Tús á chur leis an bpleanáil d’athbhreithniú ar chóras conspóideach díolúintí  

Mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh córas nua rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine sa chóras nua ach de réir na bhfigiúirí is déanaí a mhalairt atá tarlaithe

Tús á chur leis an bpleanáil d’athbhreithniú ar chóras conspóideach díolúintí  

Deir an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil tús curtha leis an “obair phleanála” don athbhreithniú atá le déanamh ar an gcóras nua díolúine Gaeilge a tugadh isteach anuraidh.

Mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh an córas rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine sa chóras nua ach de réir figiúirí nua tháinig méadú 39% ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh sna bunscoileanna, ó 1,524 in 2019 go dtí 2,117 in 2020.

Gealladh nuair a tugadh isteach an córas conspóideach nua go ndéanfaí athbhreithniú air tar éis dhá bhliain.

Cé gur tháinig laghdú ar líon iomlán na ndíolúintí ag an dara leibhéal –ó 12,059 in 2019 go dtí 11,098 in 2020, tháinig ardú 11% ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ó tugadh isteach an córas nua.

De réir figiúirí nua a foilsíodh ar Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, 6,686 díolúine ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh in iarbhunscoileanna an stáit ar bhonn deacrachtaí foghlama sa scoilbhliain 2020-2021, i gcomparáid le 6,026 an bhliain roimhe sin.

Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana, Meán Fómhair seo caite, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Sular tugadh an córas nua isteach, thug saineolaithe oideachais amhail an tOllamh Pádraig Ó Duibhir rabhadh go bhfágfadh na socruithe nua gurb amhlaidh go mbeadh níos mó díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí seachas a mhalairt.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Déan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh an tuar tagtha faoin tairngreacht.

“Bunaithe ar na figiúirí go dtí seo, breathnaíonn sé go bhfuil an toradh ar leasú na Roinne a rabhthas ag súil leis, sin go mbeadh sé níos fusa díolúine a fháil agus go bhfuil ardú ar na figiúirí dá réir,” arsa an tOllamh Ó Duibhir.

Sular tugadh an córas nua isteach, d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíodh 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtaí do dhaltaí “mícheart” agus mhaígh siad go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófaí.

Fág freagra ar 'Tús á chur leis an bpleanáil d’athbhreithniú ar chóras conspóideach díolúintí  '

  • Caitríona

    Ollaimh léinn & eagrais Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt breithiúnais ar stad na Gaeilge, cén t-iontas go bhfuil géarchéim teanga ann!!