Bhíos istigh ag cruinniú míosúil na Comhairle Contae anseo i gCiarraí an lá eile. Is mó rud a bhíonn ag na Comhairleoirí á phlé, agus is mó rún a bhí á rith acu. Bhíomar ag máinneáil linn go breá socair, na comhairleoirí ag ainliú tríd na gceisteanna agus na rúin, gan aon mhóraighneas agus gan puinn allagair. Níl an dáil seo ar chuma na dtionól ar an gcoigríoch, go mbíonn leiceadair agus doirne á dtarrac acu ar a chéile.
Ach ar aon chuma, rith an Chomhairleora Pat McCarthy, Fine Gael, a chuir chun cainte iad. Theastaigh uaidh go dtabharfaí rialacha agus treoirlínte isteach i dtaobh an tslí ina mbíonn Comhairleoirí agus Teachtaí Dála gléasta. Dúirt sé go raibh sé náireach an tslí ina mbíonn cuid de na Teachtaí Dála gléasta agus go bhfuil drochmheas á léiriú acu ar an ngradam a bhí tugtha ag muintir na hÉireann dóibh. Ní gá duit bheith id’ Bhleachtaire Cigire le tuiscint gur ag trácht ar Theachtaí Dála na heite clé a bhí an Cárthach.
Ghríosaigh san iad. Cathaoirleach an Chontae, Michael D. O’Shea, ag rá go raibh an ceart ar fad ag McCarthy, agus gur rún thar a bheith cróga a bhí á rith aige. Bhí an focal cut á úsáid go minic i rith an phlé – gur náireach an chut a bhíonn ar Theachtaí Dála áirithe, agus gur ceap magaidh a gcut os comhair an tsaoil.
Chugainn Johnny Healy-Rae, é lán de cheol is d’anam. Dúirt sé nach gcuireann cúrsaí faisin puinn tinnis air, chomh fada is go mbíonn nithe áirithe clúdaithe. Dúirt sé go raibh súil aige go raibh a léine maith go leor don gComhairleoir McCarthy, mar gurb í an chéad léine a bhuail leis nuair a d’oscail sé an preas ar maidin. Sin díreach a dúirt sé, focal ar fhocal, cé gur i mBéarla a dúirt sé é – “’Twas the very first shirt I met when I opened the press this morning.”
Ní hé an t-éadach a bhí tábhachtach, a dúirt Johnny, ach an méid a bhí laistigh den bhall coirp nach mbíonn aon éadach air – an cloigeann.
Ní raibh aon ghéilleadh ag an gComhairleoir Toiréasa Ferris, don rún, ná don ndíospóireacht, agus bhí sí bun-bhailithe den gcéipear.
Caint gan bun gan dealramh ab ea í bheith ag rá gur rún ‘cróga’ a bhí anseo. Fiú dá nglacfaí leis mar rún, ní bheadh aon éifeacht leis. Níor cheart duine a léamh óna chuid éadaigh, a dúirt Ferris, agus mhaígh sí gur thug gach a raibh sa tseomra urraim chuí dá n-oifig, agus nach raibh de cheart ag éinne sa tionól seo bheith á iompar féin mar Phóilín Éadaigh.
Lena gceart a thabhairt do Chomhairleoirí Contae Chiarraí, bíd ar fad dea-ghafa agus dea-ghléasta. Ní bhíonn craic tóna nó cosán giorria le feiscint ag na cruinnithe seo.
Bhí Dónal Grady, Neamhspleách, lán de mhaoithneachas agus é ag cáiseamh na laethanta breátha anallód nuair a bhíodh éide de shaghas ar Chomhairleoirí baile – treabhsar agus seaicéad suaithinseach – agus mhol go dtabharfaí éide isteach dos na Comhairleoirí Contae.
“An ndéanfadh Léine Ghorm tú?” a d’fhiafraigh Patrick Connor-Scarteen, Fine Gael, de le teann magaidh.
Chugainn Johnny arís. “Nach mbíodh dhá stoca dhifriúil ar bhur gceannaire fadó?” a bhéic sé ar Chonnor, “agus bhí sé ina Thaoiseach ar an tír!”
B’in an chraic. Cuileachta acu agus cuileachta orthu i gComhairle Contae Chiarraí.
Fág freagra ar '‘Twas the very first shirt I met when I opened the press this morning’ – na póilíní faisin amuigh i gCiarraí'