TÚS AN BHREATIMEACHTA: ‘Is ócáid stairiúil í seo nach bhfuil aon dul siar uirthi’ – May

Ag labhairt di i Westminster agus an litir imeachta seachadta, dúirt Príomh-Aire na Breataine gur ‘deis iontach’ a bhí sa Bhreatimeacht

TÚS AN BHREATIMEACHTA: ‘Is ócáid stairiúil í seo nach bhfuil aon dul siar uirthi’ – May

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May nach bhfuil aon “dul siar” ar an mBreatimeacht agus gur lá stairiúil i stair na Breataine atá sa lá inniu.

Chuir Ambasadóir na Breataine chun an AE an litir inar fógraíodh go hoifigiúil go bhfuil tús á chur leis an mBreatimeacht faoi bhráid Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk, tráthnóna.

Ag labhairt di i Westminster agus an litir seachadta, dúirt May gur “deis iontach” a bhí sa Bhreatimeacht chun saol “níos fearr” a chruthú sa Bhreatain.

“Tá an Rialtas ag gníomhú inniu de réir thoil dhaonlathach mhuintir na Breataine agus ar thoil shoiléir dhiongbháilte na parlaiminte seo.

“Tá an próiseas faoi Alt 50 ar bun anois de réir mhianta mhuintir na Breataine, agus tá an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh,” a dúirt an Príomh-Aire.

Dúirt sí go mbeadh an Bhreatain fós ar an “gcara is fearr” ag ballstáit an AE, ach go mbeadh súil aici freisin ar na tíortha lasmuigh de theorainneacha na hEorpa.

D’fhéadfaí, a dúirt sí, aghaidh a thabhairt ar an todhchaí le “misneach” agus “dóchas” agus muinín a chur i “spiorad dochloíte na Breataine”.

“Is ócáid stairiúil í seo nach bhfuil aon dul siar uirthi,” arsa May.

Fág freagra ar 'TÚS AN BHREATIMEACHTA: ‘Is ócáid stairiúil í seo nach bhfuil aon dul siar uirthi’ – May'

  • Pól Réamonn

    Ócáid nár thacaigh sí.