‘Wanted: A field suitable for hurling within a mile of Birr’ – an chéad chluiche ceannais iomána

Cothrom an lae seo, Domhnach Cásca na bliana 1888, a imríodh an chéad chluiche ceannais riamh i gcraobh iomána na hÉireann

‘Wanted: A field suitable for hurling within a mile of Birr’ – an chéad chluiche ceannais iomána

Ní léifidh tú leabhar níos fiúntaí ná The Hurlers, an ceann a tháinig ó pheann an staraí Paul Rouse ag deireadh na bliana seo caite faoin gcéad chluiche ceannais a imríodh riamh i gCraobh Iomána na hÉireann cothrom an lae seo, Domhnach Cásca, sa mbliain 1888.

Déanta na fírinne ní taobh le cur síos ar na heachtraí a d’fhág iománaithe Dhurlais Thiobraid Árann agus Mhílic na Gaillimhe in aghaidh a chéile i mBiorra an lá sin amháin atá scríofa ag an údar ach cuntas cuimsitheach, soléite ar an gcaoi ar éirigh le Cumann Lúthchleas Gael na cosa a thabhairt leis as na blianta conspóideacha, tinneallacha a lean a bhunú in 1884.

Foirgthe de bharr lúbaireachta agus scoilte ag easaontais a bhain den chuid ba mhó le cumhacht na cléire agus mianta poblachtach ceannas a ghlacadh ar an eagraíocht, is díol iontais an chaoi ar tháinig sí slán as a leithéid. Sé mhí sular imríodh an chéad chluiche ceannais sin scaoileadh piléar as gunna ag Cruinniú Cinnbhliana 1887 CLG in Óstán Hayes, áit ar bunaíodh é cosamar trí bliana roimhe sin.

Tá an méid sin ar fad agus na haighnis a bhain leis an gcéad Chraobh sular éirigh le Durlas agus le Míleac an cluiche ceannais a bhaint amach eachtraithe go healaíonta ag Rouse agus fágfaidh mé fút féin é sin a aimsiú.

Ach, agus an lá atá ann is fiú cuid de na héachtaí a bhain leis an ócáid stairiúil féin a thabhairt chun cuimhne.

Agus é socraithe gur i mBiorra a dhéanfaí an imirt, ar an 8 Márta 1888 foilsíodh an fógra seo a leanas sa nuachtán The Midland Tribune:

Wanted: A field suitable for hurling within a mile of Birr. For a suitable field £10 will be given for the season ending December 1888. Apply to the Secretary St. Brendan’s GAA Club, Birr.

Coicís dár gcionn bhí a leithéid aimsithe agus imríodh trí chluiche i gCraobh Iomána Uíbh Fhailí ar pháirc ar imeall an bhaile arbh le fear a raibh Johnny Farrell mar ainm air í. 200 slat ar a fad agus 100 slat ar a leithead a bhí sí, ach nuair a lean coicís chruatain, idir shioc, shneachta agus fhlichshneachta na cluichí ba thúisce sin, bhí sé ina fhaitíos go mbeadh an pháirc ina plabar ar an lá mór. Ní raibh mar gur tháinig triomach – rud a theastaigh mar go mba chosnocht a d’imir na hiománaithe.

Tuirseach go maith déarfainn a bhí na cosa a bhí faoi bheirt d’imreoirí Mhílic, John Lowery agus John Madden faoin am ar tháinig uair na cinniúna. Ní raibh siadsan ag an gcrosbhóthar ceart an mhaidin Dhomhnaigh sin nuair a tháinig an cóiste capall a bhí leis an bhfoireann a bhailiú agus ní raibh ag an mbeirt ach tabhairt faoin aistear 12 míle de shiúl a gcos agus iad ag sodar.

Agus leath den aistear déanta acu ag Droichead Bheannchair, stopadar i dteach ósta Galbraith’s gur óladar pionta pórtair agus gur itheadar bullóg aráin a chosain pingin.

Ar theach an óil freisin a rinne a gcomrádaithe as Míleac a fuair bealach sa gcóiste. Ní móide go raibh fúthu sin a ól ach an ceann, ach agus iad á dhiúgadh chuala siad ráfla go raibh aighneas i gcampa a gcéilí comhraic agus nach mbeidís san ag teacht ar an láthair beag ná mór. Chaitheadar siar cúpla ceann eile.

Bhí bunús lena raibh cloiste acu freisin mar gur tharla easaontas dhá oíche roimhe sin nuair a roghnaíodh an fhoireann a sheasfadh an fód do Dhurlas. Agus sin déanta d’iarr a gcaptaen Long Dinny Maher go n-íocfaí cúiteamh leis na himreoirí as an gcaiteachas a bhain le taisteal chuig na cluichí a bhí imeartha acu go dtí sin sa gcraobh. Nuair a diúltaíodh dó, d’fhógair sé féin agus seachtar dá chomrádaithe nach mbeidís sásta a dhul go Biorra.

Chaith oifigigh Dhurlas an lá dár gcionn ag cuardach na gclubanna agus na bparóistí máguaird gur tháinig siad ar sheachtar eile de scoth na n-iománaithe. Thuigeadar go mbeidís ag sárú na rialacha, ach bhíodar sásta a dhul sa seans ar an gcuntar nach móide go n-aithneodh muintir Mhílic thar a chéile iad.

Maidin Domhnaigh agus an traein a bhí ag tabhairt na foirne go Biorra ag fágáil stáisiún Dhurlais bhain Long Dinny agus a chomrádaithe an láthair amach agus dúirt go raibh siad tagtha ar athrú intinne agus sásta anois a dhul chun imeartha. Fágadh ina seasamh ar an ardán iad.

Le teacht Dhurlais bhailigh iománaithe Mhílic iad féin in Óstán Chuinneagáin agus mháirseáil an dá fhoireann – 42 imreoir ar fad – trí shráideanna Bhiorra chomh fada leis an bpáirc. De ghnáth bheadh banna ceoil á dtionlacan, ach ní raibh an geábh seo mar go raibh Banna Práis Chill Chormaic ag seinm ag agóid a bhí ar siúl gar de láthair agus a bhain le díbirt tionónta dá chuid talún.

Fear darbh ainm Pádraig de Faoite a raibh siopa búistéara aige i mBiorra agus a bhí ina rúnaí ar Choiste Contae CLG Uíbh Fhailí a bhí i mbun réiteoireachta. Ba as Tuaim Uí Mheára ó dhúchas dó, ach bhí ráite ag muintir na Gaillimhe nach raibh amhras ar bith orthu go mbeadh sé claonta. Nuair a chaith an Faoiteach isteach an liathróid bhí tús curtha le Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann den chéad uair.

‘Coimhlint fhíochmhar’ a tugadh ar an imirt a rinneadh sa gcéad leath, ach níor facthas aon scór, rud nárbh ábhar iontais é i gcluichí iomána na linne.

‘Níos fíochmhaire fós’ a bhí an dara leath agus faoi dheireadh fuair Durlas ‘cúilín géillte’ nuair a chuir duine de chosantóirí Mhílic an liathróid amach thar a líne chúil féin. Faoi athrú rialach a tugadh isteach dhá mhí roimhe sin, ba bhuille saor 45m a bheadh le fáil ag an bhfreasúra as a leithéid (mar a bheadh ceann 65m inniu), ach ba faoi na seanrialacha a cuireadh tús leis an gCraobh agus ba iad a bhí i réim sa gCluiche Ceannais. Dá  bharr sin fuair Durlas an ‘scór géillte’, arbh fhiú dhá chúilín é ar an gclár.

Amach sa dara leath thug John Lowery iarraidh dá chamán do chéile comhraic agus b’éigean dó imeacht den pháirc – tá malairt tuairime ann arbh amhlaidh a dhíbir an réiteoir é nó arbh é a chaptaen féin nó a bhainisteoir a d’ordaigh dó imeacht, nós a bhí coitianta ag an am. Ar aon dath bhí port Mhílic seinnte faoin tráth sin, scóráil Durlas cúl agus bhuaigh, 1-2 in aghaidh 0-0.

Iompraíodh an captaen buacach James Stapleton ar ghuaillí, mháirseáil an dá fhoireann taobh ar thaobh i gcruth mhíleata ar ais chuig baile Bhiorra áit ar shuíodar síos chun béile san óstán a d’fhágadar cúpla uair an chloig roimhe.

Fág freagra ar '‘Wanted: A field suitable for hurling within a mile of Birr’ – an chéad chluiche ceannais iomána'