Uachtarán nua le toghadh agus neart rún le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 

Is í Paula Melvin, atá ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair, an t-aon duine atá ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta an Chonartha

Uachtarán nua le toghadh agus neart rún le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 

Cuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge i nGaillimh anocht agus uachtarán nua le toghadh ar an eagraíocht mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine.

Is í Paula Melvin, atá ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair, an t-aon duine atá ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta an Chonartha, a bheidh á reáchtáil Dé Sathairn in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá.

Is í Melvin, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas di, an tríú bean a bheidh ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Is iad Íte Ní Chionnaith (1985-1989) agus Áine de Baróid (1994-1995) an bheirt eile.

Tiocfaidh Melvin, atá ag obair le Coimisiún Fulbright na hÉireann, i gcomharbacht ar an Dr Niall Comer, atá ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2017. 

Ar cheann de na dualgais deiridh a bheidh ar Comer ina ról ná Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge a bhronnadh ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn. Beidh an tUacharán Ó hUigínn ina aoi speisialta ag dinnéar na hArd-Fheise oíche Dé Sathairn.

Tá léargas tugtha ar chuid de na tosaíochtaí a bheidh ag Melvin agus í ina huachtarán sna rúin atá á moladh aici d’Ard-Fheis na bliana seo.

Agus í ina ball de Choiste Gnó an Chonartha, tá Melvin ag iarraidh go n-éileoidh an Ard-Fheis ar an Roinn Oideachais ó dheas straitéis a cheapadh do scoileanna Béarla atá ag iarraidh a bheith ina nGaelscoileanna agus go gcuirfeadh an Roinn na hacmhainní cuí ar fáil dóibh.

I rún eile atá molta ag Melvin, iarrann sí go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge scéim scoláireachta ar bhonn 32 contae ar bun agus go dtabharfaí scoláireachtaí do pháistí faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaí Gaeltachta mar chuid den scéim sin. Tá An Cumann Gaelach in Ollscoil Luimnigh ag iarraidh go gcuirfí gach dalta iarbhunscoile sa tír chuig an Ghaeltacht saor in aisce chun tumoideachas Gaeilge a chinntiú.

Sa tríú rún atá faoi ainm Melvin, deir sí gur chóir do gach údarás áitiúil Oifigeach Gaeilge a cheapadh agus Coiste Gaeilge a bhunú, mura bhfuil sin déanta cheana féin. An aidhm chéanna atá ag rún eile ó Chraobh Bhéal an Átha Móir.

Beagnach 70 rún ar fad atá le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge. Tá réimse leathan ábhar i gceist, idir reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas, cúrsaí tithíochta, cúrsaí oideachais agus eile.

Tá roinnt rún ann ag moladh an obair a rinneadh ar an Acht Gaeilge nua a ritheadh sa Dáil aimsir na Nollag ach meastar freisin go gcaithfear brú a choinneáil ar an Rialtas na forálacha atá san Acht a chomhlíonadh agus imní léirithe faoin “easpa pionóis agus an méid forálacha a bhraitheann ar rogha an Aire [Gaeltachta]”.

Tá Cumann Barra na Gaeilge ag éileamh go gcuirfí le líon na mbreithiúna atá inniúil ar an nGaeilge ionas go mbeadh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na breithiúna ag gach leibhéal de chóras na gcúirteanna, mar aon le 20% de na cláraitheoirí cúirte.

Maidir le cúrsaí tithíochta, iarrann Craobh na Gaeilge Gaelaí go rachadh Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le comharchumainn agus eagrais Ghaeltachta le tithíocht inacmhainne a thógáil agus a dhíol le muintir na Gaeltachta. 

Molann rúin eile gurb é Údarás na Gaeltachta a dhéanfadh cinntí maidir le coinníollacha teanga ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht agus go n-iarrfaí ar an Roinn Tithíochta gníomhú chun spriocanna atá i bpolasaí tithíochta an Chonartha a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Tá ceist na Gaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh le hardú ag Craobh Ghaelphobal Ard Mhacha Theas agus Craobh Ghleann an Iolair. Tá craobh Ard Mhacha ag iarraidh go ndéanfadh an Roinn Oideachais ó thuaidh  gníomh “láithreach bonn” ar an “ghéarchéim” atá ann maidir lena laghad daltaí atá ag clárú don Ghaeilge sna scrúduithe GCSE agus A-Leibhéal agus go ndéanfaí “idirghabháil shuntasach maidir le stádas na Gaeilge sna meánscoileanna Béarla”.

I measc na rún eile atá ar an gclár, tá ceann go bhféachfaí ar sheachtain oibre ceithre lá a thabhairt isteach d’oibrithe Chonradh na Gaeilge agus ceann eile a mholann don Chonradh crannchur nua a bhunú mar gheall ar easpa “muiníne” daoine sa Chrannchur Náisiúnta.

Cuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge anocht ag 8.00in in Óstán Chuan na Gaillimhe. Cuirfidh an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie, Máirín Ní Ghadhra, díospóireacht i láthair idir painéal polaiteoirí – Aengus Ó Snodaigh TD, Catherine Connolly TD, Éamon Ó Cuív TD agus an Seanadóir Seán Kyne. An tAcht Teanga leasaithe, cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí oideachais a bheidh le plé.

Fág freagra ar 'Uachtarán nua le toghadh agus neart rún le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge '