‘Údar misnigh’ d’Aire na Gaeltachta an chéad phlean teanga d’oileán Gaeltachta a bheith seolta

Sheol an tAire Stáit Jack Chambers plean teanga limistéar pleanála teanga Árainn Mhór inné

‘Údar misnigh’ d’Aire na Gaeltachta an chéad phlean teanga d’oileán Gaeltachta a bheith seolta

Tá an chéad plean teanga d’oileán Gaeltachta seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Sheol an tAire Stáit Jack Chambers plean teanga limistéar pleanála teanga Árainn Mhór inné. Rinneadh an seoladh ag ócáid ar líne a d’eagraigh Comharchumann Oileán Árainn Mhór, ceanneagraíocht pleanála teanga an oileáin.

Faomhadh plean teanga Árainn Mhór in 2018 agus ceapadh oifigeach pleanála teanga an bhliain dár gcionn. Tá an plean teanga anois á chur i bhfeidhm ar an oileán le breis is bliain.

Rinne an tAire Stáit Chambers comhghairdeas leis an gcomharchumann áitiúil agus leis an oifigeach pleanála teanga, Fiona Ní Ghloinn, as an bplean a chur i bhfeidhm.

 “Tuigim go bhfuil ag éirí go maith leis an obair atá déanta faoin bplean cheana féin agus táim cinnte go rachaidh sé ó neart go neart. Is léir go bhfuil pobal gníomhach atá tiomanta don teanga in Árainn Mhór agus ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil le gach aon duine a raibh baint acu leis an bpróiseas.”

Dúirt an tAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, gur “údar misnigh” an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na teanga de ó cuireadh an plean i bhfeidhm.

“Is céim thábhachtach chun cinn í seo don oileán agus don phróiseas pleanála teanga trí chéile. Is ábhar misnigh dom é go bhfuil an oiread dul chun cinn déanta leis an bpróiseas pleanála teanga le déanaí,” arsa an tAire Martin.

“Aithním, ar ndóigh, na dúshláin a bhaineann lena bheith ag maireachtáil ar oileán agus sa chomhthéacs sin ba mhaith liom an t-éacht atá bainte amach ag pobal an oileáin i dtaobh an phlean seo, a thréaslú leo. Táim cinnte go mbeidh dea-thionchar ag cur i bhfeidhm an phlean seo ar labhairt agus nósmhaireacht na Gaeilge ar Árainn Mhór agus go mbeidh a thoradh le feiceáil i gcaitheamh ab ama, agus guím gach rath ar an obair.”

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad. Tá 21 plean teanga ceadaithe go dtí seo. Tá ceithre phlean á meas ag Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire: Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; Bearna is Cnoc na Cathrach agus Oileáin Árann i gcontae na Gaillimhe.

Tá plean teanga don Ghaeltacht Láir i nDún na nGall fós le cur faoi bhráid na Roinne.

Tá 18 oifigeach pleanála teanga agus ceathrar oifigeach cúnta pleanála teanga fostaithe faoin gcóras go dtí seo.

Tá trí Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Tá dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe – Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn – agus tá dhá phlean eile á meas ag an Roinn faoi láthair – Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.

Fág freagra ar '‘Údar misnigh’ d’Aire na Gaeltachta an chéad phlean teanga d’oileán Gaeltachta a bheith seolta'