‘We never, ever, ever, agreed to an Irish Language Act’ – iarAire Cultúir an DUP

Deir Conradh na Gaeilge agus POBAL araon nach bhfuil aon bhunús le ráiteas an iarAire Cultúir Edwin Poots nár aontaigh a pháirtí le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach

‘We never, ever, ever, agreed to an Irish Language Act’ – iarAire Cultúir an DUP

Tá ráite ag an iarAire Cultúir Edwin Poots nár aontaigh a pháirtí, an DUP, riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, ainneoin gealltanas a bheith i gComhaontú Chill Rímhinn go ndéanfaí a leithéid.

Ag labhairt dó ar an gclár The Nolan Show ar BBC Raidió Uladh ar maidin, dúirt Poots gur rud a d’aontaigh ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, lena chéile a bhí sa ghealltanas Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Dúirt Poots gur cuireadh isteach an gealltanas  faoin Acht “ag an nóiméad deireanach”.

“We never, ever, ever, agreed to an Irish Language Act. Tony Blair done a deal with Gerry Adams and that is a matter between Tony Blair and Gerry Adams. We never signed up to an Irish Language Act,” a mhaígh Poots.

Luaitear Acht Gaeilge go sonrach faoin gceannteideal ‘Cearta an Duine, Comhionannas, Íospartaigh agus Ceisteanna eile’ i gComhaontú Chill Rímhinn.

“Tabharfaidh an Rialtas Acht Gaeilge isteach bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh i gcomhar leis an bhFeidhmeannas nuathofa le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a scríobhadh sa Chomhaontú a shínigh an DUP in 2006.

Dúirt Poots gur “beart mímhacánta” a bhí in obair Adams agus Blair an tAcht Gaeilge a chur isteach sa Chomhaontú agus nár aontaigh an DUP riamh leis.

Chuir Nolan an cheist chéanna ar Poots arís agus arís eile – “ar shínigh an DUP Comhaontú Chill Rímhinn a raibh Acht Gaeilge mar chuid de?”. Dhiúltaigh Poots freagra díreach a thabhairt ar an gceist.

“I’ll say it very slowly for you this time Stephen, so you’ll take it in. The DUP at no point has ever agreed to establish an Irish Language Acht, with the UK government, with the Irish government, with Sinn Féin or with anybody else. That is the position and I hope you understand it,” a dúirt sé.

Shéan Poots gur léiriú ar fhuath don teanga a bhí i gceist le seasamh an DUP agus dúirt sé nach raibh aon fhadhb aige le duine ar bith ar mhaith leo a rogha teanga a labhairt. Thagair sé d’oidhreacht Ghaelach na bPreispitéireach in Albain agus sa Tuaisceart, ach dúirt gur cur amú na milliún punt a bheadh ann dá dtabharfaí Acht Gaeilge isteach, airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh ar an gcóras oideachais nó ar an gcóras sláinte.

Dúirt sé go gcosnódh Acht Gaeilge i bhfad níos mó ná mar a chosain an scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI, atá luaite le titim Stormont. Mhaígh sé go ndearnadh meastachán ar chostas an Achta nuair a bhí sé ina Aire Cultúir ocht mbliana ó shin agus gur léiríodh go gcosnódh sé £20 billiún sa bhliain a leithéid d’Acht a chur i bhfeidhm.

Bheadh sé “mímhacánta” ag an DUP Acht Gaeilge a thabhairt isteach, dar le Poots, toisc go ndúirt an páirtí cheana nach ndéanfadh siad a leithéid go brách.

“We negotiated our position, and there was a side deal done at the last minute. We didn’t go back in relation to anything that was said in St Andrew’s,” a dúirt Poots.

Dúirt sé nach bhfuil cosc ar bith ar mhuintir an Tuaiscirt an Ghaeilge a labhairt agus luaigh sé gluaiseacht na nGaelscoileanna agus na ranganna Gaeilge atá ar siúl ar fud an réigiúin.

Dúirt Conradh na Gaeilge le Tuairisc.ie inniu nach bhfuil aon bhunús le ráiteas Poots.

“Nuair a dhaingnigh an DUP an comhaontú sin mar aon leis na páirtithe eile agus an dá rialtas, is é an comhaontú san iomlán a dhaingnigh siad.

“Is mar gheall ar na coimitmintí a tugadh maidir leis an Ghaeilge i gCill Rimhinn go ndearna Poots, agus é ina Aire Cultúir ag an am, comhairliúchán ar reachtaíocht don Ghaeilge in 2007. Murach tuiscint shoiléir maidir le dualgais agus seasamh a pháirtí ar cheist an Achta, ní rachadh siad i mbun comhairliúcháin ar an cheist,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cosanta Teanga agus Ionadaíochta an Chonartha.

Dúirt sé go bhfuil sé “náireach” go bhfuil an DUP “ag iarraidh dul siar” ar na gealltanais a tugadh i gComhaontú Chill Rímhinn “mar sheift toghchánaíochta”.

Dheimhnigh an Conradh freisin go mbeadh feachtas nua toghcháin ar siúl ag an eagraíocht i mbliana le cearta teanga a chinntiú don phobal ó thuaidh, fearacht an fheachtais ‘GaelVóta’ a bhí ann anuraidh.

“Tá páirt mhór le himirt ag gach páirtí sna seachtainí amach anseo, agus muid ag éileamh go soiléir orthu nár chóir dul isteach in aon chomhrialtas mura mbíonn comhaontú ann maidir le hAcht na Gaeilge. Ní féidir linn bheith ag brath ar thoil nó ar iontaofacht Airí ón DUP amach anseo,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Tá ráiteas Poots cáinte, freisin, ag Janet Muller, príomhfheidhmeannach na heagraíochta teanga POBAL. Dhréachtaigh POBAL Acht Gaeilge cúpla bliain ó shin agus dúirt Muller le Tuairisc.ie nach raibh bunús dá laghad le meastachán Poots ar chostas chur i bhfeidhm an Achta.

“D’amharc Poots ar chostais na Roinne Oideachais ar an nGaeilge agus d’iolraigh sé faoi dheich é, mar bhí deich Roinn Rialtais ann an t-am sin, móide costais eile. Thiocfadh leat bus a thiomáint tríd na figiúirí a bhí aige,” a dúirt sí.

Dúirt go mbeadh costas le híoc ar chur i bhfeidhm an Achta mar gheall ar an neamhaird a rinneadh ar an teanga ó bunaíodh an stát, ach gur beag an costas a bheadh air i ndiaidh sin.

“An costas is mó a bheidh ann an costas a bhaineann le rudaí míchearta a chur ina gceart. Ach ní faoi chostas amháin atá an tAcht Gaeilge ná na ceisteanna a bhaineann leis. Baineann sé le cothrom na Féinne, cearta agus comhionannas,” a dúirt Muller.

Beidh cruinniú san oíche amárach ag an ngrúpa An Dream Dearg ina bpléifear an chéad chéim eile ag an ngrúpa agus plean toghcháin phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘We never, ever, ever, agreed to an Irish Language Act’ – iarAire Cultúir an DUP'

  • Niall Ó Flatharta

    Níor chás Acht Béarla a thabhairt isteach leis chun iachall a chur ar Mister Poots beagáinín gramadaigh a fhoghlaim!!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    beagáinín gramadaí

    Níl saoi gan locht, ní hamháin an saoi buí…

  • Brian Phelan

    Conradh, tóg go bog é at an ceist seo agus leig do sciath. Níl ann ach an pholaitíocht. Sé an teanga amháin atá tábhachtah. Foghlaim ón Bhreatain Beag.