Cad atá ar siúl amuigh ar an bhfarraige, thart timpeall ar chósta thuaidh na hEorpa? Ach níos tábhachtaí ná sin, cad atá ar siúl faoin bhfarraige agus ar chóir dúinn a bheith imníoch faoi?
Agus é ag trácht ar an ábhar sin an tseachtain seo caite – léirigh an Taoiseach imní faoin ‘mbonneagar faoin bhfarraige’ – go háirithe cáblaí agus ceangaltáin gháis.’
Níl ann ach cúpla mí ó bhí mé féin ar cuairt chuig tíortha ar an Mhuir Bhailt -An Eastóin, An Laitvia agus An Liotuáin. Ní raibh lá nach raibh tuairiscí ansin faoi ionraí dróin agus imní ar gach éinne gurb í an Rúis a bhí taobh thiar díobh.
Lean sé sin ar aghaidh agus ó shin chonacthas dróin anathnaid ag teacht thar theorainneacha eile – an Ghearmáin, An Pholainn agus an Ísiltír ina measc.
Anois, le cúpla seachtain tá aird na hEorpa á díriú síos faoin bhfarraige – na huiscí a shíneann ón Mhuir Bhailt anoir go dtí na farraigí thart orainne.
Is cosúil go bhfuil imní ar na rialtais éagsúla sna ceantair sin, go bhfuil An Rúis i mbun spiaireachta nó rud níos measa, leis an long an ‘Yantar’.
Luaitear figiúr dochreidte ard le luach an bhonneagair atá faoin bhfarraige ó thuaidh – díreach an áit a raibh an long Rúiseach ag ‘póirseáil’ thart. Dúirt iarAimiréal de chuid Chabhlach Ríoga na Breataine, Tom Sharpe, gur mheas seisean go raibh luach $7 trilliún sna hidirbheartais airgeadais a bheadh ag dul trí na gcáblaí idir an Bhreatain agus Meiriceá sna farraigí sin gach lá.
Cén bhaint atá againne leis an scéal seo? Nach bhfuil muidne neodrach? Agus nach bhfuil an Bhreatain scoite amach ón Eoraip, de bharr an Bhreatimeachta?
Bhí clár iomlán nuachta ag an BBC an oíche cheana faoin scéal seo, agus go háirithe na cáblaí a shíneann amach faoin bhfarraige i ngach treo. Bhí Éire ansin go soiléir ar an mapa ar an scáileán agus cáblaí ag dul soir siar uainn. Mapa den bhonneagar atá ag an Ríocht Aontaithe a bhí ann, ach is díol suntais é chomh mór agus atáimid uilig ceangailte lena chéile.
B’fhéidir nár mheas éinne nuair a tosaíodh ag leagan na gcáblaí i dtús ama go mbeadh aon chaint ar neodracht, i gcomhthéacs na gcáblaí céanna.
Tugann na Rúisigh ‘Long Taighde Aigéin’ ar an Yantar. Ach, tá tíortha san Eoraip a cheapann go bhfuil sé mar mhisean aici cáblaí na hEorpa faoin bhfarraige a mhapáil, agus tuilleadh nach é.
Roinnt laethanta ó shin, tuairiscíodh gur úsáid an ‘Yantar’ léasair le píolótaí de chuid an RAF a chur dá dtreo. Bhí na heitleáin sin ag coinneáil súil ar an Yantar toisc imní a bheith ar gach tír sa réigiún faoin obair atá ar siúl acu. D’fhógair Aire Cosanta na Breataine go raibh a fhios acu cad a bhí ar siúl ag na Rúisigh agus go mbeidís ‘réidh’ dá gcoinneodh an Yantar uirthi ag seoladh ó dheas.
Agus cad fúinne? Cad a tharlódh dá ngabhfadh an long thar an teorainn s’againne ar an gcósta thiar, abair? An mbeimis ‘réidh’?
Go hoifigiúil is long taighde í an Yantar. Tuigtear go bhfuil gach áis teicneolaíochta is nua-aimseartha ar bord aici. Deirtear go bhfuil fomhuireáin bheaga aici ar féidir iad a stiúradh ón long féin, agus go bhfuil siad in ann seoladh síos faoin bhfarraige go dtí na mílte, mílte méadar ar domhain. Ar ndóigh, d’fhéadfaidís na cáblaí a aimsiú agus a mhapáil, ach níos measa, d’fhéadfaidís na cáblaí a ghearradh agus níl a fhios cén damáiste a dhéanfaí dá bharr.
