Uair na cinniúna don ráta íseal cánach buailte linn

Dá airde an ráta cánach domhanda corparáide is ea is measa do thír na hÉireann é

Uair na cinniúna don ráta íseal cánach buailte linn

Mar a deir an seanfhocal, ‘Féach an abhainn sula dtéir ina cuilithe’. Tá Paschal Donoghue, Aire Airgeadais na hÉireann, mar a bheadh fear ina sheasamh ar phort na habhann.

N’fheadar sé fós cad a dhéanfaidh sé.

Is léir go bhfuil Pascal Donohue faoi bhrú ag tíortha na hEorpa agus ag na Stáit Aontaithe glacadh leis an gconradh nua cánach seo. Agus cé go bhfuil an conradh nua cánach seo sínithe ag 130 tír, tá Pascal fós idir dhá chomhairle. Cad ina thaobh?

Ar an gcéad dul síos, níl aon chinnteacht mar gheall ar an ráta cánach. Glactar leis sa chonradh nua gur 15% an ráta cánach.

Ach ní léir go bhfuil aon uasráta luaite sa chonradh. B’fhéidir nach bhfuil sa ráta 15% seo ach ceann caol na dinge. B’fhéidir go n-ardófaí an ráta cánach seo de réir a chéile. Má ghlactar leis an gconradh, b’fhéidir go gcuirfear brú ar thíortha an ráta cánach a ardú go 20% nó 25% amach anseo.

Dá airde an ráta cánach domhanda seo is ea is measa do thír na hÉireann é. Is cuid lárnach de pholasaí cánach na hÉireann an ráta íseal cánach do chomhlachtaí. Is ag Éirinn atá ceann des na rátaí cánach is ísle do chomhlachtaí san Aontas Eorpach. Ní foláir gur mheall an ráta íseal seo (12.5%) na céadta cuideachta chun na tíre seo. Tá breis agus 250,000 fostaithe go díreach sna comhlachtaí iasachta. Beidh leisce ar chomhlachtaí áirithe teacht go hÉirinn mura mbeidh ráta íseal cánach le fáil acu anseo.

Ina theanna san, tá tuairim ann go bhfuil sé de cheart ag tír ar bith na rátaí cánach a shocrú beag beann ar na rátaí cánach sna tíortha eile. Tá seanfhocal eile ann – mura mbeadh agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis.

Is fearr a bheith i lár an aonaigh.

Agus, dar ndóigh, má tá comhlacht idirnáisiúnta agat, is fearr a bheith i lár na hEorpa. Tá Éire ar imeall na hEorpa. Murach go raibh ráta íseal cánach le fáil ag comhlachtaí ar nós Google, Facebook agus Intel anseo, tá seans maith go mbeadh siad lonnaithe i lár na hEorpa. Is bua é an ráta íseal cánach chun comhlachtaí a mhealladh chun na tíre seo. Mura mbeidh ann ach ráta cánach amháin ann, tá seans ann go mbeidh na tíortha ar imeall na hEorpa thíos leis agus go meallfar na comhlachtaí go lár na hEorpa.

Tá seans ann go ndéanfar cinneadh mar gheall ar an gconradh cánach seo an tseachtain seo. Bhí an Rialtas ag iarraidh ar an OECD an téacs a athrú ó “15 faoin gcéad ar a laghad” go díreach “15 faoin gcéad”, mar go raibh eagla ar an rialtas go n-ardófaí na rátaí amach anseo mar gheall ar an bhfoclaíocht san “ar a laghad”. Tuairiscítear go mb’fhéidir gur éirigh leo an cath áirithe sin a bhuachan.

Pé scéal, tá uair na cinniúna don ráta íseal cánach buailte linn.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna don ráta íseal cánach buailte linn'