Veni, vidi, vici – Vardy

Tráchtann ár gcolúnaí ar an scéal suimiúil a bhaineann le Jamie Vardy, an naoscaire is mó is cúis le Leicester City a bheith ag déanamh go maith i bPríomhroinn Sraithe Sacair Shasana

Jamie Vardy. Pictiúr: INPHO/Gary Carr
Jamie Vardy. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

M’fhearacht fhéin, is maith an seans gur beag trácht a chuala tú ariamh ar bhaile Stocksbridge atá tuairim seacht mile ó thuaidh de Sheffield i ndeisceart Yorkshire, áit a bhfuil sé neadaithe faoi bhun ‘chnámh droma Shasana’, Sléibhte Pennine.

Is lú ná sin seans atá ann gur chuala tú aon chaint ar fhoireann sacair an bhaile, na Stocksbridge Park Steels ná ar an EvoStik League ina n-imríonn siad. Ní milleán sin duit mar go bhfuil sé seacht roinn faoi bhun na Príomhroinne.

Tá tuairim is 12,000 duine ina gconaí i Stocksbridge. Tráth den tsaol, chuaigh an príomhbhóthar as Sheffield go Manchester trína cheartlár – tógadh seachbhóthar i 1988. An bhliain chéanna sin, rinne Margaret Thatcher príobháidiú ar thionscal na cruaiche as a bhfuair foireann Stocksbridge a n-ainm. Bhí uair ann nuair a bhí os cionn ocht míle duine ag obair sa muileann ansiúd. 500 atá fostaithe faoi láthair ann. Intuigthe go maith, níl aon bhall de Pháirtí Coimeádach tofa ar Chomhairle an bhaile faoi láthair.

Ach má ruaig polasaí Thatcher an chruach as Stocksbridge, chinn uirthi an miotal a ruaigeadh as na daoine ansiúd. Ní haon ribín réidh iad Tuaisceartaigh Shasana agus lá ar bith feasta anois osclóidh na Steels seastán nua atá tógtha ar a bpáirc in Bracken Moor, áit a bheadh ag dul thar maoil ag 2,000 duine.

In omós do laoch áitiúil a ainmeofar an seastán. Fear a chaith tús a shaoil imeartha leis na Steels agus a bhí fós san EvoStik League agus ag obair i monarcha beagán le cois trí bliana ó shin. Inniu ‘sé Jamie Vardy príomhscórálaí an Barclays Premier League agus is leis-sean agus lena chlub Leicester City a bhaineann príomhscéala an tséasúir.

I dtús na bliana 1987 a rugadh Vardy agus in aois a 16 bliain, thug Sheffield Wednesday le fiois dó go mba é a mbarúil nach mbeadh sé maith a dhóthain le slí mhaireachtála a bhaint amach sa gcluiche ab ansa leis. Dá réir, fuair sé job monarcha ina raibh maidí croise agus a leithéid á ndéanamh agus thosaigh sé ag imirt leis na Stocksbridge Park Steels lenar chaith sé trí bliana. £15,000 a fuaireadar air nuair a dhíol sé é le foireann eile sa Northern Premier League – Halifax Town.

Fuaireadar siúd luach a gcuid airgid nuair a scóráil Vardy 26 cúl dóibhsan i 2010 rud a tharraing aird air. As sin bhog sé beagán chun cinn – ní i bhfad é – chomh fada le Fleetwood Town sa Conference Premier. 36 cúl a scóráil sé dóibh siúd, ‘Imreoir na Bliana’ acusan, mar a bhí ag Halifax an bhliain roimhe.

Céim mhór chun tosaigh ab ea an chéad cheann eile, chomh fada le Leicester City, a bhí ag imirt sa Championship an uair sin – táille £1 milliún i mBealtaine na bliana 2012, an tsuim ba mhó a tugadh ariamh ar imreoir nach raibh sna príomhshraitheanna.

Ba é David Nugent príomhscórálaí Leicester i séasúr 2013-14 nuair a bhuaigh siad an Championship agus ardú céime chun an Premiership, 20 cúl aige, ceithre cinn níos mó ná a fuair Jamie Vardy.

An séasúr seo caite, chríochnaigh siad sa 14ú háit ansiúd agus nuair nár scóráil Vardy ach 5 chúl sna 34 cluiche sraithe a d’imir sé. Drochmhargadh a mheas go leor agus in olcas a chuaigh rudaí nuair a tugadh bóthar don té a cheannaigh é, Nigel Pearson, i mí Meithimh, dhá mhí tar éis dó gradam ‘Bainisteoir na Míosa’ a bhuachan.

Ach, ó thosaigh Premiership an tséasúir seo, tá Vardy trí lasadh. Scóráil sé sa gcéad chluiche in aghaidh Sunderland, ghlac sos coicíse ansin ach ó shin, tá cúl na heangaí aimsithe aige i ngach cluiche sraithe atá imeartha aige – shroich sin 11 cluiche as a chéile nuair a fuair sé cúl in aghaidh Manchester United an deireadh seachtaine seo caite, curiarracht nua sa bPremiership.

Cé nach bhfuil sé ach 5’ 10” agus 12 clocha meáchain, tá Vardy cróga, láidir lúfar, thar a bheith scafánta, go maith san aer agus go síoraí ar an ionsaí – na tréithe ar fad a theastaíonn ó thosach sa gcluiche a chleachtann sé.

Gan dabht ní bheadh Leicester ar bharr an Premiership, buaic a shroich siad de bharr a mbua 3-0 ar Swansea inné, murach éachtaí scórála Jamie. Is iad is mó a bhfuil scóráil déanta acu ó thús an tséasúir, dhá chúl níos mó amisithe acu ná atá ag Arsenal atá sa dara háit agus trí chúl sa mbreis ar Manchester City agus Manchester United. Luach £70 milliún atá ar fhoireann iomlán Leicester. Bheadh luach beagnach billiún punt ar imreoirí na 3 chlub eile.

Díol imní dóibh is dócha gur iad  Vardy agus  Riyad Mahrez a scóráil 24 de na 32 cúl atá acu, go bhfuil formhór na bhfoirne is iomráití sa gcomórtas le n-imirt fós acu – faoi dhó i gcásanna go leor, agus gur bhuaigh Arsenal 5-2 orthu ag deireadh mhí Mheán an Fhómhair. Ní maith an comhartha ach an oiread é go bhfuil go leor cúl á ngéilleadh acu – ag na 5 fhoireann is ísle ar an tábla agus ag Chelsea amháin atá níos mó géillte go dtí seo.

Is le Téalannach de bhunú na Síne, Vichai Srivaddhanaprabha, a rinne a shaibhreas as siopaí saor ó dhleacht, an club. Tá a chuid peileadóirí chomh hiltíreach leis féin – seachtar Sasanach, Breathnach agus meascán eile as an Danmhairg, an Bheilg, Iamáice, An Fhrainc, Gána, An Chróáit, an tSeapáin, an Airgintín, an Ailgéir, an Pholainn, An Ostair, an Túinéis, an Astráil agus an Eilbhéis.

Is deacair acu uilig a chéile a thuiscint, déarfainn, ach is cuma leo fad agus a choinneos Jamie Vardy air ag cur boilg ar an eangach! Bainfear sásamh freisin ar na cúil in Bracken Moor.

Fág freagra ar 'Veni, vidi, vici – Vardy'