Uathcheartú as Gaeilge á fhorbairt ag Apple don iPhone

Beidh córas uathcheartaithe as Gaeilge ar fáil nuair a sheolfar iOS 14 níos deireanaí i mbliana

Uathcheartú as Gaeilge á fhorbairt ag Apple don iPhone

Beidh gléasanna Apple in ann freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus forbairt nua á déanamh ag an gcomhlacht.

Mar chuid den fhorbairt sin, beidh uathcheartú as Gaeilge ar fáil ar an iPhone den chéad uair nuair a sheolfar an córas oibriúcháin iOS 14 níos deireanaí i mbliana.

Tá rogha na Gaeilge ar fáil don iPhone agus iPad cheana féin ach ní oibríonn an córas uathcheartaithe sa teanga seo.

Meastar go mbeidh iOS 14 ar fáil am éigin san fhómhar.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal go bhfuil an Ghaeilge “san áireamh sna forbairtí teicneolaíochta, i measc teangacha móra eile an domhain” ach dúirt siad go raibh tuilleadh le déanamh fós.

D’fhógair Microsoft mí Bealtaine go raibh cinneadh déanta acu rogha na Gaeilge a bhaint ó chuid de tháirgí móra an chomhlachta ag deireadh na míosa seo.

Cuirfidh an cinneadh sin as do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar aipeanna Microsoft 365 ar iPhone agus ar iPad.

Fág freagra ar 'Uathcheartú as Gaeilge á fhorbairt ag Apple don iPhone'

  • Lorcán Bermingham

    Ceapaim go bhfuil mílitriú níos fearr ná uathcheartú den chuid is mó!!