Tús curtha le dúshlán cúirte páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu

Maítear gur chlis an tAire Oideachais agus an stát ina ndualgas nuair nár osclaíodh na scoileanna do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu

Tús curtha le dúshlán cúirte páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu

Cuireadh tús le cás san Ard-Chúirt inniu ag éileamh dearbhú ón gCúirt gur chlis an tAire Oideachais agus an stát ina ndualgas bunoideachas cuí agus sásúil a chur ar fáil nuair nár osclaíodh na scoileanna do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. 

Athbhreithniú breithiúnach atá á lorg sa chás agus na páistí agus a dtuismitheoirí ag maíomh gur chlis ar an Stát ina dhualgas, mar atá leagtha amach sa mBunreacht agus in Acht Oideachais 1998. 

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu nach raibh sé ceadaithe aon duine de na páistí ná a dtuismitheoirí a bhfuil baint acu leis an gcás a shainaithint. 

Roinnt leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag tógáil an cháis san Ard-Chúirt i gcoinne chinneadh an Aire Oideachais gan na scoileanna a oscailt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. 

Cúig chás atá i gceist sa gcúirt mar shampla ionadaíoch ó 230 tuismitheoir.

Lorg dlíodóirí na leanaí ordú sainordaitheach ar an gcúirt chun iallach a chur ar an Aire agus ar an Stát an t-oideachas cuí agus sásúil sin a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais faoi leith acu. 

Dúirt an tAbhcóide Sinsearach, Derek Shorthall leis an mBreitheamh Charles Meenan gur 4% de dhaltaí uile na scoileanna atá  i dteideal seirbhísí speisialta oideachais agus gur leanaí iad seo nach rachadh teagasc sa bhaile chun sochair dóibh. 

Mhínigh an t-abhcóide go raibh cuid de na leanaí ag freastal ar scoileanna speisialta agus cuid eile ar ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha. 

Dúirt sé go raibh fadhbanna ag cuid de na leanaí agus iad á ngortú féin agus go gcuirfí “cruachásanna” eile faoi bhráid na cúirte sa chás seo.

Dúirt an Breitheamh go raibh ordú á lorg acu a chuirfeadh iallach ar an Aire na scoileanna a oscailt ach go bhféadfadh an tAire a rá “sin atá uainn ach níl aon duine lena reáchtáil”. 

Faoin Aire agus na ceardchumainn an cheist sin ach is ar an Aire atá “an dualgas” oideachas a chur ar fáil, a dúirt Shortall. Dé Luain a bheidh an cás ar ais os comhair na cúirte.

Fág freagra ar 'Tús curtha le dúshlán cúirte páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu'