Tús maith déanta ag ‘Come Home’ ach ní fheadar fós cá bhfuil a thriall

Éiríonn le Christopher Ecclestone Tadhg an mhargaidh in am an ghátair a léiriú go paiteanta i ‘Come Home’

Tús maith déanta ag ‘Come Home’ ach ní fheadar fós cá bhfuil a thriall

Is comhghuaillíocht idir BBC agus RTÉ a sholáthair dúinn an tsraith drámaíochta trí chlár Come Home (RTÉ agus BBC aréir). Scéal thairis b’fhéidir ach b’ait liom go raibh uair an chloig agus ceathrú de bhuntáiste ag an mBeeb. Ar aon nós, is lánúin ó Bhéal Feirste iad Greg (Christopher Eccleston) agus Marie (Paula Malcomson) a bhí pósta le tarrac ar fhiche bliain nuair a chinn Marie, gan choinne, droim láimhe a thabhairt dá fear agus a triúr páistí.

Ní nach ionadh tá idir alltacht agus uafás ar an teaghlach, an cailín óg ach go háirithe.

Sa chéad ghála bhíomar i bhfochair an teaghlaigh aon mhí dhéag tar éis do Mharie bualadh amach an doras uathu agus chonaiceamar an lorg atá fágtha ag an tubaiste seo orthu.

Sa chéad radharc bhí Greg ag éalú isteach i dtigh a iarmhná céile i ngan fhios; i bhfaiteadh na súl deineadh sin a theilgean siar coicís agus ba í an tréimhse eachtrúil sin a bhí faoi chaibidil i gclár na hoíche aréir. Is léir uaidh sin go mbeidh iardhearcaí lárnach sa chur chuige agus bhíomar siar is aniar tríd na blianta i gcaitheamh an chláir.

Ba léir ós na hiardhearcaí seo go bhfuil uisce faoi thalamh éigin ann agus is cinnte go dtiocfaidh eachtra nó eachtraí tromchúiseacha chun cinn de réir mar a bhogfaimid tríd na gálaí. Cuireadh abhaile orainn go mb’fhéidir nach bhfuil Greg chomh neamhchiontach sin ar fad i ndeireadh na dála.

Beidh peirspictíocht dhifriúil á cíoradh ins gach clár; aréir ’sé an teaghlach a bhí i lár an aonaigh. Dá bharr is beag am ar scáileán a bhí ag an gceann feadhna baineann; is cinnte nach amhlaidh a bheidh amach anseo.

Ní nach ionadh tá Greg in ísle brí agus ag strácáil leis an saol. É ar a chroí díchill saol an teaghlaigh a choiméad sa tsiúl; an bheirt chailíní á seoladh ar scoil aige agus an mac ag obair taobh leis ina gharáiste. É ag tochailt ar shuíomhanna geandála le teacht ar chomhluadar ban agus aréir dhein an fear bocht cac sleaidí ceart do choinne amháin. Éiríonn le Ecclestone Tadhg an mhargaidh in am an ghátair a léiriú go paiteanta agus deineadh cúpla mír ghrinn mhaith a sholáthar chomh maith.

Eascraíonn gaol rómánsúil de shaghas idir é agus an bean na sangwitsí Brenna (Kerri Quinn). De bhunadh an lucht oibre í Brenna, faoi mar a thugann an mac méanaicmeach le fios dúinn go tarcaisniúil.

Ina theannta sin is bean í a bhfuil a deacrachtaí féin aici agus cuireann a fear foréigneach sraith eachtraí sa tsiúl a fhágann Brenna agus a mac in aon tíos le Greg agus a chlann. Is go caolchúiseach, ar dtús ar aon nós, a léirítear tuiscintí meánaicmeacha an teaghlaigh ag brú in aghaidh  mheon lucht oibre na mná. Is cinnte go ndéanfar tuilleadh scagtha air seo sna gálaí atá le teacht.   

Tús maith ach nílimid cinnte fós cá bhfuil ár dtriall; is dócha nach aon drochrud é sin.

Fág freagra ar 'Tús maith déanta ag ‘Come Home’ ach ní fheadar fós cá bhfuil a thriall'