Uaireanta ní thuigeann scríbhneoir a ghéire is a bhí sos ag teastáil uaidh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá cloiste ag ár gcolúnaí faoin mbliain nua agus faoi na vacsaíní nua, ach b’fhearr leis é féin a chuachadh ina pholl dorcha arís agus ligean do lá eile dul thart gan tada a dhéanamh

Uaireanta ní thuigeann scríbhneoir a ghéire is a bhí sos ag teastáil uaidh

‘January was blinding…’

Níor éirigh liom an líne sin as It Hurts to Lose You, amhrán de chuid The Prayerboat, banna ceoil Éireannach a raibh cáil mhór air sna 1990idí, a ruaigeadh as mo cheann an tseachtain seo.

Ó dhubh go dubh, bhí glór céasta Emmett Tinley do mo chéasadh-sa.

Spéir gheal ghorm lá seaca a shamhlaigh mé leis an líne úd i gcónaí, spéir chomh geal sin go mbainfeadh sí na súile asat.

Ach dhallfadh spéir liath – brat scamall aondathach, leadránach, chomh fada le radharc na súl, mar atá os mo chomhair anois díreach agus mé ag breathnú amach as mo sheanseomra i dteach mo mhuintire san Ísiltír – chomh maith céanna thú.

Rith sé liom gur féidir leis an dorchadas duine a dhalladh, leis.

‘Má fheiceann tú solas ag deireadh an tolláin, ciallaíonn sé sin go bhfuil tú fós sa tollán,’ a scríobh duine críonna éigin áit éigin ar an idirlíon an lá cheana. Ag trácht ar phaindéim an choróinvíris a bhí an duine sin ar ndóigh. Bhí an ceart aige, nó aici. Táimse, pé scéal é, dallta ag mothar na srianta dianghlasála, ag na laethanta dorcha atá romhainn sula mbainfimid deireadh an tolláin amach.

Dallfaidh an solas céanna muid, tá mé cinnte, nuair a bhainfimid amach é sa deireadh thiar thall. Oiread saoirse, oiread dóchais, oiread leathanaigh bhána le líonadh. Cá dtosóimid?

Agus muid ag druidim, de réir a chéile, le deireadh na paindéime, tá an scríbhneoir seo ar nós ainmhí bhig a gcuirfí isteach ar a chodladh geimhridh. Tugaim faoi deara, sa pholl dorcha ina bhfuilim i bhfolach, go bhfuil na laethanta ag síneadh. Tá caint cloiste agam ar vacsaíní. Tuigim go bhfuil sé in am teacht amach as m’fhoscadh faoi thalamh, tabhairt faoin obair in athuair, an disciplín sin a chur i bhfeidhm orm féin a mbím i gcónaí ag seanmóireacht faoi. Tá colúin le scríobh, tá leabhar le críochnú, tá cóipleabhair úra sa chófra nár scríobhadh focal iontu fós. Ach níl uaim, dáiríre, ach mé féin a chuachadh arís i mo pholl dorcha agus ligean do lá eile dul thart gan tada a dhéanamh.

Uaireanta ní thugann duine faoi deara a ghéire is a bhí sos ag teastáil uaidh go dtí go nglacann sé sos.

Ach mar a léirigh Bridget Bhreathnach sa cholún álainn a bhí aici ar na leathanaigh seo an lá cheana, is é nádúr na beatha dul i dtreo an tsolais.

Táim ag sciorradh thart i mo pholl. Inné, ghlan mé mo dheasc. Inniu, crampa an chodladh geimhridh ar mo mhéara agus ar m’intinn, scríobh mé an colún seo. Amárach, cá bhfios nach ndéanfaidh mé dreas eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam le blianta.

Fág freagra ar 'Uaireanta ní thuigeann scríbhneoir a ghéire is a bhí sos ag teastáil uaidh'

  • Declan Fitzpatrick

    Go raibh maith agat as do smaointe a roinnt, a Alex. Ní maith liom do chás.
    Luaigh tú guth céasta Emmett Tinley. Mholfainn an t-amhráin ‘Níos gaire do shona’ leis an fear ceannann céanna duit -ón albam ‘Ceol 06’. Deir sé san amhrán ‘ ..níl insa stair ach umar gan tóin, is titeann gach n-aon ann ‘
    Is iad an hamhráin is brónaí is mó a thugann sólas domsa. Ní fios dom cén fáth.
    Beir bua. Declan