Is fánach an áit a bhfásann sceach mar aimsíonn an bheatha bealach i gcónaí

B'fhéidir go bhfuil laethanta dorcha fós amach romhainn ach fásfaidh bláth arís san earrach agus tiocfaidh muid slán

Is fánach an áit a bhfásann sceach mar aimsíonn an bheatha bealach i gcónaí

Is beag an tslat nach bhfásann craobh uirthi. Tá slat ag fás amach as an seanchlaí cloiche ar chúl an tí agus níl a fhios agam cén chaoi a bhfuil sí beo ná céard air a mhaireann sí. Seanchlaí cloiche agus suimint air atá ann. Níl a fhios agam cé a thóg an claí ná cén fhad atá sé ann, ach tá barúil agam go bhfuil sé ann le céad bliain nó níos faide.

Tuairim is deich mbliana ó shin, thug mé faoi deara slaitín bheag ag gobadh amach as i ngar do bharr an chlaí. Ní dhearna mé mórán suntais dhi ar dtús, ní raibh tiús ná fad do mhéire inti an uair sin. Níor fhás aon duilleog uirthi an bhliain sin ná an bhliain ina diaidh.

An tríú bliain thosaigh bláthanna beaga ag fás uirthi. Faoin am sin, bhí an tslaitín chomh mór le mo laidhricín agus beagán níos caoile ná í. An bhliain ina dhiaidh sin d’fhill na duilleoga, na bláthanna agus amach sa mbliain, d’fhás sméara dearga uirthi.

Tá  leisce orm í a tharraingt amach as an gclaí, cé go bhfuil cuma beagáinín fiáin uirthi san áit a bhfuil sí. Ní hamháin sin, ach is iomaí sin oíche ar bhuail sí isteach sa tsúil mé is mé ag dul amach ag an seid sa dorchadas.

Ní fhéadfá slaitín a thabhairt uirthi níos mó, is geall le sceach anois í, agus suas le deich gcinn de ghéaga beaga ag fás amach aisti agus craobh mhór fhada amháin ar a barr, atá ceithre troithe nó mar sin ar fhad, ag fás léi suas díreach i dtreo na spéire.

Cé nach mórán í le breathnú uirthi, tugann an sceachín sin dóchas ginearálta dom nuair a dhéanaim suntas dhi. Nach fánach an áit a d’fhás sí, is cé a cheapfadh go bhféadfadh síol fréamh a chur as i scoiltín chomh beag leis i gclaí? Cruthaíonn sé dom go n-aimsíonn an bheatha bealach i gcónaí, is cuma céard a chuirtear ina bealach.

Anois agus an bhliain 2020 ag teacht chun críche, tá muid in ann breathnú chun cinn ar 2021 agus tine an dóchais á coigilt arís. Ba í 2020 an bhliain a rinne staic dínn ar fad faoi chumhacht na paindéime.

D’fhéadfá a rá nach bhfuil tada speisialta faoin gcéad lá den bhliain nua, nach bhfuil ann ach lá cosúil le gach lá eile. Ach tá tábhacht leis an mbrí a bhaineann intinn an duine as an mbliain nua.

Tugann an t-athrú ar an bhféilire ó bhliain amháin go bliain eile deis dúinn briseadh croí agus cruatan na bliana a chur ar ár gcúl agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar ar ais ón bpaindéim. Tá na chéad chéimeanna tógtha cheana féin agus an vacsaín á dáileadh ar fud an domhain.

Níl aon amhras orm ach gur bóthar fada a bheidh ann agus go mb’fhéidir go bhfuil laethanta dorcha fós amach romhainn ach fásfaidh bláth arís san earrach agus tiocfaidh muid slán.

Fág freagra ar 'Is fánach an áit a bhfásann sceach mar aimsíonn an bheatha bealach i gcónaí'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-phíosa scríbhneoireachta eile ó phinn ár mBríde – mo cheol í! Píosa álainn é seo 7 é lán dóchais… táimse an-bhuíoch di :-)