Is ‘soiléire’ ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ

Deir an sochtheangeolaí as Ollscoil na hÉireann Gaillimh John Walsh go bhfuil RTÉ féin anois ag admháil nach bhfuil a ndualgas á chomhlíonadh acu i leith na Gaeilge

Is ‘soiléire’ ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Is soiléire anois ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ i bhfianaise admháil Bhainisteoir Ábhar an chraoltóra nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu.

B’in a bhí le rá le ag an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh le Tuairisc.ie inné faoi ráiteas a rinne Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings an tseachtain seo caite maidir le soláthar clár Gaeilge an chraoltóra.

Ba é ráiteas Jennings an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh ina sholáthar ó thaobh na Gaeilge.

“Tá ráite cheana agam go mbeadh impleachtaí móra i gceist do RTÉ dá gcuirfí i bhfeidhm ina iomláine an dualgas i leith na Gaeilge atá leagtha ar an gcraoltóir náisiúnta in Acht Craolacháin na bliana 2009, agus tá sé chomh maith agat a rá anois go bhfuil RTÉ féin ag admháil nach bhfuil a ndualgas á chomhlíonadh acu,” a dúirt Walsh. 

In alt leis a foilsíodh anuraidh san iris dlí Dublin University Law Journal, dúirt an Dr Walsh go bhfuil roinnt forálacha ‘suntasacha’ a chuireann dualgas i leith clár Gaeilge ar RTÉ in alt 114 den Acht Craolacháin.

Dar leis gur fiú aird ar leith a thabhairt ar fho-alt 114(a)(3) den Acht sin, foráil a dhéileálann le príomhchuspóirí RTÉ agus a éilíonn go gcuirfeadh an craoltóir “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann uile ar réimse é ina mbeidh cláir lena gcuirtear siamsa, eolas agus oideachas ar fáil…”

“Is dualgas suntasach é ‘réimse cuimsitheach clár’ i réimse seánraí a mbeadh impleachtaí forleathana aige do RTÉ dá gcuirí i bhfeidhm é,’ a dúirt an Dr John Walsh.

Dúirt sé, mar shampla, go bhfuil an clúdach nuachta i nGaeilge ar RTÉ a shamhlaítear sa bhforáil sin ‘i bhfad níos leithne’ ná mar atá sa soláthar cúrsaí reatha atá ag RTÉ faoi láthair.

Dúirt Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings an tseachtain seo caite nach bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh a dualgais maidir le soláthar clár Gaeilge.

Ag labhairt dó ag cruinniú den Choiste Um Chuntais Phoiblí an tseachtain seo caite, dúirt Jennings go raibh sé féin ag iarraidh go mbeadh an oiread céanna clár Gaeilge ar RTÉ agus a bhíodh “roimh na ciorruithe”.

“Tá cuid mhór bearnaí ann inár soláthar clár Gaeilge,” a dúirt Jennings.

Dúirt Ardstiúrthóir RTÉ ag an gcruinniú céanna i dTithe an Oireachtais go raibh titim €100 milliún ar theacht isteach RTÉ le deich mbliana anuas agus gurb in an fáth nach raibh dóthain infheistíochta á déanamh i gcláir Ghaeilge agus i réimsí eile.

Fág freagra ar 'Is ‘soiléire’ ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ'