Cluiche crua i ndán d’Éirinn agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhathaigh na Fraince

Scóráil Éire 20 cúl sna sé chluiche a bhí acu i Sraith na Náisiún ach seans gur ag filleadh ar an stíl chosantach a bheidh siad thall i Metz anocht

Cluiche crua i ndán d’Éirinn agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhathaigh na Fraince

An Fhrainc v Éire – Metz, 8.10in (Beo ar RTÉ2)

Gheofar léargas ar aon dul chun cinn atá déanta ag foireann na hÉireann faoi cheannas Eileen Gleeson anocht nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar an bhFrainc sa chéad chluiche sna babhtaí cáilithe do EURO 2025.

Ghlac Gleeson stiúir ar an bhfoireann tar éis don FAI slán a fhágáil le Vera Pauw i ndiaidh Chorn an Domhain anuraidh agus cé gur éirigh go hiontach leis an bhfoireann i Sraith na Náisiún, tá cluichí níos deacra rompu agus iad chun aghaidh a thabhairt ar phéire de na trí fhoireann is fearr ar domhan idir seo agus oíche Dé Máirt seo chugainn.

Chomh maith leis an gcluiche anocht in aghaidh na Fraince, imreoidh Éire i gcoinne Shasana, seaimpíní na hEorpa, i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Ní éireoidh rudaí mórán níos éasca ina dhiaidh sin ach an oiread agus an tSualainn, atá sa séú háit ar rangú domhanda FIFA, ar an bhfoireann eile atá caite isteach linn i nGrúpa A3.

Scóráil Éire 20 cúl sna sé chluiche a bhí acu i Sraith na Náisiún ach seans gur ag filleadh ar an stíl chosantach a bhí ag an bhfoireann faoi cheannas Pauw a bheidh muid anocht chun na Francaigh a choinneáil amach.

Buille é d’Éirinn go bhfuil cosantóir Liverpool Niamh Fahey tar éis tarraingt amach as an scuad de bharr gortú a bheith ag cur as di ach tá neart roghanna ag Gleeson i lár na cosanta. Tá sé nach mór cinnte go dtosóidh Louise Quinn agus Caitlín Hayes agus cé go mbíodh Megan Connolly ag imirt sa chosaint ag Pauw, tá éirithe go maith léi ó chuir Gleeson ar ais go lár na páirce í.

Is mó seans mar sin go bhfeicfidh muid Diane Caldwell nó Aoife Mannion taobh le Quinn agus Hayes anocht, nó d’fhéadfadh gurb í an bean nua, Anna Patten, a bheidh ann. D’imir Patten do Shasana faoi aois ach fuair sí cead imirt d’Éirinn i rith na seachtaine. Tá ceangal láidir ag Patten leis an nGaeltacht, is léir agus é ráite aici gurb as an bhFál Carrach dá seanathair agus gurb as Leitir Móir dá seanmháthair, bean de mhuintir Chonaire.

Pé imreoirí a bheidh ag imirt, is mór an dúshlán atá rompu an Fhrainc a choinneáil amach. Bheadh díomá ar na Francaigh nár éirigh níos fearr leo ag Corn an Domhain, fuair an Astráil an ceann is fearr orthu sna babhtaí ceathrú ceannais, ach níl aon amhras ach go bhfuil siad ar cheann de na foirne is fearr ar domhain.

Scóráil Maëlle Lakrar (2) agus an naoscaire Eugénie Le Sommer na cúil nuair a bhuail an Fhrainc Éire 3-0 i gcluiche dúshláin roimh Chorn an Domhain anuraidh agus tá Marie-Antoinette Katoto, Delphine Cascarino agus Kadidiatou Diani i measc na dtosaithe a gcaithfidh Éire smacht a choinneáil orthu thall i Metz anocht.

Beidh Éire arís ag brath ar Katie McCabe agus Denise O’Sullivan chun na deiseanna a chruthú dóibh, go háirithe ó chiceanna saora agus ó chiceanna cúinne.

Tá naoi gcinn de chluichí as a chéile idir na foirne buaite ag an bhFrainc. Ní mór dul siar go dtí 1978 don uair dheireanach nár chaill Éire. Comhscór 0-0 a bhí ann an oíche sin. Gaisce a bheadh ann dá n-éireodh leis an bhfoireann seo an toradh céanna a fháil i Metz.

Fág freagra ar 'Cluiche crua i ndán d’Éirinn agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhathaigh na Fraince'