Tús á chur le séasúr nua agus an United Rugby Championship

Bheadh sé an-dona d’aon fhoireann an chéad chluiche baile a chailliúint

Tús á chur le séasúr nua agus an United Rugby Championship

Cé gur imir na Cúigí ar fad cúpla cluiche réamhshéasúir cheana féin, cuirfear tús oifigiúil an deireadh seachtaine seo le séasúr rugbaí 2021/22. Ní hamháin go bhfuil tús séasúir nua linn, ach tá comórtas nua againn freisin.

Mar a bhí i gceist i gcás chomórtas an Pro 14, comórtas atá thart anois, is as na tíortha céanna, Éire, Albain, An Bhreatain Bheag, An Iodáil agus an Afraic Theas na foirne a bheas san iomaíocht sa gcomórtas nua.

Níl aon athrú ar na foirne as an limistéar seo a bheas páirteach sa gcomórtas nua seo ach is ceithre fhoireann nua ar fad, na Lions, na Stormers, na Bulls agus na Sharks a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Afraic Theas. Is fiú a lua go bhfuil caighdeán agus cumas imeartha na foirne nua ón Afraic Theas i bhfad níos airde ná na foirne ón tír sin a d’imir sa bPro 14 go dtí seo. Seans maith go gciallóidh sin nach mbeidh rudaí chomh héasca céanna ag leithéidí Chúige Laighean agus Chúige Mumhan, foirne a mbíodh greim láidir acu ar bharr thábla an chomórtais cúig thír go dtí seo.

Feicfidh muid linn, mar go mbeidh go leor ag brath freisin ar dhearcadh fhoirne na hAfraice Theas ar an gcomórtas. Feicfidh muid an gcuirfidh siad a gcéad rogha imreoirí chun páirce, go háirithe agus iad ag imirt sa limistéar seo.

Maidir le cluichí Bhabhta 1 an URC, beidh Cúige Uladh ag súil go dtabharfaidh imirt sa mbaile buntáiste dóibh agus iad I gcoinne ceann de na foirne is láidre sa gcomórtas, Glaschú. Thall sa mBreatain Bheag a bheas na Connachtaigh ag cur tús lena séasúr féin agus iad ag imirt i gcoinne Caerdydd. Is cinnte go mbeidh chuile fhoireann ag iarraidh tús dearfach a chur lena gcuid iarrachtaí, rud atá níos fusa do na foirne ón tír seo atá ag imirt anocht mar go bhfuil sean-aithne acu ar na foirne a bhfuil siad san iomaíocht leo. Ní hionann an cás ag Mumhain ná Laighin, foirne a bheas ag cur chun páirce amárach i gcoinne foirne a bheas siad á n-imirt acu den chéad uair ariamh, na Bulls agus na Sharks.

Is fiú a mheabhrú gur imir an dá fhoireann sin i gcraobhchluiche an Currie Cup, comórtas inmheánach rugbaí na hAfraice Theas, cluiche a bhuaigh na Bulls 44-10. Ní haon ábhar iontais dá bhrí sin go bhfuil Leo Cullen ag cur foireann an-láidir chun páirce, cé nach bhfuil fáil aige ar imreoirí a bhí ar thuras na Leon chuig an Afraic Theas.

Ní fiú dul sa seans go dtí go mbeidh faisnéis eicínt againn ar dhearcadh chlubanna na hAfraice Theas, go háirithe agus iadsan d’uireasa a gcuid imreoirí idirnáisiúnta atá fós páirteach sa Rugby Championship agus iad i gcoinne na All Blacks ar maidin amárach.

Tá na Muimhnigh chomh cúramach céanna faoin roghnú sin acu féin. Bheadh sé an-dona d’aon fhoireann an chéad chluiche baile a chailliúint.

Fág freagra ar 'Tús á chur le séasúr nua agus an United Rugby Championship'