Microsoft ag fáil réidh le rogha na Gaeilge do ghléasanna iOS

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag éileamh ar Microsoft athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh

Microsoft ag fáil réidh le rogha na Gaeilge do ghléasanna iOS

Tá cinneadh déanta ag Microsoft rogha na Gaeilge a bhaint ó chuid de tháirgí móra an chomhlachta ag deireadh na míosa seo chugainn.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na 27 teanga nach gcuirfidh Microsoft tacaíocht ar fáil dóibh a thuilleadh.

Tá an Bhascais agus Gailísis i measc na mionteangacha eile a mbeifear ag fáil réidh leo, chomh maith le teangacha eile amhail Filipínis, Urdúis agus Slóivéinis.

Cuirfidh an cinneadh as do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar aipeanna Microsoft 365 ar iPhone agus ar iPad. I measc na seirbhísí sin, tá Outlook, an tseirbhís ríomhphoist aitheanta.

Tá sé ráite ag gcomhlacht teicneolaíochta go bhfuil siad ag fáil réidh le rogha na Gaeilge ionas “go mbeadh comhsheasmhacht ar fáil ar aipeanna Microsoft 365 don iOS’.

Ní bheidh rogha na Gaeilge ar fáil ó mhí Iúil 2020 ar aghaidh.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag fiosrú an scéil leis an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teangacha (ELEN) agus iad ag éileamh ar Microsoft athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.

“Táimid ag comhoibriú le ELEN agus muid ag fiosrú an scéil faoi láthair,” a dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge. “Is buille é an scéal seo mar go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge chun tosaigh sa teicneolaíocht mar theanga nua-aimseartha agus toisc go bhfuil daoine ag brath ar theicneolaíocht anois níos mó ná riamh agus iad faoi dhianghlasáil.

“Táimid ag éileamh ar Microsoft athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh seo. Chabhródh sé chomh maith dá mbeadh Aire Rialtais sásta dul ar an bhfón go práinneach chuig Microsoft agus iarraidh orthu gan dul ar aghaidh leis an gcinneadh.”

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith gur léir anois an gá atá le “coiste ardleibhéil teicneolaíochta, rud atá molta sa Straitéis 20 Bliain, a bhunú láithreach bonn”. Teastaíonn ó Chonradh na Gaeilge “ról a imirt” ar an gcoiste teicneolaíochta sin ach é a bheith bunaithe.

Fág freagra ar 'Microsoft ag fáil réidh le rogha na Gaeilge do ghléasanna iOS'

  • Gabriel Rosenstock

    Ná bímis bog ar Microsoft.

  • Ruairí Ó Bléine

    Cuirfidh Macrosoft múineadh air.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Bímse ag obair ar Outlook gach uile lá ag an obair. An leagan Gaeilge ar ndóigh. Caithfidh go bhfuil neart daoine ann ar post dóibh an leagan sin a chur ar fáil. Níor mhaith liom a mbris siúd ach oiread le himeacht an leagain seo. An bhfuil sé ráite cé acu an buan nó sealadach an t-athrú é atá beartaithe acu?

  • Pól Ó Braoin

    Scannalach amach is amach. Beidh mé ag fiosrú aon roghanna eile córais le fáil réitithe le Microsoft. An t-aon bhealach le dream mar sin a ghortú ná ina bpóca. Deis do dhaoine éirimiúla cliste inniúlacha teacht isteach le córais nua dúinne agus dóibh siúd a labhrann agus a bhaineann úsáid as a dteanga mhionlach féin ar fuaid na cruinne. Creidim go mbeidh éileamh ann dóibh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil scoltacha agus córas oideachais na tíre seo eolach ar ‘rogha na Gaeilge’ ar chláir ríomhaireachta?? Chan go díreach iad siúd a bhíonn ag úsáid an teangaidh go laethúil ach ACHAN ionad oideachais sa tír. An bhfuil ollscoltacha agus ionaid tríú leibhéal ar an eolas? An bhfuil lucht riaracháin na hionaid oideachais seo uilig ar an eolas? An bhfuil deis acu an rogha seo a úsáid? An bhfuil polasaí Gaeilge ar bith forbartha chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilg in earnáil an oideachais ar fud na tíre?? Ainm/teideal an ionaid oideachais – naíonraí, bunscoltacha, meánscoltacha, ionaid tríú leibhéal AGUS comhlachtaí oideachais príobháideacha a chuireann cúrsaí oideachais ar fáil – cian-fhoghlaim san áireamh. Teidil agus sínithe ar chomhfhreagrais – Gaeilge ar bith anseo?? Seoltaí poist – leagan Gaeilge le feiceáil??

    Is ollchomhlacht é Microsoft agus níl siad chun aird ar bith a thabhairt ar mhiontheangacha má tchítear nach bhfuil mórán úsáid a bhaint astu..

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!!