Tús á chur inniu le feidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta agus ‘deis ar aitheantas’ ag scoileanna

Beidh 13 ‘sainchritéar’ le comhlíonadh ag scoileanna feasta más fúthu a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta

Tús á chur inniu le feidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta agus ‘deis ar aitheantas’ ag scoileanna

Tá tús á chur inniu le cur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais Gaeltachta a seoladh ar an gCeathrú Rua anuraidh.

Cuireadh ‘Foirm um Léiriú Spéise’ amach inniu chuig gach bunscoil agus iarbhunscoil sa Ghaeltacht, agus tá an Roinn Oideachais ag iarraidh ar na scoileanna sin ar mhaith leo aitheantas a fháil mar Scoil Ghaeltachta í a líonadh mar thús leis an bpróiseas.

Tá “sainchritéir teanga” leagtha amach ag an Roinn sa cháipéis a cuireadh amach in éineacht leis an bhfoirm. Beidh ar na scoileanna dul i gcomhairle le pobal uile na scoile — an príomhoide, na múinteoirí, an bord bainistíochta, an ETB, tuismitheoirí agus an lucht pleanála teanga sa cheantar — sula ndéanfar cinneadh an t-aitheantas a lorg.

Beidh 13 “sainchritéar” le comhlíonadh ag na scoileanna, ina measc clár tumoideachais dhá bhliain  “tráth nach múinfear Béarla ar bith” – a chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán. I ndiaidh ranganna na naíonán, beidh ar na scoileanna “cur chuige lántumtha” a chur i bhfeidhm ina múinfear gach ábhar, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge.

Beidh orthu acmhainní teagaisc Gaeilge a úsáid agus na hábhair éagsúla á múineadh agus gan an leagan Béarla den churaclam bunscoile a úsáid ar chor ar bith. Anuas air sin, más fúthu stádas Gaeltachta a fháil beidh ar na scoileanna “gach iarracht” a dhéanamh foireann teagaisc agus foireann choimhdeach a earcú atá líofa sa Ghaeilge, agus a bhfuil “tuiscint acu ar an gcleachtas oideolaíoch a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge”.

Luaitear sa cháipéis nua freisin coinníollacha a bhaineann leis an saol taobh amuigh den scoil. Beidh ar na scoileanna ar mhaith leo stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach tús áite a thabhairt don Ghaeilge sa chumarsáid a bhíonn acu le tuismitheoirí, leis an bpobal agus le grúpaí eile. Chomh maith leis sin, beidh ar an scoil tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar a bhfuil sí lonnaithe ann.

Anuas ar na sainchritéir sin, beidh ar scoileanna múinteoirí agus ionadaithe a chur chuig seimineáir agus ceardlanna de chuid COGG, agus comhairle a ghlacadh ó chigirí de chuid na Roinne Oideachais maidir lena spriocanna i dtaobh stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Beidh ar na scoileanna an fhoirm um léiriú spéise a líonadh agus a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi lár mhí an Mheithimh i mbliana. Cuirfear tús san fhómhar le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí na scoileanna a bheidh ag iarraidh stádas Gaeltachta agus beidh orthu plean gníomhaíochta a fhorbairt as sin go tús na bliana seo chugainn.

Cuirfear na pleananna gníomhaíochta faoi bhráid na Roinne ag deireadh mhí Eanáir 2018 agus déanfar measúnú orthu faoi mhí Aibreáin 2018. Nuair a bheidh an cinneadh déanta faoi stádas Gaeltachta a thabhairt do scoileanna, cuirfear na scoileanna ar an eolas faoi na hacmhainní breise a bheidh ar fáil dóibh toisc stádas scoil Ghaeltachta a bheith faighte acu. Deirtear go gcuirfear na hacmhainní sin ar fáil do na scoileanna ag tús an tsamhraidh 2018.

Cuirfear tús le cur i bhfeidhm pleananna gníomhaíochta na scoileanna faoin bPolasaí Oideachais nua i dtús na scoilbhliana 2018.

Dúirt an tAIre Oideachais Richard Bruton gur pléadh an cur chuige maidir le haitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach go “cuimsitheach le raon leathan eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus le grúpaí príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta”.

“Bhain tábhacht thar na bearta le dearcthaí na ndaoine aonair agus na ngrúpaí seo, mar aon le tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne agus a roinn, chun cruth a chur ar an Scéim seo,” a dúirt an tAire Bruton.

“Molaim do gach scoil sa Ghaeltacht féachaint le páirt a ghlacadh sa Scéim seo agus táim muiníneach go gcabhróidh sé seo le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sna pobail Ghaeltachta a thacú agus a chur chun cinn,” a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'Tús á chur inniu le feidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta agus ‘deis ar aitheantas’ ag scoileanna'

  • Máire

    Tá sé seo ar fad thar cionn, seachas rud amháin: ní oibreoidh sé gan leithroinnt bhreise múinteoirí (agus leithroinnt fhlaithiúil). Cén chaoi ar féidir dul i mbun plean gníomhaíochta mura bhfuil a fhios againn cé a bheidh ann chun an gníomh/obair bhreise a dhéanamh nó – níos measa fós – cibé a mbeidh múinteoirí breise ann ar chor ar bith!