Tús i Sasana leis an dara tréimhse dianghlasála, srianta fós á bplé sa Tuaisceart

Tá sé socraithe ag Rialtas na Breataine infheistíocht mhór a dhéanamh sa tástáil ghasta don chóróinvíreas, tástáil nach dtógann ach roinnt nóiméad

Tús i Sasana leis an dara tréimhse dianghlasála, srianta fós á bplé sa Tuaisceart

Anocht a chuirfear tús i Sasana leis an dara tréimhse dianghlasála a mhairfidh go dtí an 2 Nollaig.

Mar atá sa tír seo ní bheidh cead oscailte ag tithe tábhairne, bialanna, ionaid aclaíochta ná aon siopa nach bhfuil ag díol earraí riachtanacha ach beidh scoileanna agus coláistí ar oscailt.

Tá an Feidhmeannas in Stormont fós ag iarraidh teacht ar chinneadh faoi na srianta sa tuaisceart. Tiocfaidh deireadh leis na srianta ag meán oíche amárach mura bhféadann na feisirí a mhalairt de chinneadh a dhéanamh roimhe sin. Síleadh roimhe seo gur ag meán oíche anocht a thiocfadh deireadh leis na srianta.

Seo an ceathrú lá ag polaiteoirí Stormont ag plé cheist na srianta agus stop á chur ag an DUP leis an moladh go gcuirfí síneadh ama leo.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 15 bás eile de dheasca an Covid-19. 11 a bhásaigh le lá anuas. 548 cás nua den ghalar a deimhníodh.

825 duine atá básaithe ó thuaidh den teorainn go dtí seo de dheasca na paindéime. 45,241 cás a deimhníodh go nuige seo.

Idir an dá linn, tá sé socraithe ag Rialtas na Breataine infheistíocht mhór a dhéanamh sa tástáil ghasta don chóróinvíreas, tástáil nach dtógann ach roinnt nóiméad.

Níl eolaithe ná lucht leighis ar aon intinn faoi chruinneas ná éifeacht na tástála ach tá sí saor agus sciobtha agus is féidir í a dhéanamh sa scornach nó ar sheile.

Ach deimhniú a fháil ón tástáil go raibh tú glan ar an víreas, bheadh tú ábalta dul ag obair agus i measc an chomhluadair. Tá sé i gceist chomh maith pobal iomlán Learphoill a thástáil.

Fág freagra ar 'Tús i Sasana leis an dara tréimhse dianghlasála, srianta fós á bplé sa Tuaisceart'