Údar díomá a laghad giolcacha Gaeilge a bhí ann Lá na Máthairtheangacha

Níorbh aon ábhar maíte líon na ngiolcacha Gaeilge, a deir an tOllamh Kevin Scannell. 27 giolc i nGaeilge a seoladh leis an haislchlib chuí

tweeting-150413_1280

 

Níor seoladh ach 27 giolc i nGaeilge mar chuid den fheachtas #MotherLanguage Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha.

Thug an tOllamh Kevin Scannell le fios do Tuairisc.ie cé gur éirigh go maith leis an bhfeachtas #MotherLanguage in áiteanna eile ar fud an domhain, ní raibh na torthaí chomh spreagúil céanna i nGaeilge.

“D’éirigh go han-mhaith linn san Astráil, áit a raibh tweetanna i níos mó ná 100 teanga bhundúchasach. Ní raibh na torthaí chomh spreagrúil sin i nGaeilge. Bíonn idir 800-900 tweet i nGaeilge ar ghnáthlá. Bhí 805 ann ar 21 Feabhra, ach ní raibh ach 27 ann a luaigh #MotherLanguage nó #IMLD.

“Ní raibh deis agam féachtaint ar tweetálaithe nua i nGaeilge fós – sin é an rud a raibh mé ag súil leis i ndáirire. Agus ní bheidh an deis sin agam an tseachtain seo – tá sé i bhfad níos deacra cuardach den chineál sin a dhéanamh,” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Mar sin féin, tá lucht eagraithe an fheachtais #MotherLanguage ar Twitter an-sásta leis an gcaoi ar éirigh leis an bhfeachtas Dé Sathairn seo caite. Iarradh ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach ina dteanga féin ar feadh an lae chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha an domhain a cheiliúradh.

Dúirt Eddia Ávila ó Rising Voices, eagraíocht a oibríonn a son teangacha atá i mbaol a mbáis, le Tuairisc.ie, gur ardú croí a bhí i líon mór na ngiolcacha a chonaic sé faoin haischlibh #MotherLanguage Dé Sathairn.

“Ba mhór an spreagadh é an t-ilomad giolcacha ilteangacha a fheiceáil ar ár n-amlíne i rith an lae. Thosaigh an lá san Astráil agus ar mhór-roinn na hÁise, agus chonaic muid daoine a bhí bródúil a máthairtheanga a úsáid ar líne ag léiriú an bhróid sin don domhan mór.

“De réir mar a ghlac an chuid eile den domhan páirt sa cheiliúradh, ba iontach an rud é a fheiceáil an chaoi a ndearnadh gluaiseacht dhomhanda de chur chun cinn na dteangacha. Níorbh iad a labhair na teangacha amháin a ghlac páirt, ach chuir go leor eile a dtacaíocht in iúl ar twitter,” a dúirt Eddia Ávila

Dúirt Avalia gur aimsigh Raising Voices an t-uafás tograí agus tionscnaimh spéisiúla ar fud na cruinne atá ag athbeochan teangacha i ngach cearn den domhan.

“Tá súil againn nach ócáid uair sa bhliain a bheas i gcéiliúradh an ilteangachais ach céiliúradh a leanann ar aghaidh i gcaitheamh na bliana,” a dúirt sé.

Tá anailís fós le déanamh ag an Ollamh Kevin Scannell ar líon na ngiolcairí nua a thosaigh ag giolcaireacht i nGaeilge Dé Sathairn seo caite.