Uachtarán nua insealbhaithe ag Oireachtas na Gaeilge

Tá an Gaillimheach Micheál Mac Aogáin tagtha i gcomharbacht ar Mháirín Ní Chonghaile mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge

Uachtarán nua insealbhaithe ag Oireachtas na Gaeilge

Pictiúr: Twitter/@OirnaGaeilge

Insealbhaíodh i mBaile Átha Cliath tráthnóna Micheál Mac Aogáin ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2019. Tagann Mac Aogáin, arb as Béal Átha na Sluaighe  i gcomharbacht ar Mháirín Ní Chonghaile.

I ráiteas ón Oireachtas dúradh gur shaothraigh Micheál Mac Aogáin “ar an iliomad coistí Oireachtais thar na mblianta” agus gur thuill sé “ardmheas, i measc na n-oifigeach agus na gceoltóirí araon”.

Tá Micheál Mac Aogáin ag tarraingt ar an Oireachtas ó bhí sé ina mhac léinn i mBaile Átha Cliath sna seascaidí. Chuireadh sé isteach ar na comórtais cheoil nó gur ceapadh é ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais sna seachtóidí. Bhí baint mhór aige ó shin leis na comórtais uirlise go háirithe.

Dúirt Mac Aogáin tráthnóna gur iomaí “laoch” a mhúscail a ghrá “don cheol, don Ghaeilge agus do na hamhráin dhúchasacha”. 

“Tá an tsamhail chéanna sin agam féin do mo théarma mar Uachtarán ar an Oireachtas, tuiscint a leathnú i dtaobh an tsaibhris dhosháraithe sin i saol an duine a chothaítear de réir mar a osclaímid ár n-aigne agus ár gcroíthe do na healaíona agus mar a dhéanann muid a gcuid féin daoibh.   Is le gach aon naíonán sa tír an oidhreacht luachmhar atá againn –  an Ghaeilge, na taibh-ealaíona dúchasacha, an cultúr, an drámaíocht – na bunchlocha ar a bhfuil gach aon ghníomhaíocht de chuid an Oireachtais tógtha.”

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, go raibh “seirbhís dhílis, dhíograiseach” tugtha ag Micheál Mac Aogáin don Oireachtas. “Tá ríméad orm fáilte a chur roimhe mar Uachtarán ar an Oireachtas, eagraíocht a dtug sé tacaíocht chroíúil, fhlaithiúil di i gcónaí.  Guím rath agus gach sonas air i mbun na hoifige seo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha.

Fág freagra ar 'Uachtarán nua insealbhaithe ag Oireachtas na Gaeilge'

  • Carmel Nic Airt

    Rath Dé ort I mbun do shaothair!

  • Peadar T Mac Ruairí

    Comhgháirdeas Mícheál! Tuillte go maith. Gach rath ort agus ar an Oireachtas.

  • Pádraig Ó CEITHEARNAIGH

    Comhghairdeas a Mhichíl. Muid an-mhórálach asat i mBéal Átha na Slua. Go maire tú do ghradam.