc Gaeilge’ a oscailt in Ard-Oifig an Phoist na Gaillimhe ar Shráid Eglinton.

Thug urlabhraí de chuid An Post an méid sin le fios tar éis do Tuairisc.ie fiosrú a dhéanamh faoi scéal go ndúirt fostaí de chuid na heagraíochta le fear bogadh siar go Conamara más seirbhís i nGaeilge a bhí uaidh

Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé deacair a theacht ar shonraí an cháis toisc nach ndearnadh gearán oifigiúil nuair a tharla an eachtra ach nár cheart dá leithéid a tharlú.

“Is cinnte go ngabhann An Post leithscéal leis an bhfear seo. Níor cheart go mbeadh rud mar sin ráite leis, fiú más le teann magaidh a dúradh é.

“Tá An Post breá sásta seirbhís a chur ar fáil sa teanga náisiúnta agus tá i gceist againn ‘deasc Gaeilge’ a chur ar bun san Ard-Oifig i nGaillimh. Níl rud ar bith cinntithe go fóill ach tá an fhoireann againn len é a dhéanamh ach an taobh oifigiúil de a shocrú,” a dúirt sé.

‘Why don’t you move to Conamara?’ a fiafraíodh de Dheasún Ó Seanáin, as Maigh Eo, nuair a lorg sé seirbhís trí mheán na Gaeilge in Ard-Oifig an Phoist i gCathair na Gaillimhe.

Deir Ó Seanáin, ar as Béal Átha hAmhnais i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas é, ach atá ina chónaí anois i dTír Oileáin i gCathair na Gaillimhe, ag iarraidh stampaí poist a cheannach san oifig a bhí nuair a cuireadh an cheist sin air.

“Bím ag iarraidh seirbhíse trí Ghaeilge sa chathair i gcónaí. Bíonn go leor daoine difriúla ag obair in oifig an phoist, athraíonn siad gach lá, ach an lá seo a bhí istigh chuaigh mé chuig an gcuntar agus lorg mé an tseirbhís ón bhfear óg a bhí taobh thiar den chuntar.

“Dúirt sé ‘what’s that?’ agus mhínigh an bhean a bhí ag obair taobh leis go ciúin ‘he wants to deal with you in Irish’. Thiontaigh sé ormsa ansin agus dúirt ‘why don’t you move to Conamara?’,” a dúirt Ó Seanáin le Tuairisc.ie.

Mhínigh sé d’fhear an chuntair, i  nGaeilge, gur as Maigh Eo é agus nach raibh spéis dá laghad aige bogadh siar go Conamara.

Deir Ó Seanáin gur tháinig bean Ghaeltachta a bhí sa scuaine nuair a tharla an eachtra chomh fada leis nuair a chuala sí freagra an oibrí poist. Dúirt an bhean seo gur theastaigh seirbhís i nGaeilge uaithi sin freisin.

“Bíonn sé cosúil leis an gcluiche ‘charades’ anois is arís agus tú ag iarraidh seirbhíse i nGaeilge. Más stampa atá uaim caithfidh mé ligean orm go bhfuil mé á agus á bhualadh síos ar an gclúdach litreach le go dtuigfí mé. Sin an cineál ‘theatrics’ a theastaíonn scaití,” a dúirt sé.

Fuair Ó Seanáin a chuid stampaí ar deireadh, agus bhí comhrá fada aige leis an mbean Ghaeltachta a bhí sa scuaine leis faoi na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhís a fháil in áiteanna éagsúla.

Níor bhac sé gearán a chur isteach chuig Oifig an Choimisinéara Teanga an uair seo, cé go raibh sé déanta aige cheana, mar gheall ar a ‘fhadálaí is atá an próiseas sin’.

dhearna sé gearán leis An Post ach an oiread. Thug urlabhraí de chuid na heagraíochta sin le fios do Tuairisc.ie go raibh an scéal á fhiosrú.

Dúirt Ó Seanáin le Tuairisc.ie go raibh sé ag súil go dtiocfadh feabhas ar an soláthar seirbhíse i nGaeilge i gCathair na dTreabh anois agus stádas dátheangach fógartha ag an gComhairle Cathrach.

Fág freagra ar '‘Why don’t you move to Conamara?’ – ceist a cuireadh ar fhear a lorg seirbhís Ghaeilge in Ard-Oifig an Phoist i nGaillimh'

  • Séamas Mac Coitir

    Tuigimse go rímhaith an deacracht a bhí ag Deasún Ó Seanáin, seirbhís trí Ghaeilge a fháil in Ard-Oifig an Phoist, Gaillimh. Is mó uair na blianta fada ó shin a rinne iarratas ar ordú poist i nGaeilge. Bhíodh an t-iarratas déanta amach agam roimh ré – “Íoc leis an Aire Dlí agus Cirt, i mBaile Átha Cliath,” suim áirithe airgid. Go hiondúil bhí sé de nós ag a bhformhór é sin a aistriú go Béarla, mar leanas, “Pay the Minister for Justice, Dublin.”

