TÚS NA SRAITHE IOMÁNA: Seachtain fhíortábhachtach amach roimh Loch Garman agus Davy

JOHN ALLEN: Agus tús á chur les Sraith Iománaíochta 2017, d’fhéadfadh gur i Roinn 1b a bheidh na coimhlintí is suimiúla an deireadh seachtaine seo

TÚS NA SRAITHE IOMÁNA: Seachtain fhíortábhachtach amach roimh Loch Garman agus Davy

INPHO/Ryan Byrne

Caithfear isteach an sliotar den chéad uair i sraith na bliana ag a cúig um thráthnóna i bPáirc an Chrócaigh nuair a imreoidh seaimpíní na tíre, Tiobraid Árann in aghaidh foireann óg na hardchathrach.

Níos déanaí beidh aird lucht na hiomána ar Pháirc Uí Rinn i gCorcaigh,  áit a gcasfaidh an fhoireann baile agus curaidh na sraithe, Contae an Chláir, ar a chéile.

Dá mbeinn ag tuar cén chontae a bheidh ag filleadh Roinn 1b nuair a bheidh deireadh déanta, bheinn ag ceapadh go mbeidh sé idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath, agus is mó seans fós a bheidh ann gur fir na hardchathrach a bheidh i gceist  má éiríonn le Cuala cluiche leathcheannais na gclubanna a bhuachan. D’uireasa imreoirí Chuala beidh Baile Átha Cliath, atá gann ar imreoirí a bhfuil taithí acu, faoi bhrú.

Ach dar ndóigh ní bhíonn néal gan ghealán, agus tá seans breá ag ógánaigh Átha Cliath a chruthú don bhainistíocht go bhfuil siad ullamh don chéim in airde atá tugtha dóibh.

Maidir le Corcaigh, tabharfaidh a mbua i sraith na Mumhan muinín éigin dóibh agus iad á fhéachaint le Contae an Chláir, ach ceapaim go mbeidh sé deacair orthu fanacht sa phríomhroinn don chéad séasúr eile. 

Níor ghlac Tiobraid Árann aon pháirt i sraith na Mumhan i mbliana agus dá bharr sin is deacair léamh orthu faoi láthair. Dar ndóigh, bhíodar thar barr sa chraobhchomórtas anuraidh agus má bhíonn na himreoirí céanna, agus cúpla duine óg eile, ar fáil dóibh, ní bheidh siad i bhfad ón duais mhór arís i mbliana. Ach níl againn fós ach mí Feabhra agus caithfimid fanacht go dtí a seacht an chloig anocht féachaint an bhfuil teaspach arís ar na Tiobraid Árannaigh.

Imreofar cluiche deireanach Roinn 1b amárach i bPáirc Uí Nualláin Chill Chainnigh nuair a thiocfaidh Port Láirge ar cuairt.

Bhí dhá chluiche craoibhe iontach idir na foirne seo anuraidh, agus pé rud faoi gcaighdeán imeartha a bhíonn ann an tráth seo den bhliain, bí cinnte de nach mbeidh aon easpa iarrachta ón dá fhoireann. Bhuaigh Cill Chainnigh a gcéad chorn an Domhnach seo caite agus cuid mhaith imreoirí ‘nua’ ar an bhfoireann. Feicfimid conas mar a bheidh acu amárach i gcoinne na nDéise.  

Is mó spéis agamsa sna cluichí i roinn 1b. Tá seacht lá thar a bheith tábhachtach amach roimh Loch Garman agus a mbainisteoir nua, Davy FitzGerald, mar d’fhéadfadh a bhfeachtas sraithe a bheith thart roimh dheireadh na seachtaine seo.

Bhí ionadh orm a léamh, ag deireadh mhí na Samhna  go raibh sé ar intinn ag FitzGerald go n-imreodh Loch Garman dosaen cluichí a roimh an gcéad chluiche sraithe. Tuigim anois cén fáth.

Ó ainmníodh FitzGerald sa phost, is cosúil go bhfuil an-suim go deo ag muintir an chontae sna hiománaithe agus go raibh slua mór ag cluichí Bhord na Móna le déanaí.

Beidh an-slua acu amárach cinnte nuair a thiocfaidh Luimneach ar cuairt. Tá Davy á rá cheana féin nach bhfuil aon bhrú orthu féin. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Tuigimse go maith gur mhaith leis gach cluiche a bhuachan beag beann ar an méid a bhíonn le rá go poiblí aige.

Seachtain ón Domhnach, beidh siad ag taisteal go Staid an Phiarsaigh sa Ghaillimh.

Má chailleann siad an chéad chluiche, beidh sé deacair orthu ardú céime a bhaint amach ach má chailleann siad an dara ceann, beidh deireadh leis an aisling sin.

Mar sin seachtain fhíortábhachtach atá amach rompu ag na Déise.

Mar fhocal scoir, chuir Baile Uí Aodha agus Naomh Tomás an-tús leis an séasúr iománaíochta Dé Sathairn seo caite. Tá súil againn go leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar seo, béim níos mó ar an ionsaí agus níos lú béime ar chosantóirí le cois. Más amhlaidh a bheidh, beidh an-bhliain iomána againn.

Fág freagra ar 'TÚS NA SRAITHE IOMÁNA: Seachtain fhíortábhachtach amach roimh Loch Garman agus Davy'