‘We gotta go, I’ve got too many hits!’ – a phort seinnte ag Prince na n-amhrán

Níor thuig ár gcolúnaí cé chomh saibhir ná cé chomh lán is a bhí an stór amhrán ag Prince go dtí go bhfaca sé ar stáitse é tráthnóna breá samhraidh

prince

Le fíorghairid, shuíos os comhair an ríomhaire an lá ar éag David Bowie agus thugas faoi chúpla focal a scríobh mar gheall ar a bhás a tháinig gan choinne is d’fhág an domhan mór cloíte. Ach sin é nadúr an bháis. Tagann sé gan choinne. Is bíonn briseadh croí i gceist ina dhiaidh.

Nuair atáimid óg is sinn i mbarr ár sláinte, ní ritheann sé le mórán againn go mb’fhéidir ná mairimis chomh fada le ham tae. Samhlaímid todhchaí fhada is sinn mar dhlúthpháirt di. Sea, tuigimid ná beimid ann i gcónaí ach braithimid, nuair a fheicimid an ghrian ag éirí sa spéir maidin bhreá Earraigh is na héin i mbun a gcuid amhrán, go mbeimid thart ar feadh roinnt mhaith blianta eile chun a mhacasamhail de radharc a fheiscint arís is arís eile.

Mar sin, má bhraithimid féin laethanta áirithe go bhféadfaimis seasamh buan go maith a dhéanamh sa saol, is cinnte go samhlaímid go mbeidh ár bpopréalta linn i gcónaí.

Ach anois tá Prince imithe uainn.

Prince?

Nuair a chonaic ceannlínte ag preabadh ar mo chuntas Twitter tráthnóna inné go bhfuarthas corp i stiúideo baile Prince Rogers Nelson, Paisley Park, lasmuigh de Minneapolis, níor thuigeas i gcomhair soicind gurbh é corpán Prince féin a bheadh i gceist. Bhain na ceannlínte preab asam ach cheapas go mb’fhéidir gur duine éigin eile a bhí i gceist – duine éigin a bhí ag obair sa stiúideo ina theannta, nó b’fhéidir cara, nó fiú gaol a bhí ar cuairt.

Ní fada gur fógraíodh an scéal tubaisteach. Ba é Prince a bhí marbh.

Ba í an chéad duine a smaoinigh mé uirthi ná mo ghrá geal, bean a bhí i ngrá le hamhráin an fhir ó bhí sí ina gearrchaile óg is a cuid fallaí clúdaithe le pictiúirí de. Seo cailín a raibh gach albam dá chuid aici ar dhúthdhiosca is ar vinil. Oll-fan. Ghlaos uirthi. Cheapas go mbeadh an scéal ar eolas aici mar ní théann mórán i ngan fhios d’éinne sa ré dhigiteach seo. Ach ní hamhlaidh a bhí. Ormsa a bhí an drochsceál a insint di, is í ina seasamh le bascaed faona hascaill in ollmhargadh. Chuala í ag ligin osna. Saighead phianmhar trína croí. ‘Prince? No!’

Ní raibh aon aithne phearsanta againn air, ná ní raibh aon aithne ag formhór againn ar Bhowie ach an oiread, ach tá ár gcroíthe gonta ag bás na beirte acu, faoi mar a bheadh dá gcloisfimis go mbeadh duine dár lucht aitheantais básaithe.

Prince 2

Ach ní de bharr aithne a bheith againn ar cheachtar acu atáimid ag fulaingt. Braithimid uainn iad mar gur bhronnadar orainn ina gcuid amhrán a gcairdeas síoraí, amhráin a chualamar is sinn ag fás aníos, amhráin atá fite fuaite le móimintí tábhachtacha, cinniúnacha inár saol.

Níor thuigeas cé chomh saibhir is chomh lán is a bhí an stór amhrán atá ag Prince go dtí go bhfaca é tráthnóna breá samhraidh ar an ardán i Mullach Íde sa bhliain 2011. Ón soicind a phreab sé ar an ardán go dtí gur éalaigh sé uainn le titim na hoíche, chualamar hit i ndiaidh hit i ndiadh hit.

‘Raspberry Beret’, ‘I Could Never Take The Place Of Your Man’, ‘Purple Rain’, ‘I Would Die 4 U’, ‘When Doves Cry’, ‘Sign O’ The Times’, ‘1999’, ‘Let’s Go Crazy’, ‘Diamonds & Pearls’.

Sea, bhuail taoide amhrán sinn. ‘I Wanna Be Your Lover’, ‘If I Was Your Girlfriend’, ‘U Got The Look’, ‘Pop Life’, ‘Jack U Off’, ‘Little Red Corvette’. Sinn imithe le báiní le háthas!

Is cad mar gheall ar na hamhráin ná raibh an aithne chéanna orthu ach a bhí gach pioc chomh cumhachtach –‘ Just Another Sucker’, ‘Crystal Ball’, ‘All The Critics Love U In New York’ – gan trácht ar na hamhráin a chum sé d’amhránaithe eile, ‘Nothing Compares 2 U’, ‘I Feel For U’, ‘Manic Monday’, ‘Nasty Girl’.

Faoi dheireadh, is cosc air níos mó amhrán a chanadh nuair a shroich an clog 22.30, luigh sé féin is a bhanna isteach ar mheascáin bheaga a sholáthar dúinn, le giotaí dá amhráin fite fuaite lena chéile mar ná raibh an t-am aige iad ar fad a chanadh ina n-iomlán.

An iomarca amhrán! Tonn tuile! ‘Alphabet Street’, ‘Thieves In The Temple’, ‘Sexy M.F.’, ‘Kiss’, ‘The Most Beautiful Girl In The World’, ‘Erotic City’, ‘Sometimes It Snows In April’.

“We gotta go, I’ve got too many hits,” scread ón bhfear beag fuinniúil i gcorcra ar an ardán is an fiche míle duine againn ag stánadh air, ár mbéalaibh ar leathadh. Agus abhae leis, an t-ardán folamh, a phort seinnte.

Faoin tráth san, bhí bogbháisteach ag titim.

Purple Rain? Purple Pain.

Fág freagra ar '‘We gotta go, I’ve got too many hits!’ – a phort seinnte ag Prince na n-amhrán'

  • alan

    Ardmheas agam air mar cheoltoir agus mar dhuine. Sheas se an fod i gcoinne Shinead O Connor agus chuir an ruaig amach as a thigh uirthi . Duirt se le muintir Chorcai, agus an ceart ar fad aige, go raibh ‘enema’ de dhith orthu nuair a thosnaigh siad ar Ole Ole Ole i lar a chuidsin ceoil i bPairc Ui Chuiv i 1990. Bhios i lathair ag an gcoirmcheoil sin agus bhi naire shaolta orm ach is e an Prionsa beag beoga a chuir corc sna Corcaigh (lucht sacair) an la sin, mise a ra leat. (Das is Corcaioch me fein!)

  • padraig

    n’fheadair einne ca’il fod a bhais…………

  • Gerry Nobody

    Píosa álainn é seo. Tá deis a labhartha agat a Chian.