Tús curtha le ‘Rith’ 2016 agus an fhéile ag tabhairt cuairte ar 32 contae den chéad uair

As seo go ceann 11 lá, beidh na reathaithe ag dul trí na contaetha eile ar fad sula gcríochnóidh an ‘ollrith náisiúnta’ i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath

Rith

Den chéad uair riamh beidh ‘Rith’ ag tabhairt cuairte ar chontaetha uile na hÉireann.

Cuireadh tús inniu le Rith 2016 ag Teach Bhaile an Chaisleáin i gContae Chill Dara ag 9.30 ar maidin. As seo go ceann 11 lá, beidh na reathaithe ag dul trí na contaetha eile ar fad sula gcríochnóidh an ‘ollrith náisiúnta’ i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Tá cúrsa 800km leagtha amach don rith sealaíochta agus tá lucht a heagraithe ag súil go mbeidh na mílte daoine ag glacadh páirte ann. Ghlac suas le 30,000 páirt i Rith 2014 agus tá Conradh na Gaeilge ag maíomh go mbeidh os cionn 50,000 ag rith i mbliana.

Tá ‘teachtaireacht dóchais’ scríofa ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, sa bhata a bheidh á bhreith leo ag na reathaithe. Cuirfear an bata seo ar aghaidh ó dhuine go duine ar feadh an reatha go dtí go mbainfear an ardchathair amach.

Is í Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, a léifidh teachtaireacht an Uachtaráin ag Coláiste na Tríonóide sula gcuirfear críoch spleodrach le Rith 2016 le ceolchoirm sráide le Seo Linn, ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge.

Tá gach ciliméadar den chúrsa ‘urraithe’ ar €100 an ciliméadar agus cuirfear an t-airgead a bhailítear i gciste speisialta ‘chun tacú le tionscnaimh a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga phobail’.

“Is ardú croí agus meanman dúinn ar fad é nuair a thagann na mílte daoine amach ar bhóithre na hÉireann chun tacú leis an teanga. Ní hamháin gur cuid speisialta é Rith 2016 de Sheachtain na Gaeilge i mbliana, ach is cuid lárnach é chomh maith de Chomóradh Éirí Amach 1916.

“Tá na céadta grúpaí éagsúla idir scoileanna, ghrúpaí pobail áitiúla, chlubanna spóirt agus go leor leor eile tar éis ciliméadar a cheannach do Rith 2016 cheana féin!” a dúirt cathaoirleach Rith, Marcus Mac Ruairí.

Is féile dhébhliantúil é Rith agus cuireadh tús leis sa tír seo in 2010. Is í Éire an tríú tír atá tar éis a leithéid d’imeacht teanga a reáchtáil. Thosaigh Korrika i dTír na mBascach i 1980 agus glacann níos mó ná leathmhilliún duine páirt ann. Thosaigh Ar Redadag sa Bhriotáin in 2008 agus Ras yr Iaith sa Bhreatain Bheag sa bhliain 2014.

Fág freagra ar 'Tús curtha le ‘Rith’ 2016 agus an fhéile ag tabhairt cuairte ar 32 contae den chéad uair'