Tús feachtais agus Kamala Harris roghnaithe mar leathbhádóir ag Joe Biden i rás na huachtaránachta i Meiriceá

An dara bean den chine gorm i Seanad Mheiriceá ag seasamh an fhóid le hiarrthóir na nDaonlathach

Tús feachtais agus Kamala Harris roghnaithe mar leathbhádóir ag Joe Biden i rás na huachtaránachta i Meiriceá

Feicfear Joe Biden agus Kamala Harris le chéile go poiblí inniu in Delaware sna Stáit Aontaithe, an chéad uair ó d’fhógair Joe Biden inné gurb í an Seanadóir Harris atá roghnaithe aige le bheith mar iarrthóir do leas-uachtaránacht na Stát Aontaithe ina theannta. Tá sé roinnt mhaith míonna ó gheall Biden gur bean a bheadh ar an ticéad in éineacht leis. Cé nár dhúirt sé gur bean den chine gorm a bheadh inti tá an tuairimíocht ag treisiú le tamall gurbh amhlaidh a bheadh.  An chéad gheallúint den fheachtas comhlíonta mar sin.

Níl aon amhras ach go bhfuil an cinneadh seo stairiúil. Ní hí Harris an chéad bhean a roghnaíodh mar iarrthóir leas-uachtaránachta sna Stáit Aontaithe. Bhí Geraldine Ferraro ina hiarrthóir in éineacht le Walter Mondale i 1984. Bhí Sarah Palin ina hiarrthóir don leasuachtaránacht in éineacht le John McCain in 2008. Níor éirigh le ceachtar acu. Tá gach cosúlacht ar chúrsaí go bhfuil seans maith ag Biden agus Harris.

Tá a hainmniúchán stairiúil ar chúiseanna eile freisin.  Má thoghtar Biden i mí na Samhna beidh sé i bhfoisceacht dhá bhliain do na ceithre scór nuair a insealbhófar é i mí Eanáir seo chugainn agus dhá bhliain lena chois faoi cheann ceithre bliana nuair a bheidh an téarma ag teacht chun críche. Glactar leis nach mbeidh Joe Biden ag cur a ainm chun cinn don dara tréimhse mar uachtarán in 2024. Dá réir sin, tá sé ionann is cinnte go mbeidh deis ag an leas-uachtarán tabhairt faoin Uachtaránacht ag an tráth sin agus go bhfeicfear ar deireadh thiar bean sa Teach Bán.

Cé hí Kamala Harris? Seanadóir as California ach ní as an gcuid sin de Chalifornia is mó a bhfuil cloiste againn faoi. Rugadh Harris in Oakland atá trasna an chuain ó San Francisco. Cathair bhocht í ina bhfuil pobal mór den chine gorm agus an t-uafás bochtanais agus daoine gan dídean. Bean í a chaith roinnt blianta mar Ard-Aighne i gCalifornia agus thuill sí cáil mar bhean a bhí géar ar choiriúlacht.  Le linn na tréimhse sin chuir sí aithne ar mhac le Joe Biden, Beau, nach maireann, a bhí ina Ard-Aighne in Delaware.

Toghadh ina Seanadóir í in 2017, an dara bean den chine gorm i Seanad na Stát Aontaithe. Tá cúlra spéisiúil ag Harris, de bhunadh na Mara Cairib, oileán Iamáice agus dheisceart na hIndia. Ní bheidh lucht tacaíochta Bernie Sanders iomlán sásta léi mar iarrthóir mar nach mbeadh sí chomh fada ar eite chlé na nDaonlathach agus ba mhaith leo. Ba cheart, os a choinne sin, go meallfadh sí vótaí sa mbreis do na  Daonlathaigh go háirithe sna Stáit chinniúnacha sin a chaithfidh na Daonlathaigh a ghnóthachtáil más leo le bheith sa Teach Bán mí Eanáir seo chugainn.

Inniu a chuirfear tús leis an gcomhghuaillíocht in Wilmington Delaware. Beifear dá faire go géar.

Fág freagra ar 'Tús feachtais agus Kamala Harris roghnaithe mar leathbhádóir ag Joe Biden i rás na huachtaránachta i Meiriceá'