Uair na cinniúna do Thiobraid Árann, do Mhicheál Donoghue agus d’fhir óga Chill Chainnigh

Labhair Tuairisc.ie le Diarmuid Lyng chun na scéalta is mó a phlé roimh thús na sraithe iománaíochta inniu

Uair na cinniúna do Thiobraid Árann, do Mhicheál Donoghue agus d’fhir óga Chill Chainnigh

Agus tús á chur leis an tSraith Náisiúnta Iomána an deireadh seachtaine seo, tá seans ann go bhfaighidh muid freagraí ar chuid de na ceisteanna a pléadh go minic ó dheireadh na craoibhe deiridh. An bhfuil ré órga i ndán do Thiobraid Árann nó an mbainfear an bonn arís díobh? An mbeidh Brian Cody, saoi na hiomána féin, in ann ag an atógáil atá le déanamh ar fhoireann Chill Chainnigh? An bhfillfidh Gaillimh láithreach ar Roinn 1A nó an mbeidh siad sáinnithe i Roinn 1B ar feadh na mblianta, mar atá Luimneach?

Agus Craobh na hÉireann buaite acu anuraidh, b’fhéidir gur cheart tosú le Tiobraid Árann.

“Is iad seo na trí nó ceithre mhí is cinniúnaí do Thiobraid Árann,” a deir Diarmuid Lyng, iarchaptaen Loch Garman. “Chonaic muid é sin in 2010, agus roimhe sin chomh maith, agus is cinnte go dtuigeann Michael Ryan an méid sin.”

Tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan in 2010, mheas daoine go gcoinneodh na Tiobradaigh seilbh ar Chorn Mhic Cárthaigh ar feadh i bhfad ach ní mar a shíltear a bhítear. Níor bhuaigh siad ach trí chluiche sa tsraith in earrach na bliana 2011 agus an chuma orthu gur shlog siad an iomarca den mholadh a fuair siad.

“Tá na himreoirí acu faoi láthair ach braitheann sé ar an dearcadh atá acu, agus céard atá uathu sa tsraith. Tá siad an-chiúin faoi láthair agus tharraing siad amach as Sraith na Mumhan mí Eanáir.  B’fhéidir gur ag díriú ar an obair chrua atá Michael Ryan.”

Céard faoi Chill Chainnigh, buaiteoirí Chorn an Bhreatnaigh an tseachtain seo caite, foireann atá feicthe ar an bpáirc beagáinín níos minice againn in 2017? An bhfuil atógáil iomlán le déanamh orthu tar éis an greadadh a tugadh dóibh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh?

Bainisteoir Chill Chainnigh Brian Cody. INPHO/Donall Farmer

“Glacann gach duine taobh amuigh de Chill Chainnigh leis go gcaithfidh siad athruithe a dhéanamh ach níl a fhios agam an nglacann Brian Cody leis sin,” a deir Lyng.

Bhí go leor de na fir a bhí ag imirt anuraidh – leithéidí Robert Lennon, Joey Holden, Kieran Joyce, Conor Fogarty, Lester Ryan agus Jonjo Farrell – ag imirt Dé Domhnaigh seo caite nuair a bhuaigh siad ar Ghaillimh le dhá phointe. Dar le Lyng gur tábhachtaí ag Cody meon an imreora ná aon rud eile.

“Is í an mhacántacht, an díograis, agus an obair chrua na rudaí is tábhachtaí aige. Sin é an spiorad agus an cultúr a chothaíonn sé agus a labhraíonn sé faoi i gcónaí.

“Beidh roinnt imreoirí nua ann agus beidh a fhios acu go gcaithfidh siad a bheith níos díograisí agus go gcaithfidh siad níos mó oibre a dhéanamh más fúthu áit a bhaint amach ar an bhfoireann. Tá sé feicthe cheana acu, má éiríonn go maith leo i gcluiche amháin, nó i mbun traenála, tabharfar deis dóibh.”

