Vóta caite ag coiste Seanadóirí i SAM ar son ainmniúchán Brett Kavanaugh chun na Cúirte Uachtaraí ach fiosrú FBI á lorg

Díreach sular caitheadh vóta inniu ag Coiste Seanaid, moladh go gceadófaí fiosrú de chuid an FBI roimh vóta an tSeanaid féin faoi ainmniúchán conspóideach Brett Kavanaugh ach tá an bealach réidh anois dá cheapachán

Vóta caite ag coiste Seanadóirí i SAM ar son ainmniúchán Brett Kavanaugh chun na Cúirte Uachtaraí ach fiosrú FBI á lorg

Tá glactha tráthnóna ag coiste Seanadóirí i Meiriceá le hainmniúchán Brett Kavanaugh chun na Cúirte Uachtaraí sa tír sin, i ndiaidh éisteacht phoiblí inné a bhain siar as pobal na tíre sin.

Cuireadh cor eile sa dráma a bhain leis an ainmniúchán ag an nóiméad deiridh, áfach, nuair a d’iarr an Seanadóir Jeff Flake go ndéanfaí Kavanaugh a fhaomhadh ach go gcuirfí moill ar an vóta deiridh sa Seanad féin chun deis a thabhairt don FBI fiosrú seachtaine a dhéanamh faoi na líomhaintí in aghaidh an bhreithimh.

Díreach de réir a ndílseacht dá bpáirtithe a vótáil na Seanadóirí ar an gcoiste a d’fhaomh Brett Kavanaugh, an té a d’ainmnigh an tUachtaráin Donald Trump don Chúirt Uachtarach.

Vótáil an 11 Poblachtánach ar an gcoiste ar son an ainmniúcháin, agus vótáil an deichniúr Daonlathach ina choinne.

Léiriú ab ea toradh na vótála ar a dheighilte is atá saol na polaitíochta i Meiriceá faoi láthair agus ar an teannas,  an chorraíl agus crá croí a bhain le héisteacht shuaithinseach an lae inné nuair a chuir an Dr Christine Blasey Ford i leith Brett Kavanaugh go ndearna sé ionsaí gnéis uirthi i 1982, líomhain ar shéan Kavanaugh go fíochmhar é.

Ba léir níos luaithe inniu go mbeadh an lá le hainmniúchán Trump nuair a d’fhógair an Seanadóir Jeff Flake, an t-aon Seanadóir Poblachtánach ar an gcoiste a raibh amhras ann faoi cén chaoi a vótálfadh sé, go dtacódh sé le Kavanaugh.  D’fhógair an Seanadóir Flake roimh an vótáil inniu, áfach, go raibh sé ag tacú leis an ainmniúchán ar an dtuiscint go gceadófaí fiosrú de chuid an FBI roimh vóta an tSeanaid féin, fiosrú nach mairfeadh níos mó ná seachtain agus a bheadh teoranta ó thaobh ábhair de. Bheadh sé sásta iarratas ar a leithéid d’fhiosrú a chur chuig an Teach Bán é féin, a dúirt Flake, Níl an t-údarás ag an gcoiste féin fiosrú mar sin a lorg.

In ainneoin na moille atá molta, fágann cinneadh an choiste go bhfuil an bealach réidh anois do vóta sa Seanad féin agus do cheapachán Kavanaugh.

Is cinnte go mbeidh tionchar mór ag eachtraí stairiúla na seachtaine seo ar thoghcháin lártéarma mhí na Samhna. Bheadh na Daonlathaigh ag súil go ngríosódh an fhearg mhór atá ar chuid mhór den phobal faoi ainmniúchán Kavanaugh daoine chun vótáil ar a son.

Ar an dtaobh eile den scéal, bheadh na Poblachtánaigh ag súil go n-éireodh leis an iarracht a rinne siad an chonspóid a chur i láthair mar chomhcheilg agus feachtas géarleanúna de chuid na nDaonlathach.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag coiste Seanadóirí i SAM ar son ainmniúchán Brett Kavanaugh chun na Cúirte Uachtaraí ach fiosrú FBI á lorg'