‘Uafásach’, ‘aisteach’ agus ‘dochreidte’ – tuarascáil a mhaíonn go bhfuil RTÉ ag dul thar fóir ó thaobh na Gaeilge ina húdar iontais

Údar iontais agus uafáis ag daoine é a bhfuil le rá faoin nGaeilge in athbhreithniú a rinne an European Broadcasters Union ar RTÉ

‘Uafásach’, ‘aisteach’ agus ‘dochreidte’ – tuarascáil a mhaíonn go bhfuil RTÉ ag dul thar fóir ó thaobh na Gaeilge ina húdar iontais

Tá ag dul d’idir pholaiteoirí, shaineolaithe sna meáin agus Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ féin meabhair a bhaint as tuarascáil ina maítear go bhfuil RTÉ ag dul thar fóir maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge.

Deirtear sa tuarascáil nua sin ón European Broadcasting Union go bhfuil plean an chraoltóra náisiúnta go mbeadh an Ghaeilge ‘i gceartlár’ gach gné dá seirbhís iomarcach agus go bhfuil an plean céanna “going in all directions, with a high cost in terms of time, people and money”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go ndéanfadh fiú anailís bhunúsach ar Phlean Meáin Ghaeilge RTÉ “bréagnú ar an méid atá leagtha amach i dtuarascáil an EBU” agus gurb amhlaidh go raibh gá lena thuilleadh infheistíochta ó RTÉ sa Ghaeilge.

“Níl costas mór daoine, ama ná airgid i gceist mar gurb í an fheidhm atá leis an bplean Gaeilge ná go mbeadh sé fite fuaite tríd an eagraíocht go léir agus go mbeadh na seirbhísí uile san eagraíocht ag tógáil níos mó cúraim orthu féin ó thaobh na Gaeilge, rud atá tarlaithe,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire. 

Dúirt an saineolaí ar na meáin agus iarléachtóir sa chumarsáid Íte Ní Chionnaith go raibh “uafás” uirthi faoin méid a léigh sí faoin tuarascáil.

“Níor shamhlaigh mé riamh go bhféadfadh aon duine a mhaíomh go bhfuil an iomarca á dhéanamh ag RTÉ ó thaobh na Gaeilge. I ndáiríre, níl ach fíorbheagán á dhéanamh ag RTÉ ó thaobh cláracha Gaeilge a chur ar fáil. Is ar éigean go bhfuil mórán airgid ar chor ar bith á chaitheamh ar chláracha Gaeilge agus déarfainn gur annamh a bhí cúrsaí chomh dona ó thaobh líon na gclár Gaeilge,” a dúirt Íte Ní Chionnaith.

Dúirt Ní Chionnaith go raibh feabhas mór tagtha ar úsáid na Gaeilge ar fhógraí leanúnachais agus mar sin ar sheirbhísí an chraoltóra a bhuíochas den Phlean Gnímh agus gur dul chun cinn “suntasach” é sin.

Dúirt sí, áfach, nár bhain aon chostas leis an bhforbairt sin agus nach raibh “aon airgead ar fiú trácht air á chaitheamh ar Phlean Gaeilge RTÉ”.

“Tá sé ráite go poiblí ag RTÉ féin nach bhfuil a gcuid dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge á gcomhlíonadh acu, agus bheinn in amhras faoin tuiscint atá ag an EBU ar chás na Gaeilge. Tá sé an-aisteach go mbeifí ag cáineadh plean Gaeilge RTÉ mar seo, go háirithe nuair nach bhfuil mórán costais ar chor ar bith ag baint leis,” arsa Íte Ní Chionnaith.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé “dochreidte” a laghad tuisceana a bhí léirithe ag an EBU ar chás na Gaeilge.

“Níl aon tuiscint léirithe sa tuarascáil seo ar scéal na Gaeilge. Is le pobal na hÉireann go léir an Ghaeilge agus is gá freastal freisin ar an mionlach a labhraíonn gach lá í. Is deacair a thuiscint cén bunús atá le dearcadh an EBU, ag tógáil san áireamh gurb í príomhtheanga oifigiúil na hÉireann í agus go bhfuil sí ina mionteanga chomh maith le bheith ina teanga náisiúnta agus go bhfuil dualgais ar RTÉ dá réir.

“Tá go leor ann a déarfadh nach bhfuil dóthain déanta ná a dhéanamh ag RTÉ, ag chuile leibhéal, maidir leis na dualgais sin,” arsa an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur shoiléir an toradh a bhí ar Phlean Gaeilge RTÉ ó tugadh isteach in 2015 é agus go raibh ardú 24% tagtha “ar fheiceálacht na Gaeilge ar ardáin RTÉ, de réir taighde lucht féachana”.

Mhaígh sé gur tháinig “aschur Gaeilge” an stáisiúin “slán” ón gcuid is measa de na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm sa stáisiún le blianta beaga anuas, agus go raibh dul chun cinn déanta ó thaobh na hinfheistíochta sa Ghaeilge ar ardáin dhigiteacha agus teilifíse RTÉ le tamall. Níor ghlac Mac Con Iomaire, áfach, beag ná mór le háiteamh an EBU sa tuarascáil, Peer-to-peer Review on PSM values – RTÉ , go raibh RTÉ ag dul thar fóir ó thaobh na Gaeilge de.

“Más rud ar bith é, tá níos mó airgid le caitheamh ag RTÉ ar chúrsaí Gaeilge, agus ar ábhar teilifíse, go háirithe,” a dúirt sé.

I mBealtaine na bliana seo, dúirt Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings nach raibh a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ.

Dúirt an sochtheangeolaí aitheanta agus saineolaí ar chás na Gaeilge sna meáin John Walsh le Tuairisc.ie an uair sin gur soiléire ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ i bhfianaise admháil an Bhainisteora Ábhar.

Ba é ráiteas Jennings an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh ina sholáthar ó thaobh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Uafásach’, ‘aisteach’ agus ‘dochreidte’ – tuarascáil a mhaíonn go bhfuil RTÉ ag dul thar fóir ó thaobh na Gaeilge ina húdar iontais'

  • Príomhtheanga Oifigiúil

    Éamonn Cuív Ó ag maíomh anois gurb í “príomh theanga oifigiúil na hÉireann í” an Ghaeilge.

    Tarraing an ceann eile a Theachta!

  • Eoin Ó Murchú

    Cé scríobh an tuarascáil ag EBU?