Víreas zika: an plá is nua i Meiriceá Theas

Agus ardú ollmhór ar líon na bpáistí atá ag teacht ar an saol a bhfuil an neamhord néareolaíoch microcephaly orthu, tá géarleanúint á déanamh i Meiriceá Theas ar an míoltóg a scaipeann fiabhras dengue, fiabhras chikungunya agus an víreas zika

Mosquito_sucking_blood

Ní hiad foréigean, easpa deiseanna agus aeráid atá ag éirí níos teo atá ag déanamh imní do mhná atá ag iompar sa leath ó thuaidh de Mheiriceá Theas faoi láthair, ná fiú amháin an t-ainm a thabharfaidh siad ar an ngin ina mbroinn, ach míoltóg riabhach darb ainm Aedes Aegypti. Scaipeann an mhíoltóg seo trí cinn de ghalair atá ar bharr a dteanga ag muintir thíortha ar nós na Brasaíle, na Colóime agus Meicsiceo: fiabhras dengue, fiabhras chikungunya agus an víreas zika. Cé go bhfaigheann os cionn míle duine bás in aghaidh na bliana ón bhfiabhras dengue le fada an lá agus cé gur mharaigh an fiabhras chikungunya na céadta duine sa réigiún le cúpla bliain anuas, is é an víreas zika, nach bhfuil chomh marfach céanna, an chloch is mó ar phaidrín na n-údarás sláinte faoi láthair.

Creidtear go bhfuil nasc idir an víreas zika agus líon ard na leanbh atá tagtha ar an saol sa réigiún le roinnt mhíonna anuas a bhfuil an neamhord néareolaíoch microcephaly orthu, a fhágann go bhfuil blaosc an pháiste róbheag le go mbeadh forbairt normálta ar an intinn. Ní bhíonn fad saoil i ndán do dhaoine a bhfuil an neamhord néareolaíoch seo orthu de ghnáth agus níl leigheas ar fáil. De réir figiúirí ó Roinn Sláinte na Brasaíle tháinig breis agus trí mhíle go leith páiste ar an saol go dtí seo sa tír sin amháin a gcreidtear a bhfuil microcephaly orthu toisc gur tholg a máithreacha an víreas zika nuair a bhíodar ag iompar.

As dufair lár na hAfraice don víreas zika ó thús agus creidtear go forleathan, cé nach bhfuil fianaise chríochnaitheach ann, gur le linn Chorn an Domhain, a eagraíodh sa Bhrasaíl sa bhliain 2014, a tháinig an galar go Meiriceá Theas. Toisc go dtabharfaidh na Cluichí Oilimpeacha a bheidh ar siúl i gcathair Rio de Janeiro i Mí Lúnasa na scórtha míle duine ó gach cearn den domhan go dtí an Bhrasaíl i mbliana, tá imní á léiriú ag tráchtairí áirithe go mbeidh sláinte na gcuairteoirí i mbaol agus go scaipfí an galar fud fad an domhain tar éis na gCluichí. I ngeimhreadh an leathsféir theas a bheidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl, áfach, agus ní bhíonn an mhioltóg a scaipeann an víreas zika, an fiabhras dengue agus an fiabhras chikungunya leath chomh forleathan an tráth sin den bhliain.

Mar sin féin, tá comhairle á cur ag údaráis sláinte na Stát Aontaithe ar mhná atá ag iompar clainne an Bhrasaíl, Meicsiceo agus nach mór gach uile thír idir eatarthu a sheachaint.

Ar ndóigh, níl an deis sin ag mná a bhfuil cónaí orthu sa réigiún. Tá dlús á chur le taighde sa Bhrasaíl d’fhonn teacht ar vacsaín i gcoinne an víreas zika, ach idir an dá linn níl ach bealach amháin ann chun dul i ngleic leis an ngalar seo, an fiabhras chikungunya agus an fiabhras dengue: géarleanúint a dhéanamh ar an míoltóg a scaipeann iad.

Fág freagra ar 'Víreas zika: an plá is nua i Meiriceá Theas'

  • padraig

    Ba cheart go mbeadh ‘rogha foláirimh’ ag gabháil leis an alt seo i ngeall ar an bpeictiúr sin! Yuggh….An réabadh ó thóin atáthar a dhéanamh ar na dufair chéanna mar aon leis an sléacht atáthar ag imirt ar an gcomhshaol, trí chéile, go síoraí seasta, is trúig le han-chuid de na haicídí agus de na víris sin atá ag teacht chun cinn ar fud na cruinne. Ní fada uainn plá éaguimseach éachtach eile a scuabfaidh na milliúin chun siúil ach tá súil agam go bhfuil dearmad orm. I ndáil leis an gcomhshaol etc níl aon chuimhneamh ag daoine ar a lorg carbóin aonair féin a laghdú, áfach, go fóill ar aon chuma. Chaithfeadh an t-uisce a bheith ag lapadaíl ar an magairlí (etc) acu chun go dtuigfí go bhfuil máthair na ndúl i ndeireadh na feide, nach bhfuil inti ach an dé. Féach go bhfuil carranna VW ar bharr an liosta i gcónaí anseo in Éirinn ó thaobh díolacháin de, sciob sceab orthu in abhantrach na Sionnainne?