Ordú dianghlasála i bhfeidhm i Westminster i ndiaidh eachtraí foréigneacha

Tá na póilíní ag caitheamh le heachtraí foréigneacha a tharla i Westminster tráthnóna mar eachtraí sceimhlitheoireachta go fóill

Ordú dianghlasála i bhfeidhm i Westminster i ndiaidh eachtraí foréigneacha

Tá sé deimhnithe ag na póilíní go bhfuiltear ag caitheamh le heachtraí foréigneacha a tharla i Westminster tráthnóna mar eachtraí sceimhlitheoireachta.

Tuairiscítear gur scaoileadh urchair le fear i ndiaidh do phóilín a bheith sáite i Wesminster Londan tráthnóna agus go bhfuil práinn slándála fógartha sa cheantar.

In eachtra eile tiomáineadh carr faoi dhaoine a bhí ag siúl ar dhroichead Westminster. Tuairiscítear go bhfuil duine de na coisithe ar bhuail an carr fúthu tar éis bháis agus gur gortaíodh ar a laghad deichniúr sna heachtraí.

De réir teachtaireachtaí a chuir idir iriseoirí agus pholaiteoirí amach ar Twitter chualathas torann mór gar de thithe parlaiminte Londan luath tráthnóna. Tuairiscíodh go bhfacthas fear le scian ar thailte phálás Westminster agus go raibh cóir leighis á cur ar phóilín a gortaíodh. De réir na dtuairiscí, lámhach na póilíní fear na scine.

Cuireadh an Pharlaimint  ar fionraí agus dúradh le polaiteoirí agus foireann Westminster gan bogadh amach. Tá stáisiún traenach Westminster dúnta chomh maith.

Thug póilíní Scotland Yard le fios gur cuireadh fios orthu maidir le heachtra inar gortaíodh roinnt daoine ar dhroichead Westminster.

 

 

 

Fág freagra ar 'Ordú dianghlasála i bhfeidhm i Westminster i ndiaidh eachtraí foréigneacha'