Údar ceiliúrtha ag páirtithe an fhreasúra ach mar a chéile an mórphictúr

Sinn Féin, Fianna Fáil agus Caomhaontas Glas a bhí ag ceiliúradh i ndiaidh na bhfothoghchán agus Fine Gael fágtha dealbh

Údar ceiliúrtha ag páirtithe an fhreasúra ach mar a chéile an mórphictúr

Malcolm Byrne, Fianna Fáil, ag ceiliúradh i Loch Garman. Pictiúr: Rollingnews

Is leithscéal coitianta é ag rialtais a rá nach n-éiríonn go maith le rialtais i bhfothoghcháin. Cosaint i gcoinne drochphoiblíochta, is dócha.  Ach mar sin féin ba dhrochlá amach is amach a bhí i lá na bhfothoghchán don rialtas. Ceithre fhothoghchán a bhí ann agus níor éirigh leo oiread is suíochán amháin a fháil.

Ábhar díomá do Fhine Gael go háirithe an toradh i mBaile Átha Cliath Thiar Meán. Bhí dóchas mór acu go ngnóthódh Emer Higgins an suíochán sin, ach bhí sí go mór taobh thiar de Mark Ward, iarrthóir Shinn Féin, ón tús.

Éacht i ndáiríre a rinne Ward an suíochán a bhaint, ach bhí feachtas láidir díograiseach ag Sinn Féin sa dáilcheantar, go háirithe sa taobh sin de ina bhfuil Ward.  I dtuaisceart Chluain Dolcáin agus i gceantair eile ghnóthaigh Ward 90% de na vótaí.

Níos iontaí fós vótáil céatadán níos airde sa cheantar aicme oibre seo ná mar a tháinig amach sna ceantair mheánaicme a mbeadh tacaíocht ag Fine Gael iontu.

Bhí Fine Gael ag súil go ndéanfadh siad an beart sa deireadh le haistriúcháin ó Fhianna Fáil, ach d’éirigh le Sinn Féin aon trian de na haistriúcháin sin a fháil agus bhí an lá leo.

Beidh Sinn Féin ag súil go mbeidh siad in ann an dá shuíochán atá anois acu a choinneáil san olltoghchán. Má choinníonn tá an chuma ar scéal gur Pobal Seachas Brabús a bheidh thíos leis agus Gino Kenny i mbaol anois.

Rinne Sinn Féin go maith freisin i gCorcaigh Thuaidh-Lár, nuair a tháinig Thomas Gould sa dara háit le cabhair aistriúchán ó iarrthóirí clé. Chun an dara suíochán a ghnóthú do Shinn Féin san olltoghchán bheadh air an ceann is fearr a fháil ar Mick Barry ó Solidarity. Ní bheidh a leithéid éasca.

Dála an scéil, ba é Tuairisc.ie an t-aon ardán nuachta a thug seans do Ward agus Gould a bheith go maith san iomaíocht do na suíocháin seo.

Ach má d’éirigh go maith le Sinn Féin sa dá dháilcheantar seo ní raibh aon údar sásaimh dóibh sa dá cheann eile. I bhfianaise na bhfigiúirí seo ní bheidh aon seans acu i Loch Garman agus beidh brú mór ar Louise O’Reilly a suíochán a choinneáil i bhFine Gall. Ní raibh ach 5% ag iarrthóir Shinn Féin sa dáilcheantar sin, Ann Graves, agus baol ann go mbeidh na Glasaigh, Páirtí an Lucht Oibre agus Dean Mulligan, an neamhspleách ó eagraíocht Clare Daly, chun tosaigh ar O’Reilly murar féidir léi cur go mór le líon vótaí an pháirtí.

Tá Comhaontas Glas an-sásta ar ndóigh mar gheall ar shuíochán a bheith buaite ag Joe O’Reilly.  Bhíodh suíochán anseo cheana ag Trevor Sargent do Chomhaontas Glas agus má thagann borradh ar bith faoi na Glasaigh go náisiúnta beidh siad in ann an suíochán seo a choinneáil.

