Tá RTÉ ag dul ‘thar fóir’ maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge, de réir tuarascáil nua ón European Broadcasting Union.
Deirtear san athbhreithniú ar RTÉ a rinne ionadaithe ó chraoltóirí eile san Eoraip go bhfuil plean an chraoltóra go mbeadh an Ghaeilge ‘i gceartlár’ gach gné dá seirbhís iomarcach agus go bhfuil an plean céanna “going in all directions, with a high cost in terms of time, people and money”.
Cuirfidh an dearcadh a léiríonn an EBU sa tuarascáil, ar éirigh leis an nuachtán The Times cóip a fháil di, go bhfuil RTÉ ag dul ‘thar fóir’ ó thaobh na Gaeilge iontas ar dhaoine i bhfianaise an tuairim atá ag saineolaithe áirithe go bhfuil sé níos soiléire anois ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an gcraoltóir.
Níos túisce i mbliana d’admhaigh Bainisteoir Ábhar RTÉ, Jim Jennings, nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu, an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh ina sholáthar ó thaobh na Gaeilge.
Cé go maíonn an EBU go bhfuil plean gnímh Gaeilge RTÉ, a seoladh in 2015, róchostasach, tháinig sé chun solais anuraidh nach gcuireann an craoltóir aon airgead ar leith ar leataobh do chur i bhfeidhm an phlean chéanna.
Cé go n-aithnítear i dtuarascáil an EBU go bhfuil dualgas reachtúil ar RTÉ ó thaobh na Gaeilge de, deirtear nach mbaineann aon “measurable objectives” leis an reachtaíocht sin agus go bhfuil plean Gaeilge an chraoltóra ró-uaillmhianach.
“While we understand and support the role of RTÉ as a public service media organization, reflecting and maintaining the Irish culture, we are not convinced that the dedicated action plan on Irish language is sustainable in its current form (it is too much, going in all directions, with a high cost in terms of time, people and money).
“The fact that 50% of the audience considers RTÉ as promoting the Irish language does not necessarily mean that these same 50% benefit from the Irish language effort.”
Deirtear sa tuarascáil, Peer-to-peer Review on PSM values – RTÉ gur chóir féachaint ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as an ábhar Gaeilge a chuireann RTÉ ar fáil agus na cúiseanna a bhíonn acu a leithéid a dhéanamh.
“Here again, we would suggest that RTÉ concentrate on the actions and content that are really making a difference, in other words those with the biggest impact and audience.
“The Irish language action plan should also be an opportunity for RTÉ’s staff to work together across platforms, and in collaboration with the audience research team.”
Foilsíodh plean gnímh Gaeilge RTÉ in 2015.
Tugadh os cionn 90 geallúint sa phlean sin faoi na seirbhísí Gaeilge a chuirfeadh RTÉ ar fáil. I measc na rudaí a gealladh bhí feasacháin nuachta dhátheangacha ar 2fm, seirbhís raidió Ghaeilge dírithe ar an óige agus ionad barr feabhais le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine sna meáin chumarsáide Gaeilge.
Gheall Noel Curran, Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am, go gcuirfí an Ghaeilge “i gceartlár” na hoibre go léir a bhíonn ar siúl ag RTÉ agus “go ndéanfar gnáthrud di in ábhar cláir” an stáisiúin.
Thug sé le fios freisin go leathnófaí ar úsáid na Gaeilge ar fud na meán digiteach agus ar na meáin shóisialta.
I measc na bhforbairtí i bplean RTÉ, tá:
- Feasacháin nuachta dhátheangacha ar RTÉ 2fm
- Na féidearthachtaí a bhaineann le seirbhís raidió nua Ghaeilge dírithe ar ógánaigh a fhiosrú
- Ábhar den nuáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge
- Ionad Barr Feabhais le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine sna meáin chumarsáide Ghaeilge
- Bainfear úsáid níos minice as an nGaeilge ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i bhfeasacháin aimsire
- Rogha na Gaeilge a bheith ar fáil ar an gcóras nascleanúna ar sheinnteoir RTÉ Player
- Go dtabharfaí spreagadh agus cúnamh don lucht fógraíochta agus do ghníomhaireachtaí fógraíochta fógraí a chur ar fáil i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus sa réimse dhigiteach.
Fionnbarra
Ní thuigeann siad gur tír DHÁTHEANGACH atá in Éireann agus ní tír aonteangach.
AnRógaire
Abair é sin le lucht gnó na tíre.
Pól Ó Braoin
Níos mó ficsin agus brionglóidí sa mbreis… faoi mar is gnáth