    Nuair a ghnóthaigh Máirtín Ó Cadhain, trócaire Dé ar a anam, an duais mhór ghael Mheiriceánach, theastaigh uaim sreangscéal a sheoladh chuige as an éacht a bhí déanta aige. Ba é an freagra a fuair mé níos mó ná uair amháin uathu – “We’ve nobody on duty today to accept a telegram in Irish.”

    D’fhéadfainn leanacht ar aghaidh – níl aon mhaith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta! Níl ann ach deargamaidí a bheith ag éileamh go bhfaigheadh an Ghaillimh, stádas dátheangach, nuair atá sé chomh soiléir le solas an lae ghil, gurb é an Béarla atá i réim i ngach aon earnáil de shaol na cathrach seo! Tugaim dushlán do dhuine ar bith mé a bhréagnú sa mhéad sin! Ní fada go mbeidh gach buille buailte, agus an inneoin ina tost go brách na breithe! Bíonn an fhírinne searbh – ní searbh ach garbh!

  • Colmán

    Cathair dhátheangach?

  • R. ua Ruairc

    Níor bhac sé gearán a chur isteach chuig Oifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar a ‘fhadálaí is atá an próiseas sin’. Tuigim an fhadhb sin go rí-mhaith.

    Tharraing mé féin aird Oifig an Choimisinéara Teanga ar ainm scoile, Ennis Community College, a bheith as Béarla amháin i Samhradh 2012. Dúradh liom ag an am go gceartófar é tar éis conascadh na dtrí choistí Ghairmoideachais (2013). Ó shin cuireadh an t-ábhar faoi bhráid an Choimisinéara é féin (2014) agus bhí, freisin, ar a laghad beirt Phríomh-Oifigeach sa Bhord Oideachais agus Oiliúna ag plé leis an gceist chomh maith. An ‘toradh’ ar an méid sin go léir de réir Oifig an Choimisinéara (2015) ná go bhfuil sí ‘ag súil’ go gceartófar é roimh dheireadh 2017 !
    Mair a chapaill…

  • Páid Ó Donnchú

    Rud fíor-Ghaillimheach é Eglinton a scríobh le g breise.

  • alan

    ‘An Post’?
    Nach bhfuil an t-alt ‘An’ scriosta amach anois acu? Ró-aduain, a mhaicín, chuirfeadh sé daoine amú nó ar seachrán, nó b’fhéidir go gcuirfeadh sé timpist bóthair faoi deara!!

  • alan

    teallaireacht athúlta é sin ó fhostaí Oifig an Phoist, ba cheart é héin a fhógairt as an áit, dochreidte. an ndéarfadh sé a leithéid le Polannach etc? Beag an baol.

  • Anaithnid as Gaillimh

    Bhí an ceart ar fad ag an oibrí.
    Is cruthúnas iad eachtraí mar seo nach lorgaíonn custaiméirí Ardoifig an Phoist seirbhís trí Ghaeilge ach go fíor-annamh. Ní labhraíonn aon duine i nGaillimh Gaeilge ach amháin oibrithe in earnáil na teanga nó earnáil an oideachais (agus an tromlach acu sin fiú ina bhfoghlaimeoirí líofa nó leathlíofa a labhraíonn Béarla sa bhaile).
    Ní ceart seirbhísí teanga a chur ar fáil muna bhfuil cruthúnas ann go n-úsáidfear iad.

  • Anaithnid as ord

    Ní ceart teachtaireachtaí ó dhuine ar bith anaithnid as Gaillimh a fhoilsiú anseo mar ní ann dá leithéid. Is cruthúnas é an teachtaireacht thuas agus teachtaireachtaí eile, nach ann do dhuine ar bith anaithnid as áit ar bith, agus go háirithe as Gaillimh. Duine anaithnid líofa nó leathlíofa ab ea mé féin tráth agus cé nach as Gaillimh mé ach as ord, níor chuala mé riamh trácht ar dhuine ar bith anaithnid as Gaillimh. Tá a fhios ag an saol mór gur imigh daoine anaithnid leis na díneasáir.
    De réir mar a thugtar deiseanna do dhaoine anaithnid as Gaillimh teachtaireachtaí a chur ar an suíomh seo, is mó an seans go dtosódh a leithéidí ag iarraidh a chur in iúl gurbh ann dóibh. Ní ann dóibh mar is léir nach dtagann teachtaireachtaí uathu ach go fíor-annamh agus ní ceart deiseanna a thabhairt dóibh ligint orthu gurb ann dóibh.

  • alan

    Aon duine a thugann ‘anaithnid’ air héin fanadh sé anaithnid agus a thuairmí maille leis! Bhfuil aon chruthúnus agat leis na ráitis dhiúltacha, dhíspeagtha sin? Ní oibrí mise in aon earnáil bheo agus lorgaím seibhísí ar gach earnáil stáit trí Ghaeilge ach níor mhór duit foighne Iób a bheith agat agus barrachas ama a bheith le diomailt agat más ag feitheamh ar fhreagra pras nó aon fhreagra ataoi. Labhraím Gaeilge le chuile dhuine a labhródh liom í, sa mbaile, i gcéin is i gcóngar. Agus ní cainteoir ‘dúchais’ mé. Ná tóg orm é sin.