Bhí údar áthais ag Fianna Fáil freisin.  Cé gur theip ar Lorraine Clifford-Lee i bhFine Gall, d’éirigh leo suíochán a fháil i gCorcaigh agus i Loch Garman, mar a bhí á thuar againn..

Bhí ábhar dóchais áirithe ann do Pháirtí an Lucht Oibre i Loch Garman agus i bhFine Gall, ach tá suíocháin acu sna ceantair sin cheana féin agus de réir fhianaise na bpobalbhreitheanna náisiúnta tá siad fós sáinnithe ar 5-6%.

Tabharfaidh na torthaí misneach d’Fhianna Fáil don olltoghchán, ach ba iad rogha na coitiantachta sna fothoghcháin iad agus i ndáiríre ní insíonn na torthaí seo oiread sin dúinn i dtaobh an olltoghcháin.

Mar sin féin, cé go léiríonn pobalbhreitheanna go hiondúil go bhfuil Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil go náisiúnta tá roinnt fianaise ann anois gur fearr atá Fianna Fáil ag cruthú i bhfíorthoghcháin. B’in mar a tharla sna toghcháin áitiúla agus b’in mar a tharla sna fothoghcháin.

Bhí an líon daoine a chaith vóta an-íseal ar ndóigh agus caithfear a bheith an-chúramach dá bharr gan an iomarca suntais a chur sna torthaí seo. Tá an chuma ar an scéal nár vótáil oiread daoine sna ceantair mheánaicme is a dhéanann go hiondúil agus  b’fhéidir go mbeadh tionchar áirithe aige sin ar scéal an olltoghcháin.

I bhFine Gall, áfach, ba iad an aicme oibre a d’fhan sa bhaile, fíric a thabharfaidh dóchas do Shinn Féin agus do Dean Mulligan go n-éireoidh níos fearr leo ansin dá n-éireodh leo tuilleadh daoine a ghríosú chun vótála.

Ní fada uainn an t-olltoghchán anois mar nach féidir leis na páirtithe móra dul i muinín leithscéal an Bhreatimeachta i bhfad eile, go háirithe má chuirtear i gcrích é ag deireadh mhí Eanáir.

Ach bunaithe ar thorthaí na bhfothoghchán, is ar éigean go mbeidh aon toradh eile ar an olltoghchán seachas athnuachan ar an gcomhaontú muiníne is soláthair idir Fine Gael agus Fianna Fáil, bíodh Fianna nó Fine Gael in uachtar. 

Fág freagra ar 'Údar ceiliúrtha ag páirtithe an fhreasúra ach mar a chéile an mórphictúr'

  • Luke Callinan

    “Ach má d’éirigh go maith le Sinn Féin sa dá dháilcheantar seo ní raibh aon údar sásaimh dóibh sa dá cheann eile. I bhfianaise na bhfigiúirí seo ní bheidh aon seans acu i Loch Garman”

    Fuair Sinn Féin an céatadán is airde fós i Loch Garman – 10.2%. Ghnóthaigh Mythen 10.1% in Olltoghchán 2016 agus chaill sé amach ar shuíochán le 52 vóta. Dhá mbeadh an 0.1% breise sin aige (72 vóta) bheadh sé ina TD anois. I gcomhthéacs an scrios a rinneadh orthu sa toghchán áitiúil i Loch Garman, sílim gur an-toradh go deo atá sa bhfo-thoghchán seo do Shinn Féin.

  • Seán Mag Leannáin

    Bua suntasach do SF sa bhfothoghchán i mBÁC Lár Thiar. Tháinig sé aniar aduaidh ar na tráchtairí polaitíochta agus ar an mbunaíocht pholaitíochta araon. Déarfainn gur ábhar imní é do Leo agus do Mhicheál agus iad ag cuimilt meala ar a chéile le fada an lá agus ag súil le tuilleadh den gheáitsíocht chéanna tar éis an chéad olltoghcháin eile.

  • Eoin O Murchu

    Ceartú maith ag Luke thuas. Tá seans aige, sea, ach creidim fós gur caolsheans é.