Dar le Lyng go mbeidh John Walsh i measc na n-imreoirí óga a fhágfaidh a lorg ar shraith na bliana seo. Ba é Walsh laoch na gCat nuair a scóráil sé 2-5 i gcluiche ceannais mhionúir na hÉireann in 2014 agus measann Lyng go bhfuil sé réidh chun tabhairt faoi na sinsir.

“Ní fheadar cá n-imreoidh sé, feiceann Cody buanna éagsúla ina chuid imreoirí, ach aon uair a chuirtear Walsh gar don chúl, faigheann sé neart scóranna.”

Imreoir eile a bhfuil gealladh faoi is ea Brian Molloy, dar le Lyng. Beidh súil ag Molloy go gcruthóidh go maith sa tsraith agus go n-éireoidh le Gaillimh ardú céime a bhaint amach. Deirtear nach aon bhuntáiste é d’fhoireann a bheith sa roinn sin mar nach mbíonn cluichí acu in aghaidh na bhfoirne is fearr. Aontaíonn Lyng leis an méid sin, go pointe.

“Is míbhuntáiste é dóibh ar shlí amháin ach braitheann sé céard atá i gceist acu a dhéanamh i rith na sraithe. Caithfidh siad glacadh leis mar dhúshlán, rud nach raibh Luimneach in ann a dhéanamh le tamall anuas.

“Nuair a bhíonn Gaillimh ag imirt in aghaidh na bhfoirne is mó, bíonn an díocas sin ar a gcuid imeartha, ach feicfidh muid an amhlaidh a bheidh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman nó ar Luimneach.”

Ní dhearnadh an oiread sin cáineadh ar Micheál Donoghue anuraidh nuair a díbríodh Gaillimh as Roinn 1A agus lucht na hiomána sa chontae fós ag teacht chucu féin i ndiaidh imeacht Anthony Cunningham agus achrann Nollaig na bliana 2015. Ach is cinnte go mbeidh brú ar Donoghue le linn shraith na bliana 2017. Deir Lyng go gcabhróidh sé le bainisteoir na Gaillimhe go bhfuil cuid de na himreoirí ba shine a bhí ar an bhfoireann imithe.

“Feicfidh muid cén chaoi a n-éireoidh le Micheál Donoghue d’uireasa na seanimreoirí, leithéidí Cyril Donnellan, Fergal Moore agus David Collins. Nuair a bhí mise ag imirt ina gcoinne, cheap mé go raibh siad i gcónaí macánta agus dílis ach b’fhéidir nach amhlaidh a bhí.

“Tá cineál ‘clean slate’ ag Donoghue anois agus b’fhéidir go mbeidh a ghlór níos údarásaí anois gan na himreoirí sin, agus go mbeidh sé níos éasca aige rudaí nua chur i bhfeidhm.”

Ceapann Lyng gurb iad Luimneach agus Loch Garman, is mó a thabharfaidh dúshlán do Ghaillimh i Roinn 1B agus dar leis go bhfuil a lorg fágtha cheana ag Davy Fitzgerald ar a chontae dúchais.

“Ní raibh a fhios agam go ngabhfadh sé i bhfeidhm chomh mór sin ar an bpobal. Bhí 3,000 duine i láthair ag cluiche i gCorn an Bhreathnaigh. Bíonn cluichí sraithe ann nach bhfeicfeá slua mar sin acu.”

Agus gortuithe ag cur as do Loch Garman roimh thús na sraithe, deir Fitzgerald nach aon Houdini é, ach measann Lyng go mbeidh tionchar an Chláirínigh le feiceáil amach anseo.

“Cuireann tú i bhfad níos mó isteach san obair nuair a bhíonn dóchas agat go mbeidh toradh ar do chuid oibre. Sin atá ag tarlú faoi láthair. B’fhéidir nach mbeadh i gceist ach ábhairín níos mó oibre gach oíche, ach nuair a dhéanann tú é sin ar feadh an tséasúir, is mór an tairbhe é, agus sin atá ag teastáil.”