‘We cover the noise’ – dúshlán na meán i ré Trump

Conas dul i ngleic leis an nuacht bhréagach, an ghiolcaireacht gan stad agus claontacht na meán féin?

‘We cover the noise’ – dúshlán na meán i ré Trump

Tá an nuacht bhréagach i mbarr a réime anois le tamall de bhlianta agus ní bréag a rá gur ó toghadh Donald Trump sa Teach Bán atá sí faoi bhláth. Is minic an tUachtarán Trump féin ag giolcaireacht faoin nuacht bhréagach. Bhí bolscaireacht ann riamh: nach chuige sin a bhí Goebbels fostaithe ag an tríú Reich? Bíonn an bolscaire lárnach i gcónaí i chuile phróiseas polaitíochta.

Ceann de na hábhair chainte is mó a bhíonn ag baint le bunú aon rialtais – go háirithe i measc iriseoirí polaitíochta – cé a bheidh ina rúnaí preasa. Is minic leo a bheith chomh haitheanta leis na polaiteoirí go mbíonn siad ag feidhmiú thar a gceann. Cuirtear muinín iontu – bíonn smacht acu. Alastair Campbell, Seán Duignan, Pierre Salinger, Eoghan Ó Neachtain, Josh Earnest, Andy Coulson, Seán Spicer, Anthony Scaramucci…

Bhuel meas tú an féidir a rá go mbíodh muinín ag daoine as an mbeirt deiridh?  Beirt iad a rinne dian-iarracht (ar feadh seala!) teachtaireacht Trump a chraobhscaoileadh ach cúis fonóide ab ea iad sa deireadh agus theip orthu an teachtaireacht a aimsiú go minic gan trácht ar í a roinnt!

I gcás na Stát Aontaithe faoi láthair is deacair locht a fháil orthu as an teip sin. Céard í an teachtaireacht? Céard é an scéal? Agus cé atá i bhfeighil uirthi? An dtugann tú aird ar na giolcacha moch maidine: cuairt Melania Trump agus a seaicéad conspóideach ar ionaid choinneála i Texas; cruinniú mullaigh stairiúil le Kim Jong Un; feachtas na dtoghchán lár-téarma; fiosrúchán Robert Mueller?

Le gairid, chuala mé an ceann feadhna ar oifig an New York Times i Washington, Elizabeth Burniller agus í ag cur síos ar an tuairisciú polaitiúil atá ar siúl acu faoi láthair. ‘We cover the noise,’ ar sí ag cur síos ar na giolcacha moch maidine agus preasócáidí Susan Huckabee Sanders. Mhaígh sí freisin go ndéanann an nuachtán iarracht díriú ar na scéalta nuachta atá tábhachtach, seachas ar an ‘gleo’.

An oíche chéanna ar theilifís na Stát Aontaithe dhá scéal a bhí iomlán difriúil óna chéile a roghnaigh dhá bhealach teilifíse agus ní dhearna ceachtar acu iarracht dá laghad tagairt a dhéanamh don scéal a bhí ag an stáisiún eile.

Dhírigh stáisiún amháin ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag fiosrúchán Robert Mueller agus na horduithe atá eisithe aige chomh maith le tuairisc eile faoi chás cúirte atá á thabhairt ag Stormy Daniels, a mhaíonn go raibh caidreamh aici le Trump, in aghaidh a dhlíodóra Michael Cohen. Bhí an bealach eile ag díriú go huile agus go hiomlán ar phobalbhreith nua a léirigh sástacht phobal SAM le Donald Trump. Tá ag éirí leis an eacnamaíocht, tá dífhostaíocht laghdaithe go mór, tá daoine sásta leis na leasuithe cánach a rinneadh roinnt míonna ó shin agus mar a deirtí le linn ré Clinton, ‘It’s the economy, stupid’.

Tá an dá scéal fíor. Tá tábhacht leis an bpéire acu ach cén fáth go ndéanfaí neamhaird de cheann seachas an ceann eile? Is féidir a rá gur cinneadh eagarthóireachta a bhí ann ag an dá stáisiún teilifíse. D’fhéadfadh duine a bheith amhrasach freisin, mo dhála féin, agus a rá gur léargas a bhí anseo ar dhearcadh na meán éagsúil i leith an Uachtaráin.

Sa lá atá inniu ann braitheann 87% de phobal SAM ar an idirlíon go príomha mar fhoinse nuachta agus beagnach 60% díobh a bhíonn ag brath ar an teilifís. Is léir go mbraitheann do rogha stáisiúin ar do dhearcadh i leith Trump agus go mbíonn tú dall ar an gcuid eile den scéal.

Ní fhaigheann tú ach aon léargas amháin go síoraí seasta ar chúrsaí polaitíochta na tíre. Tá an deighilt sa bpobal léirithe ag an rogha stáisiún teilifíse a bhíonn ag daoine agus ina dhiaidh sin tá corr-eagraíocht ann a deir ‘we also cover the noise’.

Cén seans atá ann mar sin go ndéanfaí cinneadh stuama i mí na Samhna?

Fág freagra ar '‘We cover the noise’ – dúshlán na meán i ré Trump'

  • maistín

    Agus cad faoin adhradh a tugadh sna meáin do Hilary Rodham ..
    ‘badhbh na cogaíochta’ …ar a turas go hÉirinn? Mise á rá libh go mbeadh ‘gleo’ againn dá mba gur toghadh í sin ina hUachtarán.