‘Whaddya think of that?’ Daonnacht, greann agus mealltacht i scannán nua Pacino

Is carachtar den scoth é gach duine a thagann os ár gcomhair in ‘Danny Collins’, scannán nua faoi amhránaí ar scríobh John Lennon litir chuige a d’imigh amú

danny_collins

Danny Collins

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Dan Fogelman

Cliar: Al Pacino, Christopher Plummer, Annette Bening, Boby Cannavale, Jennifer Garner, Giselle Eisenberg.

I 1971 dhein an t-amhránaí pobail Steve Tilston, nach raibh ach bliain is fiche, agallamh leis an iris ZigZig inar nocht sé tuairimí faoin drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an saibhreas ar a chuid ceoil. De réir dealraimh, léigh John Lennon an t-agallamh agus spreagadh é le dul i mbun pinn. Bhí a shaol ceoil féin in airde láin ag an am agus a phócaí teann go maith dá réir. Gan amhras, d’easaontaigh sé é le tuairimí Tilston, á rá leis nach mbíonn tionchar ag airgead ar do chuid smaointe. Ar an drochuair, agus de bharr cúblála is dócha, ní bhfuair Tilston an litir go dtí 2005 nuair a ghlaoigh bailitheoir air lena húdaracht a dheimhniú.

Na focail scoir a bhí sa litir ná “whaddya think of that?” B’fhéidir gurb í an líne sin an inspioráid don sleais a chaith Kieran Donaghy le Joe Brolly tar éis an chluiche ceannais anuraidh ach is cinnte gur eascair an scannán Danny Collins aisti, agus is seoid bheag de scannán í.

Seachas an litir, níl aon chomparáidí eile le saol Tilston Shasna mar sa táirge seo is amhránaí Meiriceánach, rathúil é Collins (Pacino) atá ana-cháiliuil agus ana-shaibhir. Lig sé na maidí cumadóireachta le sruth blianta ó shin. Tá sé féin agus cuid mhaith dá lucht leanúna sna seachtóidí anois, ólann sé an braon anuas, sranann sé an púdar bán de shíor agus tá sé geallta le bean atá tuairim is daichead bliain níos óige ná é. Ar an gcéad luí súl, tá saol an mhadra bháin aige ach is go leathchroíoch atá sé ag caitheamh a shaoil agus ag gabháil amhrán.

Ar oíche a bhreithlá agus a leannán sínte leathnocht ar an talamh, tugann a bhainisteoir agus a dhlúthchara (Plummer) litir Lennon mar bhronntanas dó. Baintear siar as agus spreagtar é lena chóta a chasadh agus iarracht a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena mhac nach bhfaca sé riamh.

Cé nach leasc leis an scannán seo dul i muinín clíséanna seanchaite (breoiteacht, gariníon chaithiseach, suiríocht le bean chnagaosta), éiríonn le daonnacht, greann agus mealltacht na gcarachtar dul i bhfeidhm ort.

Is carachtar den scoth é gach duine a thagann os ár gcomhair, ó bhainisteoir Plummer atá cortha don saol go dtí an iníon atá ag fulaingt le ADHD, ó bhainisteoir óstáin Benning go bean mhic Garner. Ar feadh na mblianta, n’fhéadfaí scannán a dhéanamh le Pacino gan é a chur ag béiceadh ach anseo ní ardaíonn sé a ghlór oiread is uair amháin. Is léir go bhfuil Pacino ag baint suilt as an ról agus gur gur chaith sé dua leis.

Tugtar deis dó a dheisbhéalaíocht agus a acmhainn grinn a léiriú. Beireann Booby Cannavale barr bua ar gach duine eile lena léirú ar mhac Danny. Tugann sé taispeántas caolchúiseach, greannmhar, agus daonna le sracfhéachaintí anseo agus osnaí ansiúd ag insint scéil agus ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana. Tá cúpla radharc le Pacino – an ceann deireanach go háirithe – ar fheabhas ar fad.

Scríbhneoireacht shnoite atá anseo, í cliste agus greannmhar mar aon le deis a thabhairt do na carachtair dheisbhéalacha agus na haisteoirí cumasacha tú a chur faoi dhraíocht.

Fág freagra ar '‘Whaddya think of that?’ Daonnacht, greann agus mealltacht i scannán nua Pacino'