‘We deserve the right to have it in English’ – Iarmhéara Luimnigh ar thráchtaireacht Rugbaí TG4

Deir John Gilligan, gur cheart go mbeadh tráchtaireacht Bhéarla ina rogha ar chluichí rugbaí TG4 ach is moladh ‘fruit and nut’ é dar le Liadh Ní Riada, Sinn Féin

‘We deserve the right to have it in English’ – Iarmhéara Luimnigh ar thráchtaireacht Rugbaí TG4

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is beag tacaíocht atá faighte go dtí seo ag iarratas comhairleora agus iarmhéara Luimnigh go mbeadh tráchtaireacht Bhéarla ar bheochraoladh rugbaí TG4.

Agus é ag labhairt sa Chomhairle an tseachtain seo caite, dúirt an comhairleoir neamhspleách John Gilligan, gur cheart go mbeadh an lucht féachana ábalta tráchtaireacht Bhéarla a roghnú ar na cluichí rugbaí uile a chraoltar ar an gcainéal lán-Ghaeilge.

“We deserve the right to have the game in English – so at least we can understand it,” a deir Gilligan, a bhí ina mhéara ar Luimneach idir 2008 agus 2009 agus atá an-dílis d’fhoireann Chúige Mumhan.

Agus an moladh á dhéanamh aige, dúirt Gilligan go roghnódh formhór lucht féachana an chluiche tráchtaireacht Bhéarla agus nach raibh sé féin ag iarraidh ach an rogha chéanna atá tugtha ag RTÉ do phobal na Gaeilge do chuid de mhórchluichí CLG.

“We want the same consideration which is given to the Irish speakers in a GAA match,” a deir Gilligan. “I want to be able to press an interactive option and have the commentary in English for all the rugby matches on TG4.”

Nuair a cuireadh iarratas an chomhairleora in iúl do Chúige Mumhan, dúirt urlabhraí ón chlub nach raibh siad in ann ráiteas a thabhairt faoi ach go raibh siad in ann a dheimhniú go raibh, “caidreamh an-mhaith” acu le TG4 agus go n-oibríonn siad go crua le chéile chun cluichí Chúige Mumhan a chraoladh.

Dhiúltaigh TG4 aon fhreagra a thabhairt ar an méid a bhí le rá ag an gcomhairleoir Gilligan chomh maith.

Ní bhfuair sé mórán tacaíochta ó pholaiteoirí eile go dtí seo. Dar le tuairisc ar an scéal a foilsíodh sa Limerick Leader, dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada  go mbeadh an cinneadh tráchtaireacht Bhéarla ar chur ar TG4, “like giving out a Fruit and Nut bar but taking out the fruit and nuts and just having the bar.”

Fág freagra ar '‘We deserve the right to have it in English’ – Iarmhéara Luimnigh ar thráchtaireacht Rugbaí TG4'

  • eighan o néill

    Go hídéalach ba chóir go mbeadh rogha teanga ag ar fáil ar an telé, ins na bancanna, seirbhísí poiblí, siopaí srl.

  • Stilla Mellis

    Réiteach eile ar an bhfadhb seo: John Gilligan an Ghaeilge a fhoghlaim — nó a athfhoghlaim. Cá fhad a thógfadh sé air eolas a chur ar an mbeagán Gaeilge ba ghá chun ciall a bhaint as an tráchtaireacht nó chun ciall a bhaint as na pictiúir? Ar ndóigh dá gcuirfeadh sé cluas air féin ní thógfadh sé i bhfad air “clibirt” a aithint thar “úd” agus aroile. Dá mbeadh sé fíor-dhíograiseach ní bheadh air ach “téarmaíocht an rugair” a leanúint i nGoogle agus ba ghearr go mbeadh sé ag spalpadh Gaeilge …

  • Liamo

    Bhuel John is féidir leat Gaeilge a fhoghlaim mar ba chóir do chuile duine arb Éireannaigh iad teanga na hÉireann a labhairt mar chéad teanga labhartha.

  • Aonghus

    B’fhéidir nach dtuigeann sé dul an Bhéarla agus drochGhaeilge thráchtairí rugbaí TG4, iad ag rá go mbíonn “na coinníollacha” go dona agus iad ag cur síos ar an aimsir, “ag iompair an liathróid, ag tabhairt an imirt, i dtreo an fear mór, deis maith, fís gairid, bearna mór, an seilbh srl.”