Vóta faoin dara reifreann geallta ag May mar chuid den phlean is déanaí aici

D’fhógair May a 'margadh nua' Breatimeachta d’fheisirí tráthnóna agus í ag prapáil chun iarracht eile a dhéanamh an comhaontú aistarraingthe a chur tríd Westminster sula bhfágfaidh sí Sráid Downing

Vóta faoin dara reifreann geallta ag May mar chuid den phlean is déanaí aici

Tá sonraí tugtha ag Theresa May i dtaobh an phlean is déanaí aici maidir leis an mBreatimeacht.

Dúirt May tráthnóna go mbeidh dualgas ó thaobh dlí sa bhille Breatimeachta vóta a reáchtáil maidir le cé acu ar chóir nó nár chóir an dara reifreann a reáchtáil. 

Dúirt Príomh-Aire na Breataine go ndéanfadh an pharlaimint gach ab fhéidir chun nach mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann.

D’fhágfadh sin nach mbeadh de rogha ag feisirí parlaiminte ach a margadh Breatimeachta nó reifreann nó olltoghchán.

B’ionann vóta eile i gcoinne an chomhaontaithe Bhreatimeachta agus vóta chun an Breatimeacht a chur ar cheal, a dúirt sí. Dúirt sí gurb é a ‘margadh nua’ an seans deireanach ag feisirí parlaiminte an Breatimeacht a chur i gcrích.

Margadh ‘nua’ atá á thabhairt ag May ar an bplean is déanaí aici agus í ag iarraidh an comhaontú leis an AE a chur tríd Westminster. 

Táthar in amhras áfach gurb í an chinniúint chéanna atá i ndán don iarracht is déanaí seo dá cuid tabhairt ar fheisirí parlaiminte glacadh leis an margadh ar dhiúltaigh siad dó faoi thrí cheana.

D’fhógair May a margadh nua Breatimeachta d’fheisirí tráthnóna agus í ag prapáil chun iarracht eile a dhéanamh an comhaontú aistarraingthe a chur tríd Westminster sula bhfágfaidh sí Sráid Downing.

Mhaígh Príomh-Aire na Breataine tráthnóna go gcuirfí ceangal dlí ar an rialtas a chinnteodh nach gcuirfí isteach ar shláine an Aontais Eorpaigh leis an gcúlstop, an polasaí árachais a cuireadh sa mhargadh ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dúirt sí go mbeadh ceangal dlí ann socruithe eile seachas an cúlstad a bheith aontaithe roimh dheireadh 2020, rud a chiallódh, a dúirt sé, nach mbeadh aon ghá ar chor ar bith leis an gcúlstad.

Chun go n-éireodh le May a margadh a chur tríd glactar leis go mbeadh uirthi cuid mhaith d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre a mhealladh. Chuige sin bheadh gá le géilleadh maidir le socruithe custam agus ceist an dara reifreann.

Gheall sí go ndéanfaí socrú dlí a d’fhágfadh go gcaithfidh feisirí Eorpacha cinneadh a dhéanamh faoin aontas custam agus faoin dara reifreann. Fágann sin go mbeidh vóta ann faoin dara reifreann a reáchtáil faoin margadh aistarraingthe mar chuid den bhille Breatimeachta.

Dúirt May go raibh socruithe eile déanta anois chomh maith i dtaobh cearta oibrithe agus cúrsaí timpeallachta. Gheall sí chomh maith go mbeadh ról níos mó ag an bparlaimint i leagan amach an chéad bhabhta eile cainteanna dá nglacfaí lena margadh. 

Tagann an ráiteas is déanaí ó May sna sála ar fholáireamh an Tánaiste Simon Coveney go bhfuil baol níos mó ar Bhreatimeacht gan mhargadh faoi láthair ná mar a bhí aon uair eile le dhá bhliain go leith anuas.

Dúirt Coveney go bhféadfaí Breatimeacht crua a sheachaint ach go raibh teipthe ar an mBreatain aon réiteach ar na fadhbanna a fháil.

Fág freagra ar 'Vóta faoin dara reifreann geallta ag May mar chuid den phlean is déanaí aici'