Tús curtha ag an Rúis leis an ‘troid ar son an Donbas’ – Zelensky

Scaoil an Rúis baráiste diúracán fadraoin ar fud na hÚcráine sular cuireadh tús lena mórionsaí ar oirthear na tíre

Tús curtha ag an Rúis leis an ‘troid ar son an Donbas’ – Zelensky

Tá an “troid ar son an Donbas” tosaithe, a deir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.

Dúirt Zelensky go raibh tús curtha ag an Rúis lena mórionsaí ar oirthear na tíre.

“Is féidir linn a dheimhniú go bhfuil tús curtha ag trúpaí na Rúise leis an troid ar son an Donbas, troid a bhfuil siad ag ullmhú di le fada,” a dúirt sé.

Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig oirthear na tíre, arsa Zelensky.

“Is cuma cé mhéad saighdiúir a chuirfear ann, déanfaimid sin féin a chosaint. Troidfimid. Ní ghéillfimid aon rud a bhaineann leis an Úcráin.”

Dúirt ceann foirne Zelensky gurb ionann an t-ionsaí ar an oirthear agus “an dara cuid” den chogadh.

Níos luaithe inné, scaoil an Rúis baráiste diúracán fadraoin ar fud na hÚcráine. Dúirt údaráis na hÚcráine gur maraíodh 17 duine ar a laghad sna hionsaithe, ina measc seachtar in Lviv san iarthar.

Cathair í Lviv ar éirigh léi an chuid is measa de na hionsaithe a sheachaint go dtí seo agus ba thearmann í do na mílte teifeach dá bharr.

Dúirt údaráis na Rúise gur buaileadh na céadta sprioc ar fud na hÚcráine le diúracáin agus airtléire.

Dhealraigh sé gur ag fáil faoi réir don ionsaí ar an Donbas a bhí fórsaí na Rúise.

Dúirt an Úcráin gur chuir an Rúis tús le hionsaí talún san oirthear i ndiaidh an bharáiste diúracán fadraoin. Cuireadh tús leis an ionsaí ar fhronta 300 míle, a dúradh.

Tuairiscíodh chomh maith go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh an Rúis ar tí cathair Mariupol ar fad a ghabháil faoi dheireadh.

Tá súil ag fórsaí Mhoscó bealach ar tír a fháil idir an Chrimé agus an t-oirthear. An chonstaic is mó atá rompu san obair sin ná an chosaint dhiongbháilte atá déanta ag an Úcráin ar Mariupol, an chathair chalafoirt scriosta atá faoi léigear ó thús an ionraidh.

Ba shampla eile den diongbháilteacht sin an tslí ar dhiúltaigh saighdiúirí de chuid na hÚcráine a bhí teanntaithe i monarcha cruach a gcuid arm a chur uathu.

Fág freagra ar 'Tús curtha ag an Rúis leis an ‘troid ar son an Donbas’ – Zelensky'