Chuir sé i gcuimhne dom an scéal a léigh mé le gairid faoin gCaptaen Halpin as Cill Mhantáin. B’as an mbaile féin é – tá an teach ósta inar rugadh é fós breá feiceálach i lár an bhaile. Liostáil sé i gcabhlach na Breataine i dtús an 19ú haois. Bhain sé cáil ar leith amach mar chaptaen ar longa a leag na cáblaí teileagraif trasna an Aigéin Atlantaigh. Ní gan dua a rinneadh é sin agus b’iomaí eachtra is damáiste a tharla do na cáblaí le linn dóibh a bheith á scaoileadh síos go grinneall na farraige. Ceapadh ar feadh tamaill go raibh Fíníní ar bord na loinge agus go raibh siadsan ag déanamh loitiméireacht ar an gcábla.
Bhris an cábla in áiteacha éagsúla sna chéad iarrachtaí a rinne siad – amanta nuair a bhíodar gar do chósta Mheiriceá nó Cheanada. Ach choinnigh siad orthu le modhanna nua agus ábhar níos fearr in úsáid acu ag cosaint na gcáblaí, go dtí ar deireadh, gur éirigh leo. Agus ansin, bhí cumarsáid nua-aimseartha idir Meiriceá agus tíortha na hEorpa.
Nuair a tharla na scoilteanna sa chábla agus iad á ligean síos sa bhfarraige, b’éigean dóibh dul ag cuartú ar ghrinneall na farraige le cineál ‘croch thógála’ agus iad ag iarraidh teacht ar cheann an chábla.
Sa lá inniu, 160 bliain i ndiaidh leagan an chéad chábla sin, tá fomhuireáin bhídeacha, gan aon duine ar bord iontu, in ann an jab céanna a dhéanamh. Tá, agus jab níos contúirtí a dhéanamh freisin. D’fhéadfaidís síocháin agus slándáil a chur i mbaol gan mórán stró.
Cad atá muidne in ann a dhéanamh faoi? Sa bhliain 2022, d’éirigh le dream iascairí ó Tháirgeoirí Éisc an Deiscirt agus an Iarthair, cur isteach ar chleachtadh a bhí beartaithe ag Cabhlach na Rúise sa bhfarraige amach ó chósta na hÉireann. D’fhanadar ag iascach ann go dtí gur bhog na Rúisigh ón áit a bhí roghnaithe acu i gcomhair an chleachtaidh. Ní hé amháin gur láthair sceathraí ag éisc an áit sin a bhí an-tábhachtach do na hiascairí, ach chomh maith leis sin, bhí an láthair díreach os cionn stráice farraige ina bhfuil go leor cáblaí cumarsáide leagtha. Agus tuairiscíodh gurb é seo an chéad uair a roghnaigh an Rúis an píosa farraige sin i gcomhair a cuid cleachtaí míleata.
Ar chuma ar bith, d’athraigh an Rúis cúrsa. Ach b’in cúpla bliain ó shin agus tá an saol míleata féin athraithe go mór ó shin. Is é an cath nach bhfeictear an cath is contúirtí anois. An cath faoin bhfarraige, b’fhéidir, an cath cibeartheicneolaíochta, an chogaíocht le dróin, tá sé sin ar fad ag tarlú anois. Agus ní aithníonn an chogaíocht sin teorainn.
Tá caint faoi long chogaidh a ‘híreáil’ don tréimhse a mbeidh Éire ina huachtarán ar Chomhairle na hEorpa in 2026. Tá caint faoi ‘Balla Drón’ a thógáil san Eoraip le dul i ngleic leis an mbagairt nua ón Ruis. Tá imní ar gach tír, is cosúil.
Ar ndóigh d’fhéadfadh muid dul i muinín scata iascairí freisin, mura n-oireann na socruithe sin dúinn.
Fág freagra ar 'Uisce faoi thalamh faoi